Skip navigation

Mar chuid de chlár próiseála Dhaonáireamh 2006 rinneadh sonraí oibre gach fostaí a thaisteal chuig an obair a chódáil de réir tíreolaíochta. Tá comhad sonraithe ar fáil le hanailís a dhéanamh air ina bhfuil tréithe déimeagrafacha agus soch-eacnamaíocha na n-oibrithe seo ar fáil chomh maith le heolas maidir leis an áit ar thosaigh a dturais chun na hoibre agus a gceann scríbe.

Tá POWCAR ar fáil amháin faoi choinníollacha daingne do thaighdeoirí dáiríre atá ceadaithe ag an bPOS. Is é seo a leanas an próiseás iarratais:

Ní mór do dhaoine gur mian leo úsáid a bhaint as POWCAR iarratas i scríbhinn adhéanamh ag tabhairt eolais faoin taighde atá i gceist acu. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ó Aguisín 3 de Threoir an Úsáideora.

  • Nuair atá iarratas ceadaithe ag an bPOS, cuirtear conradh ar fáil don Údarás Taighde a chlúdaíonn úsáid na sonraí. Ní mór do Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Taighde an conradh a shíniú chomh maith le hArd-Stiúrthóir na POS. Is féidir teimpléad den chonradh a fheiceáil in Aguisín 4 de Threoir an Úsáideora.

  • Ní mór gach duine a fhaigheann cead breathnú ar na sonraí seo a bheith sínithe mar Oifigeach Staidrimh ar feadh tréimhse an taighde.

  • Cuirfidh an POS sonraí POWCAR ar fáil don Údarás Taighde ar feadh tréimhse an taighde.
  • Má tá tréimhse an taighde atá i gceist a dhéanamh níos faide ná bliain amháin, d'fhéadfaí conradh a shíniú ar feadh bliana ar a mhéid agus ansin go mbeadh ar an Údarás Taighde ath-iarratas a dhéanamh.
    Ní mór cead a bheith faighte roimh ré ón bPOS maidir le haon eolas ó POWCAR a fhoilsiú.

Tá tuilleadh eolais maidir lena bhfuil sa chomhad agus maidir le hiarratas a dhéanamh teacht ar na sonraí ar fáil sa cháipéis PDF thíos:

› Láthair Oibre - Áireamh ar Thaifid gan Tréithe Pearsanta Luaite (POWCAR) Treoir an Úsáideora (PDF 846KB)(as béarla)

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le POWCAR déan teagmháil le:

An Phríomh-Oifig Staidrimh, Campas Gnó Sord, Bóthar Bhaile Anraí , Sord, Co. Átha Cliath.
Fiosrúcháin an Daonáirimh: (01) 8951460/61/63/66
Facs: (01) 8951399
R-phost: census@cso.ie
Idirlíon: http://www.cso.ie