Back to Top

 Skip navigation

Teideal an tSuirbhé

Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh (SST)

Cuspóir leis an suirbhé agus a bhonn dlíthiúil

Suirbhé staidrimh reachtúil is ea an Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh (SST) a dhéantar go bliantúil faoi fhorálacha an Ordaithe Staidrimh (Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh) 2025 (I.R. Uimh. 574 de 2025).  Faoi Alt 25 den Acht Staidrimh 1993, tá dualgas dlí ort an fhoirm seo a chomhlánú agus a sheoladh ar ais Féadfaidh aon duine a mhainníonn nó a dhiúltaíonn an fhaisnéis seo a sholáthar nó a sholáthraíonn faisnéis bhréagach go feasach a bheith faoi réir ionchúisimh faoi Chuid VI den Acht.

Bailítear na sonraí freisin chun ár riachtanais 4 bliana a chomhlíonadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle.

Cé a úsáideann na torthaí?

Ní chuirtear ár dtorthaí ar fáil ach i bhfoirm chomhiomlán don phobal agus cinntímid nach féidir daoine aonair ná fiontair a aithint. Coinneofar na sonraí a chuireann tú ar fáil sa suirbhé seo ar feadh uastréimhse seacht mbliana ón dáta eisiúna, faoi réir riachtanais an tsuirbhé.

Féadfar faisnéis suirbhé anaithnidithe a sholáthar do ranna rialtais eile, d’eagraíochtaí formheasta agus do thaighdeoirí formheasta chun críocha staidrimh amháin e.g. Eurostat.

An bhfuil sonraí pearsanta faoi rún agus cé chomh fada is a gcoinneofar na sonraí?

Ba cheart. Déileáiltear leis an bhfaisnéis go léir a chuirtear ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh mar fhaisnéis atá faoi rún daingean.  Leagtar síos dianchaighdeáin rúndachta leis an tAcht Staidrimh 1993: ní fhéadfar faisnéis a bhailítear a úsáid ach amháin chun críocha staidrimh agus ní fhéadfar aon mhionsonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine inaitheanta nó le gnóthas gnó a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht rialtais eile.

Foinsí agus catagóirí do shonraí pearsanta, sa chás nár bailíodh na sonraí seo uait go díreach:

Chomh maith leis na sonraí a bhailítear go díreach ó fhreagróirí an tsuirbhé, bainfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh úsáid freisin as sonraí riaracháin a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim (Ollphá Bliantúil, aicme ÁSPC, seachtainí atá creidiúnaithe ag ÁSPC san fhostaíocht) agus an Roinn Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (Inscne, Náisiúntacht, Contae Cónaithe, Aois) ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh.

Le haghaidh breis eolais faoin suirbhé seo, faoi do chearta Cosanta Sonraí agus faoi conas mar a úsáidtear do shonraí, déan teagmháil le:

Darragh Turner, Labour Market & Earnings, Central Statistics Office, Skehard Road, Cork, T12 X00E.

Fón +353 (21) 4535253 nú ríomhphost:earnings@cso.ie

Eolas Cosanta Sonraí:

Under the General Data Protection Regulation, you have the following rights:

  • The right to lodge a complaint with the Data Protection Commission. Contact details: Office of the Data Protection Commission, 21 Fitzwilliam Square South, Dublin 2, D02 RD28, Ireland.
  • The right to request access, rectification, erasure, restriction or to object to the processing of your personal data.

However, because your data is processed for statistical purposes these rights may be limited in accordance with Article 89 of the GDPR. This is due to the fact that the exercise of any of these rights may render impossible, or seriously impair, the achievement of the statistical processing and such restriction maybe necessary for the fulfillment of those purposes.

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do chuid sonraí pearsanta in aghaidh an dlí um chosaint sonraí. Is iad sonraí teagmhála an Choimisiúin ná:

Office of the Data Protection Commission, 6 Pembroke Row, Dublin 2, D02 X963, Ireland.

https://dataprotection.ie/en/contact/how-contact-us

Sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí sa bPríomh-Oifig Staidrimh: