Skip navigation

- Síneadh ama curtha leis -

Agallóirí Suirbhé Buana ⁊ Sealadacha

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) oifig staitistiúil náisiúnta na hÉireann, agus é mar phríomhaidhm aici staitisticí maidir le daoine, sochaí agus geilleagar na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh ar bhonn neamhchlaonta. Leis na staitisticí seo cuirtear bonn eolais faoi chinnteoireacht i mórán réimsí éagsúla, lena n-áirítear foirgníocht, sláinte, leas sóisialach, an comhshaol agus an geilleagar.

Gach seachtain, téann agallóirí suirbhé an CSO ag labhairt le daoine chun eolas a bhailiú ó líonta tí ar fud an stáit. Is leis na suirbhéanna seo a fhaighimid léargas cruinn ar staid gheilleagrach agus shóisialta mhuintir na hÉireann.

Tá folúntais faoi láthair ag an CSO d’Agallóirí Suirbhé, do phoist Bhuana agus Shealadacha, ar bhonn náisiúnta.

Sonraítear riachtanais an róil i leabhrán eolais an chomórtais.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Acmhainní Daonna an Fhoireann Allamuigh ar (+353) 21 453 5471 nó cuir ríomhphost chuig competitions_interviewer@cso.ie

DÁTA DEIRIDH CHUN IARRATAIS A BHEITH FAIGHTE: 12 meán lae, Luan an 14 Márta 2022

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais ar na naoi mbonn uile atá leagtha amach sna Achtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 go 2015.