Your feedback can help us improve and enhance our services to the public. Tell us what matters to you in our online Customer Satisfaction Survey.
Triail Allamuigh an tSuirbhé Idirnáisiúnta maidir le Teagasc agus Foghlaim Ag Tosú go Láidir
Mínítear leis an bhfógra seo conas a úsáideann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) sonraí pearsanta ó Thriail Allamuigh an tSuirbhé Idirnáisiúnta maidir le Teagasc agus Foghlaim Ag Tosú go Láidir (‘Triail Allamuigh TALIS’). Soláthraítear leis an bhfógra seo faisnéis freisin, mar a cheanglaítear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).
Is suirbhé mórscála idirnáisiúnta é Suirbhé Idirnáisiúnta Teagaisc agus Foghlama Ag Tosú go Láidir (TALIS Ag Tosú go Láidir) ar bhaill foirne agus ar cheannairí sa Luathfhoghlaim agus sa Luathchúraim a reáchtáiltear faoi choimirce na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.
Déanann TALIS Ag Tosú go Láidir comparáid idir suíomhanna luath-óige laistigh de agus trasna tíortha, ag cur béime ar éagsúlacht laistigh de chórais agus ag aithint pointí comóntachta. Cuireann an fhaisnéis a fhaightear ó na sonraí eolas ar fáil agus éascaítear plé beartais faoi dhálaí oibre agus riachtanais oiliúna na foirne, rud a chabhraíonn le cáilíocht fhoriomlán an lucht saothair a fheabhsú.
Is é cuspóir na Trialach Allamuigh an suirbhé a thástáil chun aird a tharraingt ar aon fhadhbanna a bhaineann le próiseáil, córais a úsáidtear agus ceistneoirí.
Faoi Alt 24 d’Acht Staidrimh 1993, iarrtar ort an suirbhé a dhéanamh ar bhonn deonach agus beidh aon fhaisnéis a fhaightear amhlaidh faoi réir na srianta ar úsáid agus toirmeasc ar nochtadh faisnéise a shonraítear in ailt 32, 33, 34 agus 35 d’Acht Staidrimh 1993.
Ní bhainfear úsáid as na sonraí pearsanta a bhaileofar ach amháin chun críche na Trialach Allamuigh. Déanfar é a stóráil agus a choinneáil i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018. Is é Airteagal 6(1)(e) den GDPR, agus Alt 38(1)(b) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 an bunús dlí don phróiseáil — i.e. próiseáil chun tasc a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil.
Is é an cuspóir atá leis seo triail a bhaint as an suirbhé chun aird a tharraingt ar aon saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, córais a úsáidtear agus ceistneoirí.
Tá. Caitear le gach faisnéis a sholáthraítear don Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) mar fhaisnéis faoi rún daingean. Leagtar síos caighdeáin rúndachta dochta leis an tAcht Staidrimh, 1993: Ní féidir faisnéis a bhailítear a úsáid ach amháin chun críocha staidrimh, agus ní féidir aon mhionsonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine nó gnóthas gnó inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht rialtais eile.
Déanfar na sonraí a bhailítear le linn na Trialach Allamuigh a anaithnidiú ag an deireadh. Ní choinneofar na sonraí anaithnidithe, a bheas i seilbh an Comhlachas Idirnáisiúnta um Meastóireacht ar Ghnóthacháil Oideachais (IEA), agus na sonraí atá i seilbh na Príomh-Oifige Staidrimh a chuireann tú ar fáil sa suirbhé seo, níos faide ná Deireadh Fómhair 2025, faoi réir riachtanais suirbhé.
Iarrtar ar shuíomhanna cúram leanaí roghnaithe ainm, bliain bhreithe agus ról gach fostaí a sholáthar.
Dr Amanda Quail, Suirbhéireacht Talis
An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6, DO6FX52
Teileafón: (+353) 1 498 4000
Ríomhphost: talis@cso.ie
Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, tá na cearta seo a leanas agat:
Mar sin féin, toisc go bpróiseáiltear do chuid sonraí chun críocha staidrimh, d’fhéadfadh na cearta seo a bheith teoranta i gcomhréir le hAirteagal 89 den GDPR. Is amhlaidh atá toisc go bhféadfadh sé go bhfágfadh feidhmiú aon cheann de na cearta sin nach féidir an phróiseáil staidrimh a bhaint amach, nó go gcuirfí bac tromchúiseach ar an bpróiseáil sin agus go bhféadfadh sé go mbeadh gá leis an srian sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.