Skip navigation

28 Feabhra 2018

Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2017

Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2017 agus 1967
  • Jack agus Emily na hainmneacha ba mhinice a cláraíodh in 2017
  • Jack ar bharr an liosta arís, é mar an t-ainm buachalla is mó tóir in Éirinn gach bliain ó 2007 ach amháin in 2016 nuair a bhí James chun tosaigh
  • Ba í Emily an t-ainm chailín ba mhinice arís, agus amhlaidh an scéal ón mbliain 2011
  • 50 bliain roimhe sin, sa mbliain 1967, b’iad John agus Mary barr an dá liosta

Breathnaigh ar an eisiúint: Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2017 [EN]

Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2017 eisithe inniu (28 Feabhra 2018) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. 

Ag trácht don tuarascáil seo, dúirt Carol Anne Hennessy, Staitisteoir: “Tá Jack i mbarr a réime arís, agus é ar ais mar an t-ainm buachalla is mó tóir in 2017. B’amhlaidh an scéal gach bliain ó 2007 ar aghaidh seachas in 2016 nuair a bhí James mar rogha na coitianta. Anuraidh, b’iad Jack, James, Daniel, Conor agus Seán, san ord sin, na cúig ainm buachalla ba mhó tóir.

“Siar in 1967, b’iad John, Michael, Patrick, James agus Paul na hainmneacha ba mhinice a roghnaigh tuismitheoirí do bhuachaillí nuabheirthe. Tugadh an t-ainm John do 2,981 buachaill leathchéad bliain ó shin. Mar chodarsnacht, níor chláraíodh ach 2,765 buachaill le ceann de na cúig ainm ba mhó tóir in 2017.

“Is iad Emily, Emma, Amelia, Grace agus Sophie na cúig ainm is coitianta do chailíní a rugadh in 2017. Tá sé spéisiúil nach raibh aon cheann de na cúig ainm seo le feiceáil sa 100 ainm chailín ba mhinice caoga bliain roimhe sin. In 1967, b’iad na hainmneacha cailín ba mhó tóir ná Mary, Margaret, Catherine Ann agus Anne. Sa mbliain 2017, bhí 459 cailín den ainm Emily, arbh ionann é agus beagnach 18% den líon 2,591 cailín den ainm Mary caoga bliain roimhe sin.

“Mar is léir ó na táblaí sa tuarascáil, tugtar réimse i bhfad níos leithne ainmneacha do chailíní ná do bhuachaillí, le 4,493 hainm éagsúla chailín i gcomórtas le 3,472 ainm buachalla cláraithe anuraidh.

“Tháinig Theo agus Jackson isteach sa liosta 100 ainm is mó tóir do bhuachaillí in 2017. Léim Theo 33 áit chun tosaigh ón 106ú háit in 2016 go dtí an 73ú háit anuraidh. Rangaíodh Jackson ar áit 128 in 2016 agus bhí sé sa 99ú háit in 2017, sin feabhsú 29 n-áit.

“Bhí ceithre ainm as an nua sa liosta 100 ainm is mó tóir do chailíní anuraidh: Aoibhin, Nina, Pippa agus Esme. Chuaigh Aoibhin agus Nina go mór chun tosaigh i dtréimhse aon bhliain. Áiríodh Aoibhin sa 68ú háit in 2017, í tar éis dul 82 áit in airde ar an rangú de 150ú háit in 2016. Mar an gceanna, léim Nina ón 140ú háit in 2016 go 99ú háit in 2017, feabhsú 41 áit.

“Bhí Jack mar an t-ainm ba mhó tóir do bhuachaillí in 2017 i gCill Dara, Lú, an Mhí, Loch Garman, Cill Mhantáin, an Clár, Cathair agus Contae Chorcaí, Ciarraí, Tiobraid Árann Thuaidh, Contae Phort Láirge agus Maigh Eo. Ina theannta sin, bhí sé ar chomhchéim le Adam agus James ar bharr an liosta i mBaile Átha Cliath Theas. Bhain Jack agus Adam an craobh leo i gCathair Luimnigh, agus bhí Jack agus Conor chun tosaigh i Laois.

“Emily ab ea an t-ainm ba choitianta do chailíní anuraidh i gCeatharlach, Baile Átha Cliath Theas, Fine Gall, Cill Dara, an Longfort, an Iarmhí, Contae Luimnigh, Cathair na Gaillimhe agus Maigh Eo. Bhí Emily agus Chloe in uachtar i gContae na Gaillimhe agus ba iad Emily, Amelia agus Aoife na roghanna ab fhearr le daoine i gClár.

“I gcásanna gur náisiúnaigh Éireannacha an bheirt tuismitheoir, Jack ab ea an t-ainm ba mhó éilimh do bhuachaillí agus Emily an t-ainm ba mhó éilimh do chailíní. Bhí Charlie agus Hannah sa chéad áit do bhuachaillí agus do chailíní faoi seach i gcásanna gur náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe iad an bheirt tuismitheoir in 2017.

“Ar na hainmneacha níos annaimhe do bhuachaillí anuraidh áiríodh Saul, Seaghán agus Marley. I measc na hainmneacha neamhchoitianta do chailíní bhí leithéidí Everly, Teegan agus Romi”.

 

Cuimhnigh gur féidir ainmneacha ón sraith sonraí ar fad a chuardach inár n-uirlis ar líne Ainmneacha Leanaí in Éirinn [EN].

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó Marie Crowley (+353) 21 453 5016

nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --