Skip navigation

John Hoopers Winners Banner image

Bonn Staidrimh John Hooper 2024

Bhí rath mór arís i mbliana ar an gComórtas Bhonn Staidrimh John Hooper. Gach bliain bíonn ríméad orainn an oiread san iontrálacha a fháil isteach.

Seoladh an ceathrú heagrán déag de Chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper ar an 25 Deireadh Fómhair 2023 ag ár Searmanas Bronnta i bPáirc an Chrócaigh. San iomlán, fuaireamar 258 iontráil. Rinne painéil de chuid na hOifige dhá réamhbhabhta moltóireachta ar na póstaeir agus iad ag obair de réir critéir mhionsonraithe moltóireachta. Cuireadh 15 phóstaer ar an ngearrliosta don bhabhta moltóireachta deiridh. Ar an bpainéal don bhabhta deiridh sin, faoi chathaoirleacht Fiona O’Callaghan, bhí:


Painéal

Ar an bpainéal don bhabhta deiridh sin, faoi chathaoirleacht Fiona O’Callaghan, bhí:

An Dr Kieran Murphy
Léachtóir sa Mhatamaitic
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt
Port Láirge


Kathleen O'Sullivan
Léachtóir & Stiúrthóir ar an Aonad Sainchomhairleoireachta Staitistiúil
Scoil na nEolaíochtaí Matamaiticiúla
Coláiste na hOllscoile Corcaigh


Tim Linehan
Staitisteoir Sinsearach
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh


Fiona O’Callaghan
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh


Torthaí

Is iad seo a leanas torthaí bhreithniú na moltóirí:

Chéad Áit agus buaiteoirí Bhonn Staidrimh John Hooper

Beidh an fhoireann seo ag glacadh páirt i gComórtas Staidrimh na hEorpa 2024 ar son na hÉireann, sa chatagóir sóisearach.

Daltaí: Nick Kuzmin, Emilie Dowdall
Múinteoir: Stephen Begley
Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan,
Dún Dealgan,
Contae an Lú

Background Radiation and its Sources in Dundalk (PDF 869KB)

Dara hÁit

Daltaí: Nicole Bujnowska, Hannah Vaughan
Múinteoir: John Sims
Meánscoil Mhuire gan Smál,
Lios Dún Bhearna,
Contae an Chláir

An Investigation into the Covering Behaviour of the Purple Sea Urchin (PDF 339KB)


Tríú hÁit

Daltaí: Eilidh Lawless, Caoimhe McCarthy
Múinteoir: John Sims
Meánscoil Mhuire gan Smál,
Lios Dún Bhearna,
Contae an Chláir

Does water temperature affect the righting ability of two species of starfish (Asterias rubens and Asterina gibbosa)? (PDF 627KB)


Ord Fiúntais (ní in ord ar leith ar bith)

Thug na moltóirí ord fiúntais do na póstaeir seo a leanas:

Beidh an fhoireann seo ag glacadh páirt i gComórtas Staidrimh na hEorpa 2024 ar son na hÉireann, sa chatagóir sinsearach.

Daltaí: Corentin Blanchet, Kian Blanchet
Múinteoir: Stephen Begley
Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan,
Dún Dealgan,
Contae an Lú

Does Fuel Price Affect the Sale of Electric Cars (PDF 256KB)

 

Daltaí: Maeve Forrest, Jessica Tubb
Múinteoir: Brian Shanahan
Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan,
Droichead na Bandan,
Contae Chorcaí

Unplugged - Investigating smartphone addiction among teens (PDF 187KB)


Daltaí: Savine Keaveney, Ella Grogan, Tracey Gillooly
Múinteoir: Patricia McHugh
Pobalscoil Ghleann na Madadh,
Gleann na Madadh,
Contae na Gaillimhe

What doesn't kill you makes you stronger! (PDF 212KB)


Daltaí: John Ding, Sean Mullane
Múinteoir: Padraig Costello
Coláiste na Carraige Duibhe
An Charraig Dhubh,
Contae Bhaile Átha Cliath

A study into the Effectiveness of Popular AI Chatbots (PDF 8,117KB)


Daltaí: Chaewhan Shin, Ronan Fahey
Múinteoir: Padraig Costello
Coláiste na Carraige Duibhe
An Charraig Dhubh,
Contae Bhaile Átha Cliath

How has Covid-19 affected the social development of students in Dublin (PDF 80KB)


Daltaí: Caoilinn Cahill, Aimee Colleran, Sofia Lynch
Múinteoir: Michelle Madigan
Coláiste Muire,
Inis,
Contae an Chláir

Is it more expensive to be a woman (PDF 698KB)


Daltaí: Cliona Jones, Ciara Punch, Kate Senton
Múinteoir: Michelle Madigan
Coláiste Muire,
Inis,
Contae an Chláir

Does the cost of playing sports discourage people from playing (PDF 319KB)


Daltaí: Grace Higgins, Sophie O'Connor
Múinteoir: Laura Brogan
Coláiste Naomh Aindriú,
An Charraig Dhubh,
Contae Bhaile Átha Cliath

There's Trouble in the Water! The Effects of Organic and Synthetic Fertilisers on Plant Growth and Eutrophication (PDF 14,143KB)

Daltaí: Emily Liu, Beth Kelly, Danijela Pilipovic
Múinteoir: Jennifer Hand
Iarbhunscoil na Sceiche,
Dún Dealgan,
Contae an Lú

Nature or Nurture (PDF 5,384KB)


Daltaí: Mastora Akhon, Syeda Fatima Shah
Múinteoir: Martin Murphy
Coláiste Chiaráin,
Cromadh,
Contae Luimní

How Effective are Campaigns at Preventing Incidence Increases Regarding Health Related Issues? (PDF 720KB)


Daltaí: Grace Joyce, Amira Curran
Múinteoir: Deirdre O’Callaghan
Coláiste Dhroichead Nua,
An Droichead Nua,
Contae Chill Dara

Does the Rising Cost of Living Affect our Ability to Live Sustainably? A Case Study of a Suburban Town in Co. Kildare (PDF 999KB)


Daltaí: Seamus Keenan, Isaac White
Múinteoir: Sophie Caine
Scoil Dheoiseach Naomh Muire,
Droichead Átha,
Contae an Lú

Is there a correlation between the number of hours of screen time and fine motor skills? (PDF 207KB)

 


Aiseolas maidir leis na póstaeir

Is iad seo a leanas roinnt deacrachtaí a thagann aníos gach bliain le linn na próisis clárúcháin agus iontrála:

  • Iontrálacha sa bhformáid mhícheart
  • Ainm na scoile nó ainmneacha na ndaltaí luaite ar an bpóstaer

Meabhraítear do mhúinteoirí agus do dhaltaí gach bliain a thábhachtaí is atá sé na rialacha a léamh go cúramach. Mar sin féin, tá roinnt cás arís i mbliana d’fhoirne rannpháirteacha nár chloígh leo. Liosta gairid rialacha atá i gceist, iad scríofa go simplí agus ceaptha an próiseas a éascú don Oifig agus do scoileanna araon. Ba thrua é d’aon fhoireann a bheith fágtha as an iomaíocht tar éis dóibh oibriú go dian. Bheimis breá sásta aon cheisteanna a fhreagairt maidir leis na riachtanais iontrála.

Aiseolas ó na moltóirí

Chuaigh an raon leathan topaicí suimiúla a clúdaíodh i bpóstaeir na bliana seo i gcion go mór ar na moltóirí.

É sin ráite, seo roinnt comhairle faoi na gnéithe gur féidir iad a fheabhsú:

Déan iarracht gan dath dorcha a úsáid mar chúlra ar do phóstaer ós rud é go bhfágann sé an-deacair é cuid den téacs a léamh. Uaireanta, tá difríocht idir cuma na ndathanna agus na gclónna ar an scáileáin agus a gcuma ar pháipéar, mar sin ba smaoineamh maith é cóip den phóstaeir a phriontáil amach ionas gur féidir breathnú air sula gcuireann sibh é faoi bhráid.

Chomh maith leis sin, tabhair aird don chomhréir idir spás bán agus téacs/graif; cinnte is tábhachtach go mbeadh spás ban ann dos na himill, srl. le nach mbeadh an póstaer míshlachtmhar, ach ar an lámh eile de is deacair cló beag agus graif bheaga a léamh. I gcás póstaeir a úsáideadh le haghaidh iontráil i gComórtas an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta, ba chóir roinnt eagarthóireachta a dhéanamh air seo chun go bhfeilfeadh sé níos fearr do chomórtas póstaeir.

Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is maith iad barrachairteacha chun comparáid a dhéanamh, agus tá líne-chairteacha níos fearr ó thaobh treochtaí de. Léirítear gaolta agus dáiltí go beacht le scaipghram, ach ba chóir píchairteacha a úsáid do chomhdhéanaimh shimplí amháin – níor chóir iad a úsáid riamh do chomparáidí nó do dháiltí. B’fhearr go mbeadh graif ina gcuidiú don léitheoir ciall a bhaint as na torthaí atá agat, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain leas as eochair eolais más gá.

Léiríodh mianach i go leor de na póstaeir leis an ábhar a roghnaíodh, le bailiú sonraí agus mar sin de, ach ní raibh an caighdeán céanna le braith sa mhír anailíse. Bain triail as réimse teicnící staitistiúla, lena n-áirítear staitisticí tuairisciúla agus infeireacha.

Tabhair eolas níos fearr maidir le foinse na sonraí. I gcás roinnt póstaer, ba laige í nach raibh cur síos déanta orthu faoi mhodhanna suirbhéireachta nó bailithe sonraí.

Bí cúramach maidir le topaicí íogaire. Níor mhaith linn cur in aghaidh a leithéid a roghnú ach ba chóir do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon a bheith airdeallach ar shaincheisteanna rúndachta agus suirbhéireachta eiticiúil.

Ar deireadh, is furasta do phóstaer a phrofáil sula gcuireann tú isteach é óir gur féidir le botúin chló nó litrithe cuir as do dhea-íomhá an phóstaeir.

Soiléireacht na teachtaireachta: Déan iarracht gan an póstaer a bheith róchasta – ní gá an iliomad míreanna éagsúla a thástáil nó a anailísiú.

Bailiú sonraí: Sa chás go bhfuil sonraí suirbhéireachta á bhailiú as scoil ar leith, ba chóir roinnt eolas cúlra faoin scoil (aoninscne nó measctha, méid, srl) a chur ar fáil ionas go mbeidh comhthéacs leis na torthaí agus iad trédhearcach dá bharr. D’fhéadfaí éifeachtaí an neamhfhreagracht, má tá a leithéid ann, a chíoradh.

Anailísiú agus conclúidí: Bí cúramach agus tuairisciú á dhéanamh ar na torthaí. Ná téigh thar fóir leis na tátail/conclúidí gur féidir a dhéanamh bunaithe orthu seo - de ghnáth bíonn tátail teoranta don sampláil agus is beag an seans go mbainfidh siad leis an ndaonra iomlán. Tá sé an-tábhachtach modh anailísithe staitistiúil a roghnú atá iomchuí don chineál sonraí a bailíodh. Déan iarracht an tráchtaireacht a bheith oibiachtúil seachas suibiachtúil.

Graif agus táblaí: Déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain úsáid as graf/graif sa stíl is oiriúnaí do do theachtaireachta. Seachain graif thríthoiseacha (3D) óir is minic go mbaineann an leagan amach seo d’inléiteacht an ghraif féin. Roghnaigh an cineál graif cuí chun do sonraí a léiriú – mar shampla, ná úsáid líne-chairteacha in achoimre ar shonraí catagóireacha. Agus do chuid torthaí á léiriú agat, tabhair figiúirí go dhá ionad de dheachúlacha ar mhéid - mura bhfuil gá ar leith len iad a thaispeáint ar leibhéal níos cruinne.

Cur i láthair: Tabhair aire maidir le litriú, ailíniú foriomlán agus formáidiú an phóstaeir. Más féidir ar chur ar bith é, seachain an iomarca téacs nó ábhar eile a chur ar an bpóstaer. Uaireanta, tógtar ón éifeacht atá tuillte ag obair chrua na ndaltaí le níos mó téacs san áireamh agus an cló a dhéanamh níos ísle. Bain leas as meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuir i gcuimhne go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus íomhánna ná téacs.

Do phóstaer i bhformáid sleamhnán, ná déan rud casta de ghluaiseacht an scéil atá á insint agat. Bí cinnte go leanann na sleamhnáin ceann i ndiaidh a chéile ar bhonn simplí, intuigthe, éasca le léamh. Mar shampla:

Image for Feedback

Déan sracfhéachaint ar gach píosa téacs, graf agus íomhá lena chinntiú go bhfuil siad inléite sa leagan deiridh den phóstaer. I roinnt cásanna i mbliana, níorbh fhéidir an téacs a léamh toisc é a bheith róchosúil le dath an chúlra – bain triail as cló dorcha ar chúlra geal.

Is maith an rud é póstaer tarraingteach a bheith mar cuspóir agat, ach bí cúramach leis an scéim dhathanna a roghnaíonn tú. Is leor 2 nó 3 dhath éagsúla. Úsáid scéim dhathanna nach bhfuil scéiniúil nó géar le breathnú air. Seachain cúlraí atá róphlúchta.

Cruthaitheacht/Tábhacht: Is codanna lárnacha den chomórtas iad úrnuacht agus cruthaitheacht chomh fada is a bhaineann sé leis an gceist taighde. 

Fáilte roimh aiseolas

Cuirfimid fáilte roimh aon aiseolas nó tuairimí a d’fhéadfadh a bheith agat faoi chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper ach iad a sheoladh chuig studentcompetitions@cso.ie