I gcuntasaíocht éiceachórais, déanann staitisteoirí agus éiceolaithe méid na sócmhainní nádúrtha éagsúla agus a gcuid seirbhísí a thomhas. Tá an fócas ar éiceachórais. Tá stoic sócmhainní neamh-bhitheolaíocha, mar shampla mianraí, uisce nó aer, lasmuigh de scóip na cuntasaíochta éiceachórais. Mar sin féin, áirítear na seirbhísí éiceachórais sin a bhfuil baint acu le cáilíocht ithreach, uisce agus aeir a chothabháil.
I gcreat an SEEA-EA, tá an timpeallacht bhithfhisiciúil roinnte ina thrí eintiteas: sócmhainn éiceachórais (SÉ), cineál éiceachórais (CÉ), agus limistéar cuntasaíochta éiceachórais (LCÉ) (féach Fíor 4.1 thíos). Is ceantair spásúla ar leith iad SÉnna atá chumhdaithe ag cineál sonrach éiceachórais a sholáthróidh earraí agus seirbhísí, .i. talamh portach aonair. Is ionann CÉnna agus comhiomlánú gach SÉ den chineál céanna éiceachórais, .i. na tailte portaigh go léir. is ionann LCÉnna agus limistéir mhóra riaracháin, .i. contaetha nó críoch náisiúnta. aireofar roinnt SÉnna agus CÉnna i ngach LCÉ (Fíor 4.1).
Tá an SEEA-EA bunaithe ar cheithre phríomhchuntas atá nasctha (.i. cuntais fairsinge, riocht, seirbhísí agus airgeadaíochta) mar aon le cuntais théamacha atá dírithe ar ábhair spéise ina gceart féin agus a bhaineann go díreach le tomhas éiceachóras.
Déanann cuntais fhairsinge taifead ar fhairsinge spásúil sócmhainní éiceachórais agus cineálacha éiceachóras. Tá an fhaisnéis spásúil maidir le fairsinge agus le suíomh geografach riachtanach chun na cuntais éiceachórais eile a thiomsú: riocht, seirbhísí éiceachórais agus cuntais airgeadaíochta.
Is féidir an tírdhreach a roinnt ina ghréasán de shócmhainní agus de chineálacha éiceachórais (Fíor 4.1 thuas). Soláthraíonn na sonraí spásúla seo faisnéis faoi ghnéithe de riocht éiceachórais, mar shampla d’fhéadfadh go mbeadh ceantair mhóra choillearnaí, nó coillearnacha atá ceangailte lena chéile, i riocht níos fearr ná coillearnacha níos lú atá scaipthe óna gcéile.
Tá sé fíorthábhachtach freisin eolas a fháil ar shuíomh geografach na n-éiceachóras maidir le luacháil airgeadaíochta seirbhísí éiceachórais. Beidh tionchar ag gaireacht spásúil na dtairbhithe ar an éileamh ar sheirbhísí éiceachórais agus ar a n-úsáid, rud a rachaidh i bhfeidhm ar a luacháil.
Sainítear riocht éiceachórais san SEEA-EA mar a cháilíocht fhoriomlán i dtéarmaí a shaintréithe oibríochta (.i. struchtúr éiceachórais, comhdhéanamh, próisis agus feidhmeanna) agus a shuíomh (m.sh. fairsinge agus cumraíocht spásúil). Tá dlúthbhaint ag riocht an éiceachórais lena chumas, is é sin cumas an éiceachórais earraí agus seirbhísí éiceachórais a sholáthar ar bhonn inbhuanaithe do ghlúnta na dtairbhithe amach anseo. Beidh drochtháirgeadh earraí agus seirbhísí mar thoradh ar éiceachórais atá i ndroch-chaoi, cé go bhfeidhmíonn éiceachórais atá i ndea-riocht go maith, bíonn siad níos athléimní ó thaobh athraithe de agus soláthróidh siad leibhéal níos airde earraí agus seirbhísí.
Go hachomair, déanann iarracht trí chuntais reachta éiceachórais staid fheidhmithe éiceachórais a thomhas i dtéarmaí a cháilíochta foriomláin agus a chumais earraí agus seirbhísí a sholáthar.
Sainítear seirbhísí éiceachórais, san SEEA-EA, mar an méid a chuireann éiceachórais le giniúint tairbhí (.i. aschuir deiridh éiceachórais) a úsáideann an geilleagar agus an tsochaí. Is í aidhm na gcuntas seirbhísí éiceachórais léargas comhleanúnach agus comhtháite a sholáthar ar na méideanna a chuireann éiceachórais leis an ngeilleagar agus le folláine an duine.
Ní thuairiscítear sna cuntais seirbhísí éiceachórais, mar a shainítear san SEEA-EA, ach seirbhísí deiridh, is é sin seirbhísí a n-aithnítear a chuireann le tairbhe a úsáideann geilleagar agus daoine. Dá bhrí sin, ní chuimsíonn na cuntais seo seirbhísí éiceachórais atá riachtanach d’fheidhmiú bunúsach éiceachóras, ar a dtugtar seirbhísí idirmheánacha nó tacaíochta freisin (m.sh. pailniú, smachtú lotnaidí, agus éagsúlacht gnáthóige). Is gnách go dtacaíonn seirbhísí idirmheánacha le táirgeadh seirbhísí deiridh, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh comhaireamh dúbailte a bheith mar thoradh ar chuntasaíocht don dá cheann. I gcás tailte curaíochta, cuir i gcás, tuairiscítear an méid táirgeachta bithmhaise ó bharra (m.sh. gránaigh, glasraí, torthaí) mar sheirbhís éiceachórais deiridh mar go mbaineann an tsochaí leas aisti i dtéarmaí bia. Braitheann táirgeadh roinnt barr, áfach, ar phailniú feithidí mar shampla beacha. Meastar go bhfuil pailniú ina sheirbhís idirmheánach, a thacaíonn le táirgeadh an bhairr, agus mar sin ní thuairiscítear é mar sheirbhís éiceachórais deiridh.
Tuairiscítear seirbhísí deiridh éiceachórais faoi thrí cheannteideal éagsúla
Tá aicmithe idirnáisiúnta comónta forbartha chun seirbhísí deiridh éiceachórais a shainaithint agus a aicmiú, mar shampla an CICES (Aicmiú Idirnáisiúnta Coiteann Seirbhísí Éiceachórais). Níor thángthas ar aon chomhdhearcadh idirnáisiúnta maidir le córas aicmithe amháin go fóill, áfach. Ina theannta sin, ní féidir i gcónaí comparáid dhíreach a dhéanamh idir na haicmithe reatha idirnáisiúnta agus náisiúnta ar sheirbhísí éiceachórais deiridh.
Tuairiscítear cuntais fairsinge, reachta agus seirbhísí éiceachórais i dtéarmaí fisiciúla (m.sh. méid spásúil in heicteár, adhmad i dtonna). Is é ról na gcuntas airgeadaíochta luach airgeadaíochta a chur ar riocht éiceachórais agus ar chuntais seirbhísí. Braitheann neart an chuir chuige seo ar luach a chur ar raon earraí agus seirbhísí difriúla san aonad airgeadaíochta céanna a ligeann dúinn comparáidí a dhéanamh laistigh agus idir cuntais éiceachórais. Tá sé deacair luach airgeadaíochta a chur ar sheirbhísí éiceachórais. Mar sin féin, tá a fhios againn go bhfuil costas eacnamaíoch díreach ag baint le seirbhísí éiceachórais nó easpa seirbhíse is féidir a mheas i dtéarmaí airgeadaíochta.
Tá luacháil éiceachórais an-chasta mar teastaíonn tuiscint dhomhain ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an t-éiceachóras agus ar na seirbhísí a sholáthraíonn sé. Thairis sin, bíonn dúshlán mór ann mura bhfuil margaí ann d’éiceachórais. Más féidir margaí malartacha a úsáid, d’fhéadfadh go mbeadh sé deacair iad a aimsiú, agus de ghnáth caithfear ceartúcháin a chur i bhfeidhm. Chun tuilleadh foghlama faoi conas luach a chur ar éiceachórais a dhéanamh, féach an SEEA-EA.
Chomh maith leis na ceithre chuntas thuasluaite, tugtar cur síos san SEEA-EA ar thiomsú cuntas téamach. Tá na cuntais seo neamhspleách agus díríonn siad ar ábhair spéise ar leith mar shampla bhithéagsúlacht, carbón, uisce, nó éiceachórais uirbeacha. Is féidir iad a fhorbairt i gcomhar le beartais shonracha chomhshaoil chun monatóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtacht.
An chéad chaibidil eile: Cuntasaíocht Éiceachórais, Chomhshaoil agus Caipitil Nádúrtha
Learn about our data and confidentiality safeguards, and the steps we take to produce statistics that can be trusted by all.