Your feedback can help us improve and enhance our services to the public. Tell us what matters to you in our online Customer Satisfaction Survey.
Daoine aonair agus aonaid eacnamaíocha (.i. fiontair, líonta tí, rialtais, an chuid eile den domhan) a bhaineann tairbhe as seirbhísí éiceachórais⁵.
Earraí agus seirbhísí a úsáideann daoine ag deireadh thiar thall agus a thaitníonn leo⁴.
An inathraitheacht i measc orgánach beo ó gach foinse lena n-áirítear, i measc cinn eile, éiceachórais talún, mara agus éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha a bhfuil siad ina gcuid díobh; áirítear orthu seo éagsúlacht laistigh de speicis, idir speicis agus ó éiceachóras go héiceachóras³.
Na heispéiris agus seirbhísí eile do-bhraite bainteach le tréithe a meastar a bheith nó atá ag éiceachórais, seirbhísí a chuireann le réimse tairbhí cultúrtha.
Coimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe agus miocrorgánach agus a dtimpeallacht neamhbheo ag idirghníomhú mar aonad feidhmiúil.
Limistéir spásúla a chuimsíonn meascán faoi leith de chomhpháirteanna beo agus neamhbheo agus an chaoi ina fheidhmíonn siad le chéile.
Fairsinge spásúil na críche a bhfuil cuntas éiceachórais á thiomsú ina leith.
Cumas aon éiceachórais chun seirbhís éiceachórais a tháirgeadh bunaithe ar riocht, bainistiú agus úsáidí reatha an éiceachórais sin, go dtí an leibhéal táirgiúlachta nó úsáide is airde ionas nach n-imreofaí tionchar diúltach ar sholáthar na seirbhíse sin nó seirbhísí éiceachórais eile ón éiceachóras sa todhchaí.
Fachtóirí a bhaineann le hoibriú leanúnach an éiceachórais agus an suíomh ar a bhfuil sé lonnaithe. Is iad príomhthréithe oibríochta éiceachórais ná a struchtúr, a chomhdhéanamh, a phróisis agus a fheidhmeanna. Is iad príomhthréithe an suíomhéiceachórais, áfach, ná a fhairsinge, a chumraíocht, a aeráid agus na patrúin shéasúracha a bhaineann léi, agus a chineálacha tírdhreacha.
Cáilíocht fhoriomlán éiceachórais i dtéarmaí a saintréithe beo agus neamhbheo.
Seirbhísí éiceachórais a bhfuil aonad geilleagrach (.i. gnólacht, rialtas nó líon tí) mar úsáideoir acu. Ní chuimsítear sa téarma seo seirbhísí idirmheánacha, is iad sin seirbhísí éiceachórais a bhaineann le próisis éiceachórais. De réir an SEEA-EA, rangaítear seirbhísí deiridh éiceachórais mar seirbhísí soláthair, rialála agus cultúrtha.
Seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn sócmhainn éiceachórais amháin do cheann eile nó seirbhísí éiceachórais a mheastar a bheith riachtanach d’fheidhmiú bunúsach shócmhainn an éiceachórais.
Meascán faoi leith de chomhpháirteanna beo agus neamhbheo agus an chaoi ina fheidhmíonn siad le chéile.
Comhpháirteanna beo agus neamhbheo na cruinne a fhaightear go nádúrtha, ar a dtugtar le chéile an timpeallacht bhithfhisiciúil, a d’fhéadfadh tairbhí a sholáthar don chine daonna⁶.
An chuid de na tairbhí táirgthe ag an éiceachóras nó san éiceachóras.
Toradh ar chumas éiceachórais timthriallta aeráide, hidreolaíocha agus bithcheimiceacha, próisis dhromchla an Domhan agus próisis bhitheolaíocha éagsúla a rialáil. Tugtar “seirbhísí rialála agus cothabhála” ar sheirbhísí rialála go minic freisin.
An chéad chaibidil eile: Tagairtí
Learn about our data and confidentiality safeguards, and the steps we take to produce statistics that can be trusted by all.