Back to Top

 Skip navigation

Suirbhé ar Mhodhanna Táirgthe Talmhaíochta

I mí Mheán Fómhair 2010 seolfar Suirbhé ar Mhodhanna Táirgthe Talmhaíochta (SAPM) ar shampla de ghabháltais talmhaíochta. Baileoidh an SAPM faisnéis ar mhodhanna táirgthe talmhaíochta. Is é cuspóir an SAPM ná staidrimh bhreise a sholáthar d’fhonn beartas agra-chomhshaoil a fhorbairt agus cáilíocht na dtáscairí agra-chomhshaoil a fheabhsú.

 

Cén fáth go bhfuil Áireamh Talmhaíochta á reáchtáil?

An cuspóir atá ag an Áireamh Talmhaíochta ná staitisticí mionsonraithe a bhailiú ar struchtúr na feirmeoireachta in Éirinn. Beidh an t-eolas seo ríthábhachtach chun cinneadh a dhéanamh ar fhorbairt bheartais talmhaíochta in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Tá an tÁireamh á chur i gcrích laistigh den chreatlach de chuid cláir staidrimh an Aontais Eorpaigh, agus Rialachán (CE) Uimh 1166/2008 ach go háirithe. Tá Áirimh chomhchosúla á gcur i gcrích sna ballstáit uile de chuid an AE le linn 2009/2010 chun staitisticí inchomparáide a sholáthar ó na Ballstáit go léir.

 

Cad é Áireamh Talmhaíochta 2010?

Is éard atá i gceist le hÁireamh Talmhaíochta 2010 ná léargas mionsonraithe ar ghníomhaíocht talmhaíochta i bPoblacht na hÉireann. Seolfar ceistneoir áirimh chuig gach gabháltas talmhaíochta sa Stát ina bhfuil an t-achar spáis a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta cothrom le ar a laghad heicteár amháin. Ina theannta sin, áireofar feirmeacha le níos lú ná heicteár amháin san Áireamh freisin má tá siad bainteach i ndiantáirgeadh m.sh. muca nó éanlaithe

 

Cén fáth go bhfuil Áireamh Talmhaíochta á reáchtáil?

An cuspóir atá ag an Áireamh Talmhaíochta ná staitisticí mionsonraithe a bhailiú ar struchtúr na feirmeoireachta in Éirinn. Beidh an t-eolas seo ríthábhachtach chun cinneadh a dhéanamh ar fhorbairt bheartais talmhaíochta in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Tá an tÁireamh á chur i gcrích laistigh den chreatlach de chuid cláir staidrimh an Aontais Eorpaigh, agus Rialachán (CE) Uimh 1166/2008 ach go háirithe. Tá Áirimh chomhchosúla á gcur i gcrích sna ballstáit uile de chuid an AE le linn 2009/2010 chun staitisticí inchomparáide a sholáthar ó na Ballstáit go léir.

 

Cathain an bhfuil Áireamh Talmhaíochta 2010 á reáchtáil?

Tá Áireamh Talmhaíochta 2010 á reáchtáil ar an 1ú Meitheamh 2010.

 

Cé atá ag cur Áireamh Talmhaíochta 2010 i gcrích?

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag cur Áireamh Talmhaíochta 2010 i gcrích. Is í feidhm an CSO ná staitisticí oifigiúla a bhailiú, a thiomsú agus a fhoilsiú ar shaol eacnamaíochta agus sóisialta na hÉireann.

 

Conas an bhfuil Áireamh Talmhaíochta 2010 á chur i gcrích?

Seolfar ceistneoir an Áirimh chuig gach feirmeoir, i dteannta le leabhrán eolais, sa tseachtain roimh dháta tagartha an 1ú Meitheamh 2010. Tá sé tábhachtach go gcomhlíonfaí an ceistneoir agus go seolfaí ar ais é chuig an CSO faoin Máirt, 8ú Meitheamh, 2010. Soláthrófar clúdach litreach saorphoist réamhsheolta chun na críocha seo. Féadfaidh feirmeoirí dul i mbun teagmhála leis an CSO le haon fhiosrúcháin maidir le ceistneoir an Áirimh a chomhlíonadh ar:

Glao-Áitiúil: 1890 924 990

Rphost: agri@cso.ie

Féadfar ceistneoirí athsholáthair a lorg i gcásanna nach bhfuarthas an ceistneoir bunaidh nó go bhfuiltear tar éis é a chur amú. Muna fhaigheann feirmeoir ceistiúchán roimh an 1ú Meitheamh, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Phríomh-Oifig Staidrimh ag an uimhir guthán nó an ríomh-phost thuas.

 

An bhfuil sé éigeantach ceistneoir an Áirimh a chomhlíonadh?

Tá sé éigeantach, tá dualgas reachtúil ar tháirgeoirí talmhaíochta uile a gceistneoir Áirimh a chomhlíonadh.

 

Ag laghdú an ualaigh freagartha in Áireamh Talmhaíochta 2010

Is é an tÁireamh Talmhaíochta an Tionscadal Talmhaíochta is mó curtha i gcrích ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus braitheann sé ar dhea-thoil na bhfeirmeoirí dá chomhlánú agus rath. Glacann an CSO leis go gcuireann a chuid suirbhéanna bac ar fhreagróirí agus chuige sin táthar tiomanta an bac seo a laghdú chomh mór agus atá praiticiúil.

Is é Áireamh Talmhaíochta 2010 an chéad áireamh a bhainfidh úsáid as comhcheangal de thaifid riaracháin agus ceistneoirí páipéir comhlánaithe. Baileofar eolas ar an líon eallaí agus an t-achar spáis atá faoi arbhar agus barra áirithe ó thaifid riaracháin faoi mar atá leagtha amach sa Rialachán CE.

 

Cé úsáideann sonraí an Áirimh Thalmhaíochta?

Soláthróidh Áireamh Talmhaíochta 2010 léargas iomlán agus cuimsitheach den earnáil táirgthe talmhaíochta. Is iad Rialtas na hÉireann agus an Coimisiún Eorpach úsáideoirí príomha na staitisticí seo. Baineann siad araon úsáid as staitisticí dá leithéid d'fhonn cabhrú chun beartas talmhaíochta a chruthú agus monatóireacht a dhéanamh air. Baineann cumainn fheirmeoireachta, taighdeoirí eacnamaíochta agus fiú táirgeoirí talmhaíochta aonair úsáid as staitisticí an Áirimh chomh maith.

 

Bonn Dlíthiúil

Aithníonn Rialachán (CE) 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle dar dáta 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirme agus an suirbhé ar mhodhanna táirgthe talmhaíochta agus ag aisghairm Rialachán na Comhairle (CEE) Uimh. 571/88, an gá atá ann

- áireamh táirgthe talmhaíochta a chur i gcrích i ngach Ballstát gach deich mbliana ar a laghad agus
- feabhas a chur ar bhailiúchán faisnéise ar mhodhanna táirgthe talmhaíochta atá nasctha le faisnéis struchtúrtha ar ghabháltais talmhaíochta

http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2008:321:0014:0034:EN:PDF

Tógfar sonraí ar eallach, gránaigh agus barra áirithe ó na comhaid sonraí riaracháin atá mar choinníoll sa Rialachán anseo thuas. Is iad seo an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus an Córas um Shainaithint agus Chlárú na mBuaibheach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000.

http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2003:270:0001:0069:EN:PDF

http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2000:204:0001:0010:EN:PDF

Is suirbhé reachtúil é Áireamh Talmhaíochta 2010.

 

Sainmhínithe agus Clúdach

Is é cuspóir an Áirimh ná sonraí a bhailiú ar struchtúr na ngabháltas talmhaíochta. Sainmhínítear "gabháltas talmhaíochta” nó “gabháltas”, de réir an tsainmhínithe glactha leis le haghaidh suirbhéanna an AE ar struchtúr na ngabháltas talmhaíochta (Airteagal 2 de Rialachán 1166/2008) mar:

aonad aonair, go teicniúil agus ó thaobh eacnamaíochta de araon, a bhfuil bainistíocht aonair aige agus a ghabhann gníomhaíochtaí talmhaíochta arna liostú in Iarscríbhinn I air féin laistigh de chríoch eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh, mar ghníomhaíocht phríomhúil nó mar ghníomhaíocht tánaisteach

I gclúdach na suirbhéanna a shonraítear sa Rialachán (Airteagal 3) áirítear:

- gabháltais talmhaíochta ina bhfuil heicteár amháin nó níos mó na heicteár amháin sa limistéar talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta
- gabháltais talmhaíochta ina bhfuil níos lú ná heicteár amháin sa limistéar talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta, má tháirgeann na gabháltais sin cion áirithe le díol nó má théann a n-aonad táirgthe thar thairseacha fisiceacha áirithe.

 

Rúndacht

Déileálfar leis an bhfaisnéis ar fad a soláthraítear ar cheistneoirí an Áirimh ar bhonn iomlán rúnda agus ní úsáidfear iad ach chun críocha staidrimh amháin. Tá sé seo ráthaithe ag dlí na hÉireann agus an AE araon.

Sonraíonn Alt 33 den Acht Staidrimh 1993:

33.-(1) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a gheofar in aon slí faoin Acht seo ná faoi na hachtacháin aisghairthe, ar faisnéis í is féidir a chur i mbaint le duine nó le gnóthas inaitheanta, a scaipeadh, a thaispeáint ná a chur in iúl d'aon duine ná d'aon chomhlacht, seachas le toiliú i scríbhinn ón duine sin nó ón ngnóthas sin nó ó ionadaí pearsanta nó neasghaol duine éagtha, ach amháin mar a leanas-

( a ) chun críocha ionchúisimh i leith ciona faoin Acht seo;
( b ) d'oifigigh staidrimh i gcúrsa a ndualgas faoin Acht seo;
( c ) d'fhonn aon fhaisnéis den sórt sin a thaifeadadh chun úsáid na hOifige, agus chuige sin amháin, i cibé foirm agus modh dá bhforálfar le conradh i scríbhinn arna dhéanamh ag an Ard-Stiúrthóir, ar conradh é a chosnaíonn rúndacht na faisnéise chun a shástachta.

 

Stair an Áirimh Thalmhaíochta

Seoladh an chéad Áireamh Talmhaíochta sa bhliain 1847 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin suas go dtí 1953. Ansin cuireadh na hÁirimh Thalmhaíochta i gcrích gach cúig bliana idir 1960 agus 1980 agus gach deich mbliana nó mar sin ina dhiadh sin leis an Áireamh deireanach curtha i gcrích sa bhliain 2000.

 

Suirbhé poist is ea an tÁireamh Talmhaíochta 2010 agus ní lorgófar sonraí ar an nguthán

Ach é sin ráite, má fhaigheann tú glaoch gutháin ón CSO, bainfidh an glao sin le ceist ar leith a bhí agat nó cuirfear glaoch ort mar chur i gcuimhne duit ceistneoir an tÁireamh a chur ar ais. Sa chás seo, cuirfidh na baill foirne iad féin in aithne agus déarfaidh siad go bhfuil siad ag cur glao ort ó rannóg an Áirimh Talmhaíochta de chuid an CSO i gCorcaigh.

Más mian leat ceistneoir an tÁireamh Talmhaíochta a fhreagairt ar an nguthán, rachaidh ball foirne tríd an gceistneoir leat leathanach ar leathanach. I gcás ar bith ní iarrfaidh an CSO sonraí príobháideacha nó pearsanta seachas an t-eolas atá á lorg ar cheistneoir an tÁirimh.