Skip navigation

22 Feabhra 2018

Tuarascáil Théamach ar Ghnóthachtáil Oideachais 2017

Méadú ar an ráta fostaíochta de réir mar a thagann ardú ar an leibhéal oideachais
  • Bhí ráta fostaíochta de 85% i measc daoine le cáilíocht tríú leibhéal in R2 2017, é sin i gcomparáid le ráta 35% dóibh siúd le hoideachas bunscoile ar a mhéid
  • Bhí sé ceithre oiread níos coitianta ag daoine le hoideachas bunscoile ar a mhéid a bheith dífhostaithe (14%) i gcomparáid leo siúd le cáilíocht tríú leibhéal (3%)
  • Tá an líon daoine le cáilíocht tríú leibhéal ag méadú go siorraí. In R2 2017, bhí cáilíocht tríú leibhéal ag 45% de dhaoine 25-64 bliana d’aois, i gcomparáid le 36% in R2 2009
  • Ráta luathfhágála scoile de 5% a bhí ann i measc daoine 18-24 bliana d’aois in R2 2017
  • Is ag Éirinn a bhí an ceathrú leibhéal ab airde san AE, ar 53%, de ghnóthachtáil oideachais tríú leibhéal i measc daoine 30-34 bliana d’aois in 2016

Breathnaigh ar an eisiúint: Tuarascáil Théamach ar Ghnóthachtáil Oideachais 2017 [EN]

 

Tuarascáil Théamach ar Ghnóthachtáil Oideachais 2017 foilsithe inniu (22 Feabhra 2018) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Léirítear inti rátaí rannpháirteacha sa lucht saothair, rátaí fostaíochta agus rátaí dífhostaíochta i leith na leibhéil éagsúla ghnóthachtáil oideachais. Ina theannta sin, tugtar staitisticí i leith tíortha go léir an Aontais Eorpaigh (AE) a ghabhann le príomhtháscairí, ar nós luathfhágálaithe scoile agus gnóthachtáil oideachais tríú leibhéal, chun staid reatha na hÉireann a chíoradh i gcomparáid leis an gcuid eile den AE.

Ag tagairt don tuarascáil, deir Helen McGrath, Staitisteoir:

“Sa tuarascáil seo, tugtar forbhreathnú náisiúnta agus Eorpach ar ghnóthachtáil oideachais.

"Imríonn gnóthachtáil oideachais tionchar ar chúrsaí fostaíochta. Tá sé le braith as an tuarascáil gur tháinig méadú ar rátaí rannpháirteacha sa lucht saothair de réir mar a d’ardaigh an leibhéal oideachais gnóthaithe. In R2 2017, bhí sé os cionn dá oiread níos coitianta do dhaoine le cáilíocht tríú leibhéal  a bheith sa lucht saothair (87%) ná de dhaoine le hoideachas bunscoile ar a mhéid (41%).

"Is soiléir iad na difríochtaí inscne i ngnóthachtáil oideachais. Tá sé níos annamha ag mná a bheith rangaithe mar luathfhágálaithe scoile agus is mó seans cáilíocht tríú leibhéal a bheith acu; 60% díobh 30-34 bliana d’aois i gcomparáid le 46% d’fhir san aoisghrúpa céanna. É sin ráite, níl an oiread céanna mná i bhfostaíocht i gcomparáid le fir. Feictear gur i laghad a théann an bearna idirinscne seo de réir mar a théann an leibhéal oideachais i méid.

"Tá feabhas ag teacht ar an ráta luathfhágála scoile in Éirinn. Tá sí rangaithe sa seachtú háit is ísle san AE don táscaire seo don bhliain 2016, i gcomparáid leis an séú háit déag is ísle in 2009.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Helen McGrath (+353) 21 453 5108 nó Paul M Crowley (+353) 21 453 5090

nó seol ríomhphost chuig education@cso.ie

-- CRÍOCH --