Ainm an tSuirbhé
Suirbhé faoi Shábháilteacht an Duine
Cuspóir agus bunús dlí an tsuirbhé
Faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí, tá roinnt cearta ag daoine maidir leis na sonraí pearsanta a choimeádann eagraíocht fúthu. Is é cuspóir an fhógra seo tú a chur ar an eolas, mar rannpháirtí sa suirbhé faoi Shábháilteacht an Duine, faoi na sonraí arna bpróiseáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, conas a láimhseáiltear na sonraí seo agus cad iad do chearta..
Is suirbhé deonach é an Suirbhé faoi Shábháilteacht an Duine (SSD) a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993..
Is é cuspóir an SOP ná sonraí a sholáthar faoi shábháilteacht phearsanta daoine in Éirinn. Áirítear ar na sonraí a bhailítear gnéithe amhail; ciapadh, drochíde, agus dearcthaí ar na hábhair seo. Bailítear freisin sonraí déimeagrafacha lena n-áirítear dáta breithe, inscne agus saoránacht.
Tá aon fhaisnéis a bhailítear mar eolas don suirbhé seo faoi réir srianta úsáide agus toirmeasc ar nochtadh faoi ailt 32, 33, agus 34 den Acht Staidrimh, 1993..
Cé a bhaineann úsáid as na torthaí?
Ní chuirtear na torthaí ar fáil don phobal riamh ach i bhfoirm chomhiomlán agus déanaimid cinnte de nach féidir daoine aonair a aithint. Féadfar faisnéis suirbhé gan ainm a sholáthar freisin do ranna eile rialtais, eagraíochtaí ceadaithe agus taighdeoirí formheasta chun críocha staidrimh amháin.
Bainfidh geallsealbhóirí ábhartha, gníomhaireachtaí náisiúnta, Ranna Rialtais agus na meáin úsáid fhairsing as na sonraí.
An bhfuil do shonraí pearsanta faoi rún agus cá fhad a choinneofar na sonraí?
Sea, déileáiltear le gach faisnéis a thugtar don Phríomh-Oifig Staidrimh mar fhaisnéis faoi rún daingean. Déantar foráil maidir le rúndacht sonraí faoi ailt 32, 33, agus 34 den Acht Staidrimh, 1993, lena leagtar síos caighdeáin rúndachta dochta. Áirítear orthu sin úsáid sonraí chun críocha staidrimh amháin, agus neamhnochtadh sonraí i bhfoirm inaitheanta.
Stórálfar na sonraí pearsanta a bhaileofar mar eolas don suirbhé seo ar feadh ceithre mhí ar a mhéad. Ina theannta sin, déanfar an freagra ar an gceistneoir a dheighilt láithreach ó na haitheantóirí pearsanta, rud a chuirfidh anaithnideacht bhreise ar na freagraí.
Coinneofar sonraí an tsuirbhé go slán ar feadh deich mbliana ar a mhéad ó dháta eisiúna an tsuirbhé seo agus ní féidir iad a úsáid ach chun críocha staidrimh amháin.
Foinsí agus catagóirí do shonraí pearsanta, sa chás nár bailíodh na sonraí go díreach uait:
Ní/bh
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin suirbhé seo, faoi do chearta um Chosaint Sonraí agus faoin gcaoi a n-úsáidtear do shonraí déan teagmháil le:
Helen McGrath, Rannóg Anailíse Sóisialta, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh, T12 X00E.
Guthán: +(353) 21 453 5108 R-phost: sop@cso.ie
Data Protection Information:
Faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí, tá na cearta a leanas agat:
É sin ráite, ós rud é gur chun críocha staidrimh a mbeifí ag próiseáil do shonraí d’fhéadfadh teorainn a bheith leis na cearta luaite sa dara phointe sin. Tá seo amhlaidh sa chás gur dócha nach bhféadfaí cuspóirí na próiseála staidrimh a ghnóthú nó go ndéanfaí dochar dá ngnóthú de bharr feidhmiú neamhtheoranta aon cheann de na cearta sin
Sonraí Teagmhála d’Oifigeach Cosanta
Sonraí an CSO: