Skip navigation

Comhaid Excel

Conas Comhaid Excel (.xls) a oscailt

Conas Comhaid Excel (.xls) a íoschóipeáil

Cúnamh chun comhaid Excel a íoschóipeáil do Netscape

Conas Comhaid Excel (.xls) a oscailt

 

Mura bhfuil Microsoft Excel agat, féadfaidh tú an Excel File Reader a íoschóipeáil ó Microsoft saor in aisce. Tugann Excel File Reader an deis duit táblaí íoschóipeáilte i bhformáid Excel a fheiceáil, a phriontáil agus a chóipeáil. Féadfaidh tú é seo a úsáid chun na comhaid seo a easpórtáil chuig feidhmchlár scarbhileoige eile.

 

Conas Comhad Excel a íoschóipeáil
Internet Explorer

  • Chun comha(i)d a íoschóipeáil deaschliceáil ar an nasc agus roghnaigh “Save Target As".

Brabhsálaí Eile

  • Deaschliceáil ar an nasc agus úsáid choibhéiseach do bhrabhsálaithe de "Save As" chun comha(i)d a íoschóipeáil


Cúnamh chun Comhaid Excel a íoschóipeáil do Netscape

Más úsáideoir Netscape thú agus deacrachtaí agat le comhaid Excel a íoschóipeáil ónár láithreán, ba chóir go gcuirfeadh na treoracha seo a leanas ar do chumas rochtain a fháil ar na comhaid.
Tá dhá réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann tugtha thíos:

  • Deaschliceáil ar an gcomhad atá tú ag iarraidh a íoschóipeáil.
  • Feicfidh tú liosta roghanna.
  • Roghnaigh "Save As" agus sábháil an comhad in áit éigin ar do ríomhaire.
  • Ba chóir go mbeifeá in ann an comhad sin a oscailt ón áit ar shábháil tú ann é

nó féadfaidh tú na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Deaschliceáil ar an gcomhad atá uait agus oscail i bhfuinneog an bhrabhsálaí é.
  • Osclóidh an comhad i Netscape ach ní bheidh an chuma air gur féidir é a léamh.
  • Ón mBrabhsálaí, roghnaigh File>Save As agus sábháil an comhad in áit éigin ar do ríomhaire.
  • Ba chóir go mbeifeá in ann an comhad sin a oscailt ón áit ar shábháil tú ann é.

Suas go bharr