Suirbhé Míchumais na hÉireann (SMÉ)
Is suirbhé deonach é Suirbhé na hÉireann ar Mhíchumas, agus déanfar an bailiú sonraí in 2028 (le céim phíolótach idir 2026 agus 2027). Faoi dhlí na hÉireann, déantar é faoi Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993, lena gceadaítear don Oifig seo cuireadh a thabhairt do dhaoine faisnéis a sholáthar ar bhonn deonach.
Comhlíonann an suirbhé an gá atá le sonraí cothrom le dáta a fháil maidir le leitheadúlacht an mhíchumais, chomh maith le sonraí iontaofa maidir le tionchar an mhíchumais, chun eolas a chur ar fáil do bheartais phoiblí. Mar chuid den suirbhé, bailítear faisnéis ó na rannpháirtithe faoi réimsí éagsúla den saol. Mar shampla, úsáid seirbhísí sláinte, oideachas, iompar agus fostaíocht. Bailítear freisin faisnéis faoi na srianta a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na rannpháirtithe, amhail tosca comhshaoil nó pearsanta, chun tuiscint níos fearr a fháil ar na bacainní sochaíocha a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas.
Ní chuirtear na torthaí ar fáil don phobal ach amháin i bhfoirm chomhiomlán agus déanaimid cinnte go bhfuil sé dodhéanta daoine aonair ná gnólachtaí a aithint. Féadfar faisnéis suirbhé anaithnidithe a sholáthar do ranna rialtais eile, d’eagraíochtaí ceadaithe agus do thaighdeoirí ceadaithe chun críocha staidrimh amháin.
Caitear le gach eolas a sholáthraítear don CSO mar eolas atá go hiomlán faoi rún. Leagtar amach san Acht Staidrimh, 1993, caighdeáin dhiana rúndachta. Is féidir an fhaisnéis a bhailítear a úsáid chun críocha staidrimh amháin agus ní féidir aon sonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine inaitheanta nó le gnóthas inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht rialtais eile. Coinneofar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú ar feadh tréimhse uasta deich mbliana, faoi réir riachtanais an tsuirbhé.
Baileofar sonraí pearsanta trí agallaimh ar líne nó agallaimh dhíreacha. Féadfar sonraí faoin duine a bhailiú freisin ó thuismitheoir/chaomhnóir(í), ó chúramóir nó ó chúntóir pearsanta má bhíonn gá le hagallamh trí ionadaí.
Baineann an CSO úsáid as sonraí riaracháin chun sonraí suirbhé a chomhlánú nó a ionadú, chun a chuid oibríochtaí staidrimh a dhéanamh níos éifeachtúla, nó chun léargais nó táirgí nua a chruthú. Cuireann sé seo ar chumas an CSO an t-ualach freagartha agus na costais a bhaineann le suirbhéanna a laghdú, agus cáilíocht agus tráthúlacht na sonraí a fheabhsú. Tá úsáid sonraí riaracháin á rialú ag nósanna imeachta atá faoi smacht docht, i gcomhréir leis an Acht Staidrimh agus leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Úsáidtear na sonraí go léir a fhaigheann an Phríomh-Oifig Staidrimh chun críocha staidrimh amháin, agus ní fhágfaidh torthaí na hanailíse gur féidir tusa ná do theaghlach a aithint ar bhealach ar bith.
Tá Beartas Meaitseála Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh agus Clár Gníomhaíochtaí Meaitseála Sonraí le fáil anseo: Beartas Meaitseála Sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh.
Aoife O’Neill, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh, T12 X00E
Teil: (+21) 4535085 nó Ríomhphost: aoife.oneill@cso.ie
Under the General Data Protection Regulation, you have the following rights:
However, because your data is processed for statistical purposes these rights may be limited in accordance with Article 89 of the GDPR. This is due to the fact that the exercise of any of these rights may render impossible, or seriously impair, the achievement of the statistical processing and such restriction maybe necessary for the fulfillment of those purposes.
Tá an ceart agat, faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh an dlí um chosaint sonraí Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Choimisiúin:
Seoladh Poist: Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí, 6 Rae Pheambróg, Baile Átha Cliath 2, D02 X963, Éire.
Mar sin féin, mar gheall go bpróiseáiltear do shonraí chun críocha staidrimh, d’fhéadfadh na cearta seo a bheith teoranta i gcomhréir le hAirteagal 89 den RGCS. Is amhlaidh atá toisc go bhféadfadh feidhmiú aon cheann de na cearta sin gnóthú chuspóirí na próiseála staidrimh a dhéanamh dodhéanta, nó dochar tromchúiseach a dhéanamh don ghnóthú sin, agus go bhféadfadh an srianadh sin a bheith riachtanach chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.