Skip navigation

09 Márta 2018

Innéacs Miondíolacháin Eanáir 2018

  • Díolacháin Díosail imithe chun tosaigh ar Dhíolacháin Peitril in 2015
  • Breathnaigh ar an eisiúint: Innéacs Miondíolacháin Eanáir 2018 [EN]

    Tá sraith staitisticí úr den Innéacs Miondíolacháin (IMD) seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu, an 9 Márta 2018, atá athbhunaithe go dtí an bhliain 2015 mar aon le tá torthaí ón Innéacs d’Eanáir 2018. Leis an tsraith úr a áireamh, úsáideadh ualaí nuashonraithe ó Shuirbhé Táirgí agus Trádála na bliana 2016 agus ó Fhiosrúchán Seirbhísí Bliantúil na bliana 2015.

    Ag déanamh trácht ar an Innéacs athbhunaithe, dúirt Stephanie Kelleher, Staitisteoir: “Den chéad uair in 2015, ba é Díosal an príomhtháirge san earnáil Miondíola Breosla. Bhí sciar 44% ag Díolacháin Díosail an bhliain sin, i gcomparáid le 37% in 2010 agus 22% in 2005. Feictear laghdú leanúnach ar an sciar de Dhíolacháin Peitril, é chomh híseal le 29% in 2015, tar éis titim ó 39% in 2010 agus 57% in 2005.

    “Maidir le Trádáil, leagtar an t-ualach is mó anois ar Thrádáil Feithiclí, ionann le beagnach aon trian de Mhiondíola Go Léir (ualach 23% roimhe seo). Is í an earnáil leis an dara ualach is mó ná Ollmhargaidh (Siopaí Neamhspeisialaithe) le haon cheathrú anois (ualach 27% roimhe seo)”.

    Chun teacht ar tuilleadh eolais faoi athbhunú an IMD, féach ar Innéacs Miondíolacháin Eanáir 2018, thuas.

     

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Stephanie Kelleher (+353) 21 453 5123 nó Alan Finlay (+353) 21 453 5211

    nó seol ríomhphost chuig business_stats@cso.ie

    -- CRÍOCH --