Your feedback can help us improve and enhance our services to the public. Tell us what matters to you in our online Customer Satisfaction Survey.
Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh tomhas ar phraghsanna chun críocha an PIT agus an HICP trí phraghsáil dhíreach in ionaid díola mar aon le suirbhéanna a dhéanann baill foirne lonnaithe san oifig. *
Bailíodh luachanna breathnaithe na siopaí le haghaidh eagrán Márta 2020 den PIT idir 9 agus 13 Márta. Bhí an tréimhse seo níos giorra ná mar a bhí beartaithe (9 go 18 Márta), de bharr an phaindéim COVID-19. Faoin 13 Márta, bhí 80% de na luachanna breathnaithe bailithe a raibh sé mar sprioc iad a bhailiú, ionann le 40,000 luach breathnaithe. Bhí na praghsanna sampláilte seo dáilte go cothrom i measc míreanna, ionaid díola agus réigiúin gheografacha. Mar sin, níl tionchar imeartha ar chaighdeán an PIT.
D’éirigh le baill foirne lonnaithe san oifig nach mór iomlán an bhailiú praghsanna trí shuirbhé a chur i gcrích ar na gnáthbhealaí bailithe sonraí.
Beidh bailiú praghsanna le haghaidh Aibreán 2020 i bhfad níos deacra ná mar a bhí sé le haghaidh mí Márta de bharr na srianta COVID-19. Ní bheidh bailitheoirí praghsanna na hOifige á chur go dtí ionaid díola chun eolas a bhailiú le haghaidh an PIT i mí Aibreáin.
Tá an Oifig ag cur na bearta teagmhasachta a leanas i bhfeidhm chun bunsonraí an PIT le haghaidh mí Aibreáin a bhailiú:
Cé gur suntasach iad na dúshláin atá rompu i mí Aibreáin, tá ag éirí le foireann an PIT na modhanna bailithe praghsanna a athrú agus a oiriúnú laistigh d’achar gairid ama. Is é is sprioc leis an obair seo ná leanacht den PIT a fhoilsiú de réir an ghnáthsceidil agus caighdeán an innéacs a chinntiú an oiread agus is féidir. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil in éineacht le heisiúint PIT Aibreán 2020. Tá sé beartaithe í seo a fhoilsiú an 14 Bealtaine.
* Nóta maidir le bailiú praghsanna le haghaidh an PIT
Tá dhá mhodh bailithe praghsanna ann a úsáideann foireann an PIT. Úsáidtear bailiú díreach le haghaidh 478 den 615 teideal míre i gciseán earraí agus seirbhísí an PIT. Bailíonn bailitheoirí praghsanna thart ar 50,000 praghas in aghaidh na míosa in ionaid díoltóra fud fad na tíre. Úsáidtear bailiú lárnach le haghaidh an 137 teideal míre eile. Sa phróiseas seo ní bhíonn ach fíorbheagán obair allamuigh ar siúl, agus baill foirne na hOifige ag bailiú praghsanna ón deasca. Déantar fiosruithe tríd an bpost, trí ríomhphoist agus thar an nguthán, mar aon le bailiú praghsanna ar an idirlíon. Thart ar 3,000 praghas a bhailítear ar an gcaoi seo. Ó thaobh ualuithe an chiseáin de (an sciar de thomhaltas iomlán líon tí a bhaineann le gach mír sa chiseán), baineann thart ar 50% an ceann leis an dá mhodh bailithe seo. Mar sin, tá an dá mhodh bailithe chomh tábhachtach céanna chun caighdeán staitistiúil an PIT a chinntiú le linn an ráig COVID-19.