Suirbhé na Muc
Is é an cuspóir atá le Suirbhé na Muc ná staitisticí a thiomsú maidir le líon iomlán na muc in Éirinn, le miondealú de réir stoc pórúcháin, ramhraitheoirí agus na fochatagóirí a bhaineann leo faoi seach.
Is iad na torthaí príomha a thagann as an suirbhé ná líon na muc sa stát, agus figiúirí maidir le catagóirí pórúcháin agus eile.
Déantar Suirbhé na Muc gach dara bhliain faoi Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993. Is suirbhé saorálach é.
Tá an suirbhé seo á dhéanamh chun riachtanais an Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 a chomhlíonadh mar a bhaineann sé le tiomsú staitisticí maidir le beostoc agus feoil.
Is i bhformáid comhiomlán amháin a chuirtear torthaí an tsuirbhé seo ar fáil agus cinntímid go bhfuil sé dodhéanta daoine aonair nó feirmeacha a aithint. Baintear leas forleathan as na torthaí i measc áisíneachtaí talmhaíochta (náisiúnta agus idirnáisiúnta), Eurostat agus ranna rialtais in Éirinn.
Tá siad. Glactar le gach eolas a thugtar don Oifig faoi rún docht daingean. Faoin Acht Staidrimh, 1993, leagtar caighdeán dianrúndachta ar an Oifig; ní féidir eolas bailithe a úsáid ach chun críocha staidrimh amháin agus ní ceadmhach sonraí a d’fhéadfaí a cheangal le duine nó feirm ar leith a sheachadadh d’aon roinn rialtais nó eagras eile stáit.
Coinneofar na sonraí a bhailítear don suirbhé seo ar feadh deich mbliana ar a mhéad agus ní féidir iad a úsáid ach chun críocha staidrimh sa tréimhse sin uile.
Ní bhaineann le hábhar
Sophie Emerson, Rannóg Talmhaíochta, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh, T12 X00E. Guthán +353 (21) 4535364 nó R-phost agri@cso.ie
Under the General Data Protection Regulation, you have the following rights:
However, because your data is processed for statistical purposes these rights may be limited in accordance with Article 89 of the GDPR. This is due to the fact that the exercise of any of these rights may render impossible, or seriously impair, the achievement of the statistical processing and such restriction maybe necessary for the fulfillment of those purposes.
Faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS), tá na cearta a leanas agat:
É sin ráite, ós rud é gur chun críocha staidrimh a mbeifí ag próiseáil do shonraí d’fhéadfadh teorainn a bheith le cearta áirithe RGCS – go háirithe maidir le rochtain, ceartú, léirscriosadh nó srianadh a iarraidh ar do shonraí pearsanta nó agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála sonraí pearsanta – faoi Alt 89 den RGCS. Tá seo amhlaidh sa chás is gur dócha nach bhféadfaí cuspóirí na próiseála staidrimh a ghnóthú nó go ndéanfaí dochar dá ngnóthú mar thoradh ar fheidhmiú neamhtheoranta aon cheann de na cearta sin.