Skip navigation

29 Márta 2018

Póstaí 2017

Meánaois daoine i bpósadh heitrighnéasach ag méadú go siorraí
  • Searmanais Caitliceach Rómhánach a bhí i ndíreach os cionn leath de phóstaí heitrighnéasacha, ar 52.8%
  • Pósadh sibhialta a roghnaigh os cionn aon cheathrú de lánúineacha heitrighnéasacha, ar 27.7%
  • 40.3 bliain ab ea meánaois na bhfireannach i bpósadh comhghnéis den chéad uair, agus 40.5 bliain ab ea meánaois na mbaineannach
  • Iúil agus Lúnasa na míonna ab fhearr do phóstaí heitrighnéasacha, ach Meán Fómhair ba mhó a d’oir do phóstaí comhghnéis

Breathnaigh ar an eisiúint: Póstaí 2017 [EN]

Tá an tuarascáil Póstaí 2017 foilsithe inniu (29 Márta 2018) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Agus í ag tagairt don tuarascáil, dúirt Carol Anne Hennessy, Staitisteoir: “Bhí 22,021 phósadh in Éirinn in 2017, lena n-áirítear 759 bpósadh comhghnéis. Is ionann seo agus ráta pósta garbh, nó neamhchoigeartaithe, de 4.6 in aghaidh gach 1,000 duine daonra.

“36.1 bliana ab ea meánaois na bhfear nuaphósta i bpósadh heitrighnéasach, an figiúr ab airde riamh. É sin ráite, bhí fir i lánúin comhghnéis a raibh bainis acu anuraidh níos sine, ar an meán, ag 40.3 bliain. Feictear bearna aoise níos mó i measc ban; 34.1 bliana ab ea meánaois na mbrídeog i bpósadh heitrighnéasach agus figiúr comhionann de 40.5 bliain a bhí ann do mhná i bpósadh comhghnéis.

“B’iad Iúil agus Lúnasa, sa samhradh, na míonna ab ansa le lánúineacha heitrighnéasacha chun pósadh. Meán Fómhair ab ea an mí ba choitianta do lánúineacha comhghnéis. Níor fheil sé ach don líon is lú daoine dul faoi chuing an phósta i mí Eanáir nó Feabhra.

“Do lánúineacha heitrighnéasacha, b’iad Aoine agus Satharn rogha na coitianta i gcomhair bainis. Bhí an tóir ba mhó pósta ar Déardaoin agus Aoine i measc lánúineacha comhghnéis. B’iad Domhnach agus Luan na laethanta b’annamha chun pósadh do gach duine.

“Tá líon na lánúineacha a roghnaíonn searmanas Daonnachach nó searmanas Chumann Spiroadaithe na hÉireann ag dul i méid. Phioc 1,616 lánúin heitrighnéasacha agus 111 lánúin comhghnéis searmanas Daonnachach in 2017, agus shocraigh 1,083 lánúin heitrighnéasacha agus 76 lánúin comhghnéis searmanas Chumann Spiroadaithe na hÉireann a bheith acu.

“Searmanais shibhialta a bhí in os cionn dhá trian de phóstaí comhghnéis agus roghnaigh níos mó ná aon cheathrú (27.7%) de lánúineacha heitrighnéasacha an cineál searmanais céanna.

"Searmanas Caitliceach Rómhánach a bhí ag an líon is mó lánúineacha heitrighnéasacha, sin é 11,219 díobh.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó Marie Crowley (+353) 21 453 5016

nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --