Back to Top

How is the CSO doing?

Your feedback can help us improve and enhance our services to the public. Tell us what matters to you in our online Customer Satisfaction Survey.

 Skip navigation

Open in Excel:

Tá beartaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, gan aon neart ar an gcás, bailiú an Áireamh Talmhaíochta a chur siar óna dháta tosaithe, an 1 Meitheamh 2020. Ní féidir, de bharr an ghéarchéim COVID-19, tascanna lárnacha a bhí ceaptha tarlú idir seo agus mí an Mheithimh a chur i gcrích.

Tá dátaí agus roghanna malartacha do bhailiú an Áireamh Talmhaíochta á mheas faoi láthair. Tá teagmháil déanta ag an Oifig le Eurostat (áisíneacht staidrimh an AE) agus le húsáideoirí lárnacha na staitisticí talmhaíochta faoin gcur chuige is fearr leis na sonraí miondealaithe ar thalmhaíocht na hÉireann a eascraíonn as an Áireamh deichbhliantúil seo.

Cuirfidh an Oifig úsáideoirí sonraí agus an comhphobal talmhaíochta ar an eolas chomh luaithe is atá dáta nua comhaontaithe do bhailiú an Áireamh Talmhaíochta.

Gabhann an Oifig buíochas d’fheirmeoirí uile as a gcomhoibriú leanúnach le ceistneoirí na hOifige a chomhlánú.