Back to Top

Central Statistics Office

Gaeilge

Search currently unavailable

 Skip navigation

Gaeilge agus an Ghaeltacht

Print
Open in Excel:

B’ionann agus 1,761,420 duine an líon iomlán daoine (3 bliana d’aois agus os a chionn) a raibh Gaeilge labhartha acu i mí Aibreáin 2016. B’ionann é sin agus 39.8 faoin gcéad den daonra. Is laghdú 13,017 duine é sin ón bhfigiúr don bhliain 2011, nuair a bhí 1,774,437 nduine ann a raibh Gaeilge labhartha acu. B’airde an líon ban agus cailíní ná an líon fear agus buachaillí a chuir in iúl go raibh Gaeilge labhartha acu. Bhí 968,777 mbaineannach ann, 55% den iomlán, a raibh Gaeilge labhartha acu agus 792,643 fireannach, nó 45% (ag fágáil iad siúd nár thug freagra as an áireamh). Is patrún é sin a bhí le sonrú i ndaonáirimh roimhe.

Cainteoirí Gaeilge de réir contae

Léirítear i Léarscáil 5.1 an céatadán de chainteoirí Gaeilge i ngach contae sa bhliain 2016. De na contaetha riaracháin ar fad, bhí an céatadán ab airde de chainteoirí Gaeilge ag Contae na Gaillimhe (daonra 3 bliana d'aois agus níos sine), agus 49 faoin gcéad den phobal ansin ag cur in iúl go raibh Gaeilge labhartha acu. Ba laghdú 2 faoin gcéad é sin ón mbliain 2011. Bhí na céatadáin ab airde ina dhiaidh sin ag an gClár (45.9%), ag Contae Chorcaí (44.9%) agus ag Maigh Eo (43.9%). Bhí na céatadáin ab ísle le fáil i gCathair Bhaile Átha Cliath (29.2%), i Lú (34.1%), i mBaile Átha Cliath Theas (34.1%) agus sa Chabhán (34.6%).

Tábla idirghníomhach:Nasc TaisceSonraí EA040

Cainteoirí Gaeilge i gcathracha

Nuair a scrúdaíodh iad de réir cineál lonnaíochta uirbí, mar a léirítear i bhFíor 5.1, léirítear sna torthaí go raibh an ráta ab airde cainteoirí Gaeilge ag Cathair na Gaillimhe agus a bruachbhailte (41.4%) agus ag Cathair Chorcaí agus a bruachbhailte (40.9%) ina diaidh. Ba do Chathair Bhaile Átha Cliath agus a bruachbhailte (32.8%) a taifeadadh an ráta ab ísle do chathair.

De na ceantair uirbeacha eile, bhí an ráta ab airde cainteoirí Gaeilge ag bailte beaga ar lú a ndaonra ná 1,500 duine. B’ionann an meánráta iontu agus 40.8 faoin gcéad. Bhí na rátaí ab airde ar fad ag ceantair thuaithe, áit a raibh Gaeilge labhartha ag 44.6 faoin gcéad den phobal.

%
Baile Átha Cliath (cathair agus bruachbhailte)32.8
Corcaigh (cathair agus bruachbhailte)40.9
Luimneach (cathair agus bruachbhailte)37.6
Gaillimh (cathair agus bruachbhailte)41.4
Port Láirge (cathair agus bruachbhailte)34.1
Bailte 10,000+ duine36.5
Bailte 5,000-9,999 duine37.2
Bailte 1,500-4,999 duine36.3
Bailte 1,000-1,499 duine37.9
Bailte faoi bhun 1,000 duine39.8
Ceantar iomlán tuaithe44.6

Tábla idirghmníomhach:Nasc TaisceSonraí EA041

An mhinicíocht a labhraítear Gaeilge

Den 1,761,420 duine a dheimhnigh go raibh Gaeilge labhartha acu in 2016, chuir 418,420 duine in iúl nach labhraíodh siad riamh í agus chuir 558,608 nduine eile in iúl go labhraíodh siad í laistigh den chóras oideachais amháin. I measc an ghrúpa atá fágtha, chuir 586,535 dhuine in iúl go labhraíodh siad Gaeilge níos lú ná gach seachtain. Labhraíodh 111,473 dhuine gach seachtain í agus tá díreach 73,803 dhuine a labhraíodh Gaeilge gach lá. 

Cuirtear na sonraí sin i láthair i bhFíor 5.2 i bhfoirm pirimid daonra ina léirítear an céatadán de gach aois i ngach ceann de na catagóirí minicíochta. I gcás fear idir 21 bhliain d’aois agus 33 bliana d’aois, b’ionann an líon cainteoirí laethúla Gaeilge agus níos lú ná leath faoin gcéad den daonra, mar is féidir a fheiceáil sa ghraf. Arís, ba mhó an líon ban (40,361) ná an líon fear (33,442) a bhí ann i measc iomlán na gcainteoirí laethúla Gaeilge.

 

 

Is féidir struchtúr an phobail labhartha Gaeilge a fheiceáil trí chliceáil ar cheann de na cnaipí thíos:

Léirítear i bhFíor 5.3 an cóimheas gnéasanna de réir aoisghrúpa 5 bliana de chainteoirí laethúla Gaeilge sa bhliain 2016.

Suas go dtí 55 bliana d’aois, b’airde an líon ban ná an líon fear i ngach aoisghrúpa agus b’airde go mór go háirithe an líon cainteoirí baineanna Gaeilge a bhí sna tríochaidí agus sna daichidí luatha ná an líon cainteoirí fireanna Gaeilge san aoisghrúpa sin. Ní raibh ach 631 chainteoir fhireanna laethúla Gaeilge ann do gach 1,000 cainteoir baineann laethúil Gaeilge san aoisghrúpa 35-44 bliana.

An lion daoine fireanna in aghaidh na 1,000 duine baineann
65 bliana agus os a chionn1025
55 - 64 bliana1054
45 - 54 bliana771
35 - 44 bliana631
25 - 34 bliana685
20 - 24 bliana831
15 - 19 bliana830
10 - 14 bliana895
5 - 9 bliana919
3 - 4 bliana917

Tábla idirghmníomhach:Nasc TaisceSonraí EA059

Sin í an fhírinne

  • •39.8% - An céatadán den daonra a raibh Gaeilge labhartha acu sa bhliain 2016 (1,761,420 duine)
  • •49% - An céatadán de dhaonra Chontae na Gaillimhe a raibh Gaeilge labhartha acu sa bhliain 2016 (84,249 nduine)
  • •179,317 - An líon daoine a raibh Gaeilge labhartha acu i gContae Chorcaí sa bhliain 2016 - an líon ab airde i measc na gcontaetha riaracháin ar fad
  • •370,116 - An líon daoine a raibh Gaeilge labhartha acu i gCathair Bhaile Átha Cliath agus a bruachbhailte sa bhliain 2016

Cainteoirí laethúla

Mar a chuirtear i láthair i dTábla 5.1, bhí an dearbhlíon ab airde cainteoirí laethúla Gaeilge ag Cathair Bhaile Átha Cliath agus a bruachbhailte, áit a raibh an líon cothrom le 14,903 dhuine. Is méadú é sin ó 14,229 nduine sa bhliain 2011 agus is ionann é agus 20.2 faoin gcéad de na cainteoirí laethúla ar fad. Bhí 6,034 chainteoir laethúla ag Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach le chéile. B’ionann é sin agus 8.2 faoin gcéad den iomlán. Gan na cathracha a áireamh, ba sa Bhun Beag-Doirí Beaga (771 duine), Leitir Ceanainn (525 dhuine) agus Sord (487 nduine) a bhí an dearbhlíon ab airde cainteoirí laethúla Gaeilge.

I measc na gcathracha, bhí an céatadán ab airde de chainteoirí laethúla Gaeilge ag Cathair na Gaillimhe agus a bruachbhailte. B’ionann é agus 3 faoin gcéad. Bhí an céatadán ab ísle ag ag cathair Phort Láirge agus a bruachbhailte, áit arbh ionann an céatadán agus 0.8 faoin gcéad. I measc na mbailte móra (10,000 duine nó níos mó), bhí an céatadán ab airde de chainteoirí laethúla ag Leitir Ceanainn (2.9%), faoi mar a bhí amhlaidh i dtorthaí 2011. 

Tábla 5.1 Bailte a bhfuil an líon is airde cainteoirí laethúla Gaeilge acu, 2016
BaileLíon daoine atá 3 bliana d’aois nó os a chionnLíon cainteoirí laethúla Gaeilge% de chainteoirí laethúla Gaeilge
Cathair Bhaile Átha Cliath agus a bruachbhailte1,127,71614,9031.3
Cathair Chorcaí agus a bruachbhailte201,0862,7271.4
Cathair na Gaillimhe agus a bruachbhailte77,0322,3443
Cathair Luimnigh agus a bruachbhailte90,3799631.1
An Bun Beag-Doirí Beaga1,44577153.4
Leitir Ceanainn18,3175252.9
Sord37,4034871.3
Bré31,3534841.5
An Cheathrú Rua75346461.6
Droichead Átha39,1274351.1

Tábla idirghmníomhach: Nasc TaisceSonraí EA054

Léirítear i dTábla 5.2 na bailte sin ar lú a ndaonra ná 1,500 duine de réir an chéatadáin de chainteoirí laethúla Gaeilge i mí Aibreáin 2016. Seachas Béal Átha an Ghaorthaidh i gCorcaigh, tá na bailte eile go léir suite i nDún na nGall nó i nGaillimh. Tá Cill Rónáin, ceann amháin de na trí bhaile i nGaillimh ar an liosta, suite ar oileán Inis Mór, amach ó chósta na Gaillimhe. 

Tábla 5.2 Bailte a bhfuil an céatadán is airde de chainteoirí laethúla Gaeilge acu, 2016
BaileContae Líon daoine 3 bliana d’aois nó os a chionn% de chainteoirí laethúla Gaeilge
Mín LárachDún na nGall40073.3
Rann na FeirsteDún na nGall30266.6
An Cheathrú RuaGaillimh75361.6
Bun na LeacaDún na nGall38558.2
An Bun Beag-Doirí BeagaDún na nGall1,44553.4
Cill RónáinGaillimh24043.3
Béal Átha an GhaorthaidhCorcaigh22842.5
Gort an ChoirceDún na nGall17841.6
Loch an lúirDún na nGall30136.9
An SpidéalGaillimh23235.3

Leibhéal ard oideachais

Tríd is tríd, bhí leibhéal ní b’airde oideachais ag cainteoirí laethúla Gaeilge ná an pobal i gcoitinne. Bhí céim tríú leibhéal ar a laghad ag 49 faoin gcéad díobh, i gcomparáid le 28.5 faoin gcéad den phobal i gcoitinne.

Gach duineCainteoirí laethúla Gaeilge
Céim nó níos airde28.4553249
Gan chéim10.838347.807646
Iar-bhunoideachas ard27.2896614.76826
Iar-bhunoideachas íseal14.522395.784285
Bunoideachas (lena n-áirítear gan oideachas ar bith)12.479555.982065
Gan a bheith ráite6.4147452.378536

Sin í an fhírinne

  • • 3,240 (7.8%) - An líon múinteoirí bunscoile agus naíscoile a labhair Gaeilge go laethúil lasmuigh den scoil sa bhliain 2016
  • • 1,849 (4.4%) - An líon múinteoirí bunscoile agus naíscoile a labhair Gaeilge go seachtainiúil lasmuigh den scoil sa bhliain 2016
  • • 840 (1.2%) - An líon feirmeoirí ar obair a labhair Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais sa bhliain 2016
  • • 313 (2.5%) - An líon Gardaí a labhair Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais sa bhliain 2016
  • • 611 (4.9%) - An líon Gardaí a labhair Gaeilge go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais sa bhliain 2016
Tábla 5.3 Na slite beatha is mó ar obair a labhair Gaeilge go laethúil sna réigiúin Ghaeltachta, 2016
Slí bheathaLíon daoine
Múinteoirí bunscoile agus naíscoile569
Feirmeoirí520
Múinteoirí meánscoile345
Slite beatha eile riaracháin nach bhfuil aicmithe in áit ar bith eile304
Cúntóirí díolacháin agus miondíola, airgeadóirí agus cúntóirí cuntar íocaíochta282
Oibrithe cúraim agus cúramóirí baile239
Altraí agus cnáimhsigh181

An Ghaeltacht

Bhí 96,090 duine ina gcónaí i limistéir Ghaeltachta i mí Aibreáin 2016. Díobh sin, chuir 63,664 dhuine (66.3%) in iúl go bhfuil Gaeilge labhartha acu. Is laghdú 2,574 dhuine é sin ón bhfigiúr don bhliain 2011. Chomh maith leis sin, chonacthas laghdú ar an gcéatadán de dhaoine a raibh Gaeilge labhartha acu ó 68.5 faoin gcéad sa bhliain 2011.

De na daoine sin a chuir in iúl do go bhfuil Gaeilge labhartha acu, labhraíonn 20,586 dhuine go laethúil í. Is ionann é sin agus 21.4 faoin gcéad de na daoine ar fad atá 3 bliana d’aois nó os a chionn sna réigiúin sin. Labhraíonn 6,284 dhuine sa bhreis Gaeilge go seachtainiúil. Maidir le 36,794 dhuine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, labhraíonn siad Gaeilge ar bhonn nach bhfuil chomh minic sin, ní labhraíonn siad Gaeilge riamh, ní labhraíonn siad Gaeilge ach san oideachas amháin nó níor luaigh siad cé chomh minic a labhraíonn siad Gaeilge.

Bhí an céatadán ab airde de chainteoirí laethúla Gaeilge ag an bpobal sa cheantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe; ionann agus 29.0 faoin gcéad de dhaonra na háite. Bhí an céatadán ab ísle ag Cathair na Gaillimhe, áit arbh ionann an céatadán agus 4.3 faoin gcéad. Bhí an céatadán ab airde de chainteoirí seachtainiúla Gaeilge le fáil sa cheantar Gaeltachta i gCorcaigh. B’ionann an céatadán agus 11.7 faoin gcéad.

 

Sainítear na teorainneacha Gaeltachta le hOrduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956–1982. Tá siad lonnaithe sna contaetha seo: Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, an Mhí, Maigh Eo agus Port Láirge.

Gan cumas labhartha Gaeilge nó gan tagairt don cheistNí chomh minic sin, ní labhraíodh riamh í, nó gan a bheith ráiteGo seachtainiúilGo laethúil
Contae na Gaillimhe27.637.75.729
Port Láirge26389.126.9
Dún na nGall29.836.97.126.2
Corcaigh30.636.58.724.2
Ciarraí23.741.511.723.2
An Mhí40.237.36.615.9
Maigh Eo39.244.57.48.9
Cathair na Gaillimhe53.6384.14.3

Sin í an fhírinne

  • • 9,445 - An líon daoine a labhair Gaeilge ar bhonn laethúil i limistéir Ghaeltachta Chontae na Gaillimhe sa bhliain, 2016
  • • 5,929 - An líon daoine a labhair Gaeilge ar bhonn laethúil i limistéir Ghaeltachta Dhún na nGall sa bhliain, 2016

Limistéir Pleanála Teanga (LPT)

Faoi bhun Acht na Gaeltachta 2012, rinneadh ceantair Ghaeltachta a athshainiú ina 26 Limistéar Pleanála Teanga. Astu seo, taifeadadh an sciar ba mhó cainteoirí laethúla Gaeilge i dToraigh sa bhliain 2016, is é sin 74.6 faoin gcéad. Thíos faoi seo, tá tábla ina léirítear úsáid laethúil na Gaeilge i measc an daonra 3 bliana d’aois agus níos sine i ngach LPT mar a bhí ar oíche an daonáirimh sna blianta 2016 agus 2011.

Tábla 5.4 Cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais mar chéatadán den daonra 3 bliana d'aois agus níos sine de réir Limistéar Pleanála Teanga, 2011 - 2016
 20112016
 Daonra (3+ bliana d'aois)Labhraíonn Gaeilge go laethúil lasmuigh den oideachas%Daonra (3+ bliana d'aois)Labhraíonn Gaeilge go laethúil lasmuigh den oideachas%
Toraigh14710772.81148574.6
Ceantar na nOileán2,1931,43665.52,0571,47471.7
An Cheathrú Rua2,4001,65368.92,3921,55865.1
Oileáin Árann1,21277063.51,18768157.4
Conamara Láir3,0141,70456.52,8551,60356.1
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir6,0673,35655.35,7042,90050.8
Cois Fharraige6,2593,38454.16,4393,10448.2
Árainn Mhór50323446.546421947.2
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh4,1871,85944.43,9031,54639.6
Ciarraí Thiar6,7142,38035.46,7081,92828.7
Na Déise1,69345426.81,73846726.9
Cléire1194033.61453624.8
Múscraí3,59695526.63,61983623.1
An Ghaeltacht Láir1,58746029.01,54133721.9
Ráth Chairn agus Baile Ghib1,69932118.91,77628315.9
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh3,14956317.93,08842613.8
Dún na nGall Theas2,95639713.42,95532210.9
Tuaisceart Dhún na nGall2,88435912.42,7162469.1
Maigh Eo Thiar2,19929213.32,0881808.6
Maigh Eo Thuaidh7,3257279.96,9685638.1
Maigh Cuilinn4,0443649.04,2852997.0
Ciarraí Theas1,7351488.51,7531216.9
Bearna agus Cnoc na Cathrach10,6107196.811,1846605.9
Na Rosa5,4793947.25,2112745.3
An tEachréidh7,4402974.07,6762232.9
Oirthear Chathair na Gaillimhe7,4172483.37,5242152.9

Cainteoirí laethúla Gaeilge de réir toghroinne, 2016