Skip navigation

Teacht ar Eolas

Tugann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise an ceart duit teacht ar chuntais atá ag Ranna, agus Oifigí Rialtais agus ag roinnt eagraíochtaí poiblí. Chun teacht ar chuntais sa Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), caithfear iarratas a dhéanamh i bhfoirm scríofa (is féidir an fhoirm iniata leis seo a úsáid) chuig:

 

An tOifigeach Um Shaoráil Faisnéise, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh.

 

Glactar le hiarratais ríomhphoist chomh maith. Ní gá míniú a thabhairt cén fáth a theastaíonn uait teacht ar na cuntais. Caithfidh an eagraíocht phoiblí míniú a thabhairt duitse muna dtugann siad duit na rudaí a iarrann tú orthu. Déanfar cinneadh maidir le d’iarratas taobh istigh de cheithre mhí de ghnáth.


Is féidir iarratas a dhéanamh, faoi réir díolúnití áirithe atá sonraithe san Acht, ar na cuntais seo a leanas:

  • aon chuntas, is cuma cén uair a cruthaíodh é, a bhaineann go pearsanta leatsa.
  • gach cuntas eile, cruthaithe tar éis 12 Aibreán 1998 nach bhfuil fáil ag an bpobal air go ginéarálta

D’fhéadfadh cuntas a bheith i bhfoirm doiciméid ar phaipéar, a bheith mar eolas ar ríomhaire, mar asphriontaí, mar léarscáileanna, mar phleananna, mar mhiocrascannán, mar mhiocrafiche, mar ábhar clos-amhairc, srl.

 

Tá réamhchostas €15 maidir le hiarratais ar eolas neamhphearsanta (€10 dóibh siúd le cártaí leighis)

 

Tá táillí fotocóipeála le n-íoc maidir le hiarratais ar eolas pearsanta. Seans go mbeidh táillí le n-íoc maidir le cuardach agus aisghabháil eolais eile. Is féidir níos mó eolais a fháil ach iarratas a dhéanamh.

 

Muna bhfuil tú sásta le cinneadh an iarratais faoin Acht FOI is féidir athbhreithniú inmheánach a iarradh ar an Roinn nó eagraíocht. Déanfaidh oifigeach níos sinsearaigh athbhreithniú ar d’iarratas ansin. Inseofar an toradh duit taobh istigh de thrí seachtaine. Muna bhfuil tú sásta leis seo, is féidir athbhreithniú a iarradh ar:

 

An Coimisinéir Eolais, 18 Sráid Leeson Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

 

Díolúinte Staitisticiúil

 

Tá díolúinte ag eolas staitisiciúil atá soaitheanta atá ag an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ó fhórálacha an Achta FOI. Leanfar le príobháideachas na gcuntas seo a chosaint faoin Acht um Staitisticí 1993. Tá an mhórchuid de ghabháltas an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) i gceist anseo.

 

Treoir maidir le h-eolas an Phríomh-Oifig Staidrimh(CSO)

 

Tá sonraí maidir le rangú na gcúntas atá ag an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) foilsithe i Leabhar Tagartha, mar atá éilithe faoi Mhíreann 15 agus 16 den Acht FOI. Is féidir teacht ar seo i leabharlanna an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, nó ar shuíomh idirlín an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) (http://www.cso.ie) nó go díreach ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO).

 

Tá sonraí faoin réimse leathan eolais staitisticiúil a scaipeann an Príomh-Oifig Staidrimh (CSO) go rialta le fáil i dTreoir atá saor in aisce ó Rannóg Eolais an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) i gCorcaigh (folíne 5028, 5029 nó 5021).

 

Tuilleadh Eolais nó Cúnaimh

 

Chun tuilleadh eolais nó cúmaimh a fháil maidir le feidhmiú an Achta FOI taobh istigh den Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) téigh i dteagmháil le:

Kieran Harte, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh, (folíne 5385)