Fógra Trédhearcachta um Chosaint Sonraí
Ainm an tSuirbhé
Suirbhé Idirnáisiúnta Teagaisc agus Foghlama Ag Tosú go Láidir (TALIS Ag Tosú go Láidir)
Cuspóir an tsuirbhé agus bunús dlí
Sainmhínítear san fhógra seo an bealach ina mbaineann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) úsáid as sonraí pearsanta sa Suirbhé Idirnáisiúnta Teagaisc agus Foghlama Ag Tosú go Láidir (TALIS Ag Tosú go Láidir). Soláthraítear faisnéis san fhógra seo freisin mar a cheanglaítear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).
Is suirbhé mórscála idirnáisiúnta é TALIS Ag Tosú go Láidir ar chomhaltaí agus ar cheannairí sa Luathfhoghlaim agus sa chúram (ELC) a dhéantar gach sé bliana faoi choimirce na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD).
Déanann TALIS Ag Tosú go Láidir comparáid idir suíomhanna luath-óige laistigh de agus trasna tíortha, ag cur béim ar éagsúlacht laistigh de chórais agus ag aithint pointí comóntachta. Cuireann an fhaisnéis a fhaightear ó na sonraí eolas ar fáil agus éascaítear plé beartais faoi choinníollacha oibre agus riachtanais oiliúna na foirne, a chabhraíonn le cáilíocht fhoriomlán an fhórsa saothair a fheabhsú.
Faoi Alt 24 d’Acht Staidrimh 1993, tugtar cuireadh duit tabhairt faoin suirbhé ar bhonn deonach agus beidh aon fhaisnéis a fhaightear faoi réir ag na srianta ar úsáid agus toirmeasc ar nochtadh faisnéise a shonraítear in ailt 32, 33, 34 agus 35 d’Acht Staidrimh 1993.
Tugadh faoi Thriail Allamuigh i míonna an Mhárta agus an Aibreáin 2023 inar leanadh na nósanna imeachta céanna a bhfuil breac-chuntas tugtha ina leith sa doiciméad seo. Cuireadh an méid a foghlaimíodh ón Triail Allamuigh, lena n-áirítear, athruithe ar ábhar na gceistneoirí, i bhfeidhm sa suirbhé reatha.
Bainfear úsáid as na sonraí pearsanta a bhaileofar chun críocha an tSuirbhé amháin. Déanfar é a stóráil agus a choinneáil ag teacht le forálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018. Is é Airteagal 6(1)(e) den GDPR, agus Alt 38(1)(b) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 an bunús dlí don phróiseáil – m.sh., próiseáil chun tasc a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil.
Cé a bhaineann úsáid as na torthaí?
Is i bhfoirm chomhiomlán amháin a chuirtear na sonraí ar fáil don phobal i gcónaí agus déanaimid cinnte go mbíonn sé dodhéanta daoine aonair nó socrúchán cúraim leanaí a aithint.
D’fhéadfaí faisnéis anaithnid ón suirbhé a chur ar fáil freisin do ranna rialtais eile, d’eagraíochtaí ceadaithe agus do lucht taighde ceadaithe chun críocha staidrimh amháin. Beidh rochtain theoranta ag an Oifigeach Staidrimh a bheidh ceaptha ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chun measúnú a dhéanamh ar an gcáilíocht maidir le hoibríocht an tsuirbhé amháin agus beidh na sonraí go léir a bhailítear chun na críche sin anaithnid.
Baineann Ranna Rialtais eile agus comhlachtaí taighde a bhféadfadh rochtain a bheith acu ar shonraí anaithnid ón OECD, úsáid leathan idirnáisiúnta as na sonraí.
An bhfuil do chuid sonraí pearsanta faoi rún agus cá fhad a choinneofar na sonraí?
Tá. Caitear le gach faisnéis a sholáthraítear don Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) mar fhaisnéis faoi rún daingean. Leagtar síos caighdeáin rúndachta daingne leis an Acht Staidrimh, 1993: Ní féidir faisnéis a bhailítear a úsáid ach amháin chun críocha staidrimh, agus ní féidir aon mhionsonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine nó gnóthas gnó inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht rialtais eile.
Déanfar na sonraí a bhailítear le linn na Trialach Allamuigh a anaithnidiú ag an deireadh. Ní choinneofar na sonraí anaithnidithe, a bheidh i seilbh an Chumainn Idirnáisiúnta um Measúnú Gnóthachtála Oideachais (IEA), agus na sonraí atá i seilbh na Príomh-Oifige Staidrimh a chuireann tú ar fáil sa suirbhé seo, níos faide ná Deireadh Fómhair 2025, faoi réir riachtanais suirbhé.
Foinsí agus catagóirí do shonraí pearsanta, i gcás nár bailíodh na sonraí go díreach uait:
Iarrtar ar shuíomhanna cúraim leanaí roghnaithe ainm, bliain bhreithe agus ról gach fostaí a sholáthar.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin suirbhé seo, faoi do chearta Cosanta Sonraí agus faoin gcaoi a n-úsáidtear do chuid sonraí, déan teagmháil le do thoil le:
Gemma O’Connell Duff, Suirbhé TALIS,
An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche, Machain, Corcaigh, T12 X00E.
Teileafón: 021 453 5110
Ríomhphost: talis@cso.ie
Eolas faoi Chosaint Sonraí:
Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, tá na cearta seo a leanas agat:
Mar sin féin, mar gheall go bpróiseáiltear do chuid sonraí chun críocha staidrimh, d’fhéadfadh na cearta seo a bheith teoranta de réir Airteagal 89 den GDPR. Is de bharr go bhféadfadh sé go bhfágfadh feidhmiú aon cheann de na cearta sin nach féidir an phróiseáil staidrimh a bhaint amach, nó go gcuirfí bac tromchúiseach ar an bpróiseáil sin agus go bhféadfadh sé go mbeadh gá leis an srian sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
Sonraí Teagmhála Oifigeach Cosanta Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh:
DPO@cso.ie