Skip navigation

Tá sampla nach féidir a aithint de 5% den daonra ag clúdach athróga déimeagrafacha agus soch-eacnamaíocha agus tréithe tithíochta a bhaineann leo curtha ar fáil.

Tá cóip de thacar sonraí SAR lóisteáilte le Cartlann Sonraí Eolaíochta Sóisialta na hÉireann (ISSDA). Is féidir le ISSDA údarás a thabhairt do dhaoine gur scoláirí, foireann nó lucht taighde bona fide iad fáil a bheith acu ar na sonraí ar mhaithe le taighde eacnamaíoch agus sóisialta. Tá cosc na sonraí agus/nó aon torthaí a thagann as úsáid na sonraí a úsáid ar aon chúis eile gan cead a fháil ón bPOS. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa cháipéis PDF seo a leanas:

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa cháipéis PDF seo a leanas:

SAR Treoir an úsáideora 2006 (PDF 458KB)(as béarla)

Céartúchán ar rangú SARGEO a bhaineann leis na hathróga Áit Bhreithe agus Tír ina raibh Cónaí Roimhe.

Sa bhunleagan de SAR rinneadh stáit aontachais an AE (An Chipir, Poblacht na Seice, An Eastóin, An Ungáir, An Laitvia, An Liotuáin, Málta, An Pholainn, An tSlóvaic agus An tSlóivéin) a chódáil go mícheart faoi "99. Tíortha eile" in áit faoi "50. AE eile". Tá cód nua san áireamh sa chomhad athbhreithnithe: "51. AE15 - AE25 Stáit Aontachais". Cuireadh an leagan ceartaithe den chomhad ar fáil do ISSDA i mí Márta 2009. Ach, de bharr dearmaid níor déanadh an Treoirleabhar a thabhairt suas chun dáta go dtí mí Iúil 2010.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le SAR déan teagmháil le:

ISSDA
James McBride, Stiúrthóir,
Cartlann Sonraí Eolaíochta Sóisialta na hÉireann,
Institiúid Geary, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 4
Fón: (+353) 1 716 4612
R-phost: issda@ucd.ie
Idirlíon: http://www.ucd.ie/issda