Fiosrúchán Míosúil ar Sheirbhísí
Is é cuspóir an tsuirbhé seo táscairí gearrthéarmacha a sholáthar maidir le láimhdeachas in earnáil na seirbhísí agus ceanglais AE maidir le Staitisticí Gearrthéarmacha a chomhlíonadh. Cuirtear an tInnéacs Míosúil Seirbhísí le chéile ón suirbhé seo.
Is suirbhé staidrimh reachtúil é an Fiosrúchán Míosúil ar Sheirbhísí a dhéantar gach mí faoi fhorálacha an Ordaithe dar teideal “Statistics (Monthly Services Inquiry) (No. 2) Order 2023” (S.I. No. 580/2023). Faoi Ailt 26 agus 27 den Acht um Staidreamh, 1993, tá dualgas dlí ort an fhoirm seo a chomhlánú agus a chur ar ais. Féadfar aon duine nach gcuireann an fhaisnéis seo ar fáil, nó a dhiúltaíonn í a chur ar fáil, nó a chuireann faisnéis bhréagach ar fáil go feasach, a ionchúiseamh faoi Chuid VI den Acht.
Ní chuirtear na torthaí ar fáil don phobal ach amháin i bhfoirm chomhiomlán agus déanaimid cinnte go bhfuil sé dodhéanta daoine aonair ná gnólachtaí a aithint. Féadfar faisnéis suirbhé anaithnidithe a sholáthar do ranna rialtais eile, d’eagraíochtaí ceadaithe agus do thaighdeoirí ceadaithe chun críocha staidrimh amháin, m.sh. Eurostat.
Tá. Caitear le gach eolas a sholáthraítear don CSO mar eolas atá go hiomlán faoi rún. Leagtar amach san Acht Staidrimh, 1993, caighdeáin dhiana rúndachta: is féidir an t-eolas a bailíodh a úsáid chun críocha staidrimh amháin agus ní féidir aon sonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine inaitheanta a nochtadh d’aon roinn nó comhlacht eile rialtais. Coinneofar na sonraí a sholáthróidh tú sa suirbhé seo ar feadh tréimhse uasta seacht mbliana ó dháta an eisithe, faoi réir riachtanais an tsuirbhé.
N/B
Tommy Allen, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh, T12 X00E
Teil: (+21) 4535064 nó Ríomhphost: Enterprise_stats@cso.ie
Under the General Data Protection Regulation, you have the following rights:
However, because your data is processed for statistical purposes these rights may be limited in accordance with Article 89 of the GDPR. This is due to the fact that the exercise of any of these rights may render impossible, or seriously impair, the achievement of the statistical processing and such restriction maybe necessary for the fulfillment of those purposes.
Tá an ceart agat, faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh an dlí um chosaint sonraí Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Choimisiúin:
Seoladh Poist: Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí, 6 Rae Pheambróg, Baile Átha Cliath 2, D02 X963, Éire.
Mar sin féin, mar gheall go bpróiseáiltear do shonraí chun críocha staidrimh, d’fhéadfadh na cearta seo a bheith teoranta i gcomhréir le hAirteagal 89 den RGCS. Is amhlaidh atá toisc go bhféadfadh feidhmiú aon cheann de na cearta sin gnóthú chuspóirí na próiseála staidrimh a dhéanamh dodhéanta, nó dochar tromchúiseach a dhéanamh don ghnóthú sin, agus go bhféadfadh an srianadh sin a bheith riachtanach chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.