Is é is aidhm leis an gCuntasaíocht Éiceachórais ná tuiscint chomhleanúnach chomhoiriúnach a thabhairt ar éiceachórais agus a gcaidrimh leis an ngeilleagar agus le tairbhithe foriomlána earraí agus seirbhísí éiceachórais. Ar leibhéal idirnáisiúnta, d’fhorbair na Náisiúin Aontaithe Córas na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil – Cuntais Éiceachórais (SEEA-EA). Tríd an SEEA-EA táthar ag obair chun caighdeáin idirnáisiúnta a chur ar bun le sonraí a bhailiú agus le cuntais éiceachórais a thiomsú d’fhonn stoic agus sreafaí seirbhísí éiceachórais a thaifeadadh, chomh maith lena n-athruithe a rianú. Is réimse réasúnta nua í cuntasaíocht éiceachórais agus tá sí fós á forbairt. Foilsíodh an SEEA-EA den chéad uair in 2012 agus tosaíodh ar athbhreithniú de in 2018. I Márta 2021, glacadh le caibidlí 1 – 7 den SEEA-EA, ina ndéantar cur síos ar an gcreat cuntasaíochta agus na cuntais fhisiciúla, mar chaighdeáin idirnáisiúnta staidrimh. Cé nár glacadh le caibidlí 8 – 11 mar chaighdeáin idirnáisiúnta, leagtar amach iontu seo prionsabail staitistiúla agus moltaí maidir le luacháil seirbhísí agus sócmhainní éiceachórais.
Tá éiceachórais agus bithéagsúlacht ina gcodanna lárnacha de pholaitíocht agus gheilleagar nua na hEorpa, mar atá le sonrú sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Straitéis Bithéagsúlachta 2030 a sheol an tAontas Eorpach le déanaí. Tá pleananna uaillmhianacha leagtha amach sa dá chreat seo chun gníomh leathan a chur i bhfeidhm, ghníomh atá dírithe ar chaidreamh na sochaí le héiceachórais agus an bhithéagsúlacht ghaolmhar a athrú ó bhun. Ar leibhéal náisiúnta, léirítear an treocht seo trí fhorbairt roinnt mhaith beartas lena n-áirítear an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht (leagan reatha Gaeilge) agus an Straitéis Náisiúnta um Thailte Móna (leagan reatha Gaeilge).
Thosaigh scéal na cuntasaíochta éiceachórais i bhfad siar, áfach. Meastar go raibh Cruinniú Mullaigh na Cruinne i Rio (1992) mar ócáid bhunaidh agus b’athrú cinnte é i dtreo polasaithe atá dírithe ar an gcomhshaol. Tháinig sé phríomhthoradh amach as an gcruinniú mullaigh seo, ina measc:
Spreag torthaí Chruinniú Mullaigh na Cruinne imeachtaí iomadúla a léiríonn céimeanna incriminteacha i dtreo feasachta ar thábhacht éiceachóras agus a mbithéagsúlacht. Tá achoimre ar na himeachtaí lárnacha a chuir le forbairt na Cuntasaíochta Éiceachórais léirithe i bhFíor 3.1 thíos.
An chéad chaibidil eile: Struchtúr na Cuntasaíochta Éiceachórais
Learn about our data and confidentiality safeguards, and the steps we take to produce statistics that can be trusted by all.