Comhtháthaíonn creat an Chóras um Chuntasaíocht Eacnamaíoch Comhshaoil (SEEA) sonraí eacnamaíocha agus comhshaoil d’fhonn anailís a dhéanamh ar na caidrimh idir an comhshaol agus an ngeilleagar. Cuimsíonn an SEEA foriomlán an Creat Lárnach SEEA (SEEA-CF) agus an SEEA-EA. Cé go léirítear an comhshaol i dtéarmaí eacnamaíocha agus sóisialta san SEEA-CF agus san SEEA-EA araon, is éagsúil an léargas a thugtar faoin dá samhail seo. Foilsíodh an SEEA-CF ar dtús (in 1993, féach Fíor 3.1) agus déantar stoic agus sreafaí sócmhainní comhshaoil aonair atá sa gheilleagar cheana féin a thomhas leis, mar shampla táirgeadh adhmaid, barr agus mianraí. Déantar cuntas orthu seo i gCóras na gCuntas Náisiúnta (SNA) agus cuireann siad leis an Olltáirgeacht Intíre (OTI). Ní hé an SNA bun agus barr scéal an chomhshaoil, áfach. Chun tionchair an chomhshaoil ar an ngeilleagar agus ar fholláine an duine a thomhas, caithfear súil a thabhairt ar réimsí eile seachas an geilleagar chun tuiscint níos deimhne a fháil. Faoin SEEA-EA, úsáidtear éiceachórais chun léargas atá níos comhtháite a thabhairt ar an idirghníomhaíocht idir an comhshaol, an geilleagar agus an tsochaí.
Scáth-théarma is ea Cuntasaíocht Caipitil Nádúrtha (NCA) a chuimsíonn iarrachtaí chun creat cuntasaíochta a úsáid a thugann bealach córasach chun stoic agus sreafaí caipitil nádúrtha a thomhas agus iad a thuairisciú. Clúdaíonn sé cuntasaíocht ar shócmhainní nó acmhainní comhshaoil aonair, idir bheo agus neamhbheo (amhail mianraí, adhmad agus fuinneamh), chomh maith le cuntas a dhéanamh ar shócmhainní éiceachórais (m.sh. foraoisí, bogaigh), ar bhithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais. Is féidir an SEEA-CF agus an SEEA-EA a mheas mar chomhpháirteanna den NCA.
An chéad chaibidil eile: Gluais téarmaí
Learn about our data and confidentiality safeguards, and the steps we take to produce statistics that can be trusted by all.