Back to Top

 Skip navigation

Teideal an tSuirbhé

Móráireamh ar Tháirgeadh Tionsclaíoch

Cuspóir leis an suirbhé agus a bhonn dlíthiúil

Is suirbhé reachtúil staidrimh é an Móráireamh ar Tháirgeadh Tionsclaíoch a dhéantar gach bliain faoin Ordú um Staidreamh (Fiosrúcháin Struchtúracha Ghnó), 2026 (I.R. Uimh. 133 de 2026). Faoi Ailt 26 agus 27 den Acht um Staidreamh, 1993, tá dualgas dlí ort an fhoirm seo a chomhlánú agus a chur ar ais.  Féadfar aon duine nach gcuireann an fhaisnéis seo ar fáil, nó a dhiúltaíonn í a chur ar fáil, nó a chuireann faisnéis bhréagach ar fáil go feasach, a ionchúiseamh faoi Chuid VI den Acht.

Cuimsíonn an suirbhé seo dhá shuirbhé bhliantúla chun faisnéis struchtúrach a sholáthar maidir le hathróga éagsúla cuntasaíochta. Soláthraíonn na suirbhéanna reachtúla seo sonraí comhiomlánaithe maidir le láimhdeachas, fostaíocht, easpórtálacha, tuilleamh agus athróga eile don earnáil tionsclaíochta. Tugann na suirbhéanna seo, an Móráireamh ar Fhiontair Thionsclaíocha agus an Móráireamh ar Aonaid Áitiúla Thionsclaíocha, léargas mionsonraithe bliantúil ar struchtúr agus ar ghníomhaíocht an Táirgthe Thionsclaíoch in Éirinn.

Cé a úsáideann na torthaí?

Ní chuirtear na torthaí ar fáil don phobal ach amháin i bhfoirm chomhiomlán agus déanaimid cinnte go bhfuil sé dodhéanta daoine aonair ná gnólachtaí a aithint. Féadfar faisnéis suirbhé anaithnidithe a sholáthar do ranna rialtais eile, d’eagraíochtaí ceadaithe agus do thaighdeoirí ceadaithe chun críocha staidrimh amháin, m.sh. Eurostat.

An bhfuil sonraí pearsanta faoi rún agus cé chomh fada is a gcoinneofar na sonraí?

Tá. Caitear le gach eolas a sholáthraítear don CSO mar eolas atá go hiomlán faoi rún. Leagtar amach san Acht Staidrimh, 1993, caighdeáin dhiana rúndachta:  is féidir an t-eolas a bailíodh a úsáid chun críocha staidrimh amháin agus ní féidir aon sonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht eile rialtais. Coinneofar na sonraí a sholáthróidh tú sa suirbhé seo ar feadh tréimhse uasta seacht mbliana ó dháta an eisithe, faoi réir riachtanais an tsuirbhé.

Foinsí agus catagóirí do shonraí pearsanta, sa chás nár bailíodh na sonraí seo uait go díreach:

N/B

Le haghaidh breis eolais faoin suirbhé seo, faoi do chearta Cosanta Sonraí agus faoi conas mar a úsáidtear do shonraí, déan teagmháil le:

David O’Donoghue, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh, T12 X00E

Teil:(+353) 21 453 5952 nó Ríomhphost: Enterprise_Stats@cso.ie

Eolas Cosanta Sonraí:

Under the General Data Protection Regulation, you have the following rights:

  • The right to lodge a complaint with the Data Protection Commission. Contact details: Office of the Data Protection Commission, 21 Fitzwilliam Square South, Dublin 2, D02 RD28, Ireland.
  • The right to request access, rectification, erasure, restriction or to object to the processing of your personal data.

However, because your data is processed for statistical purposes these rights may be limited in accordance with Article 89 of the GDPR. This is due to the fact that the exercise of any of these rights may render impossible, or seriously impair, the achievement of the statistical processing and such restriction maybe necessary for the fulfillment of those purposes.

Tá an ceart agat, faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh an dlí um chosaint sonraí Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Choimisiúin:
Seoladh Poist: Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí, 6 Rae Pheambróg, Baile Átha Cliath 2, D02 X963, Éire.

Mar sin féin, mar gheall go bpróiseáiltear do shonraí chun críocha staidrimh, d’fhéadfadh na cearta seo a bheith teoranta i gcomhréir le hAirteagal 89 den RGCS. Is amhlaidh seo mar gheall go bhféadfadh feidhmiú aon cheann de na cearta seo é a dhéanamh dodhéanta, nó cur isteach go mór ar bhaint amach na próiseála staidrimh, agus d’fhéadfadh srianta den sórt sin a bheith riachtanach chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

Sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí sa bPríomh-Oifig Staidrimh: