Skip navigation

Tá deireadh le tréimhse iarratais an phoist seo.

 

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) institiúid náisiúnta staidrimh na hÉireann agus tá sé mar phríomhchúram againn staitisticí a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh ar bhonn neamhchlaonta maidir le pobal, sochaí agus geilleagar na hÉireann. Le staitisticí oifigiúla an CSO, cuirtear bonn eolais faoi chinnteoireacht i mórán réimsí éagsúla, lena n-áirítear foirgníocht, sláinte, leas sóisialach, an comhshaol agus an geilleagar.

Táimid ag cuardach daoine fuinniúla éirimiúla chun a bheith páirteach inár gClár Céimithe 2024/2025 agus deiseanna againn sna catagóirí a leanas:

  1. Staidreamh/Eacnamaíocht/Anailísiú Sonraí
  2. Córais Faisnéise Geografaí
  3. Rialachas Sonraí / Cosaint Sonraí
  4. Cumarsáid Dhigiteach
  5. Teicneolaíocht Faisnéise
  6. Leabharlannaí / Cartlannaí
  7. Eolaíochtaí Iompraíochta

 

Tá ceanncheathrú na hOifige lonnaithe i gCorcaigh agus dhá láthair eile aici i mBaile Átha Cliath (Ráth Maoinis agus Sord).

D’fhéadfaí céimithe a cheapadh ón gcomórtas seo ar feadh tréimhse shainithe (9 mí) ag tosú i Meán Fómhair 2024, chun tabhairt faoi thionscadal leis an Oifig seo nó le roinn rialtais/comhlacht eile stáit faoi scáth Chóras Staidrimh na hÉireann.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar conas iarratas a dhéanamh, cliceáil anseo.

Dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 3i.n. ar an 15 Márta 2024.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais ar na naoi mbonn uile atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.