Faisnéis do Shaoránaigh: a chuireann faisnéis agus comhairle ar fáil saor in aisce faoi raon d’ábhair lena n-áirítear cearta fostaíochta.
0818 07 4000, www.citizensinformation.ie/ga/
Na Samáraigh: seirbhís tacaíochta 24 uair sa lá, 365 lá sa bhliain d’aon duine a bhfuil mothúcháin anacra nó éadóchais orthu, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil smaointe féinmharaithe acu agus atá ag lorg duine le labhairt leo. Ar a suíomh gréasáin tugtar liosta de sheolta agus uaireanta oscailte a mbrainsí ar fud na tíre.
116 123, jo@samaritans.org, https://www.samaritans.org/ireland/samaritans-ireland/
Aware: an eagraíocht náisiúnta meabhairshláinte a chuireann tacaíocht, oideachas agus faisnéis ar fáil saor in aisce dóibh siúd atá thíos le dúlagar, neamhord dépholach agus riochtaí gaolmhara giúmair.
1800 80 48 48, supportmail@aware.ie, www.aware.ie
Tugann na suíomhanna gréasáin seo a leanas neart comhairle agus tacaíochta freisin faoi mheabhairshláinte:
www.yourmentalhealth.ie, www.pieta.ie
Líne Chabhrach Drugaí agus Alcóil FSS: a thugann tacaíocht, faisnéis, treoir agus atreorú d’aon duine a bhfuil ceist acu nó imní orthu maidir le húsáid drugaí agus alcóil agus/nó HIV agus sláinte ghnéasach.
1800 459 459, helpline@hse.ie, www.drugs.ie
Al-Anon: a thugann tuiscint agus tacaíocht do theaghlaigh agus cairde óltóirí fadhbacha i dtimpeallacht anaithnid, bíodh an t-alcólach fós ag ól nó ná bíodh.
01 8732699, info@alanon.ie, www.al-anon-ireland.org/
Alcólaigh gan Ainm (AA): comhaltacht d’fhir agus mná a roinneann a dtaithí, a neart agus a ndóchas lena chéile sa chaoi is go bhféadfaidh siad a bhfadhb choiteann a réiteach agus cuidiú le daoine eile téarnamh ón alcólacht.
01 842 0700, gso@alcoholicsanonymous.ie, www.alcoholicsanonymous.ie
Cearrbhaigh gan Ainm (GA): comhaltacht d’fhir agus mná a roinneann a dtaithí, a neart agus a ndóchas lena chéile sa chaoi is go bhféadfaidh siad a bhfadhb choiteann a réiteach agus cuidiú le daoine eile téarnamh ó fhadhb cearrbhachais.
01 8721133, info@gamblersanonymous.ie, www.gamblersanonymous.ie
MABS (Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid): seirbhís comhairle airgid an Stáit, atá ag tabhairt treoir do dhaoine trí dhéileáil le fadhbanna fiachais le breis agus 20 bliain anuas. Tá MABS saor in aisce, faoi rún agus neamhspleách.
0818 07 2000, helpline@mabs.ie, www.mabs.ie
Threshold: carthanas náisiúnta tithíochta a chuireann comhairle agus tacaíocht atá saor in aisce, neamhspleách agus faoi rún ar fáil do dhaoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil a mbaile ar cíos acu.
1800 454 454, advice@threshold.ie, www.threshold.ie
One Family: líne chabhrach do dhaoine atá ina dtuismitheoirí aonair, ag roinnt tuismitheoireachta agus dóibh siúd atá an scaradh.
0818 662 212, helpline@onefamily.ie,
My Options: líne saorghlao FSS a thugann faisnéis agus comhairliúchán atá saor in aisce agus faoi rún do dhaoine a bhfuil toircheas neamhphleanáilte orthu.
1800 828 010, www2.hse.ie/services/unplanned-pregnancy-support-services/my-options-freephone-line.html
Bodywhys: an eagraíocht náisiúnta dheonach ag tacú le daoine atá thíos le neamhoird itheacháin.
1890 200 444, alex@bodywhys.ie, www.bodywhys.ie
Líne Chabhrach LADT: seirbhís náisiúnta tacaíochta do dhaoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha agus Trasinscneacha, a dteaghlaigh agus a gcairde
1890 929 539, info@lgbt.ie, www.lgbt.ie
Cúnamh do Mhná: a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil d’íospartaigh bhaineanna mí-úsáide teaghlaigh, amhail líne chabhrach, atreorú tearmainn agus tionlacan cúirte.
1800 341 900, helpline@womensaid.ie, www.womensaid.ie
Cúnamh d’Fhir: a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil d’íospartaigh fhireanna mí-úsáide teaghlaigh, amhail líne chabhrach, comhairliúchán agus tionlacan cúirte.
01-5543811, hello@mensaid.ie, www.mensaid.ie
An tIonad Éigeandála um Éigniú – Baile Átha Cliath: a oibríonn chun an dochar a chosc agus an tráma a leigheas ó fhoréigean gnéasach. OIbríonn siad le daoine a d’fhulaing ionsaí gnéis, éigniú nó mí-úsáid ghnéasach san óige.
Líne Chabhrach Náisiúnta: 1800 77 88 88, info@rcc.ie, www.drcc.ie