Skip navigation

17 Samhain 2017

“Gnó in Éirinn 2015” foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Réimse leathan staitisticí gnó ar fáil le hanailís a dhéanamh orthu
  • Fiontair bheaga agus mheánmhéide iad os cionn 99% d’fhiontair fiú nach ngineann siad ach 39% den oll-bhreisluach (luach earraí agus seirbhísí a soláthraítear sa gheilleagar náisiúnta)
  • An 50 fiontar is mó de réir luacha a ghineann 55% den bhreisluach sa gheilleagair gnó. Ag an am céanna níl siad freagrach ach do 6% den fhostaíocht sa stát
  • Bunaíodh 18,102 fhiontar sa bhliain 2015 agus cuireadh deireadh le gníomhú in 15,316 fhiontar in 2014

Breathnaigh ar an eisiúint: Gnó in Éirinn 2015 [EN]

Tá an foilseachán Gnó in Éirinn 2015 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (17 Samhain 2017). Tugtar forbhreathnú san fhoilseachán seo ar na príomhstaitisticí maidir le geilleagar gnó na hÉireann in 2015. Baintear leas as sonraí áirimh gnó, a eascraíonn as sonraí riaracháin na gCoimisinéirí Ioncaim go príomha, chun anailís a dhéanamh ar líon na bhfiontar agus ar an bhfostaíocht i measc an cúig earnáil lárnacha, sin iad Tionsclaíocht, Foirgníocht, Dáileadh, Seirbhísí agus Airgeadas & Árachas. Déantar na sonraí seo a nascadh le torthaí na Suirbhéanna Struchtúrtha Gnó, a bhíonn á rith gach bliain ag an Oifig.

Ag tagairt don fhoilseachán, dúirt Barry Kelleher, Staitisteoir;

“Tá an iliomad eolais le sonrú i bhfoilseachán an lae inniu maidir le geilleagar gnó na hÉireann. Cuireadh an foilseachán i dtoll a chéile bunaithe ar na staitisticí Áirimh Gnó agus Suirbhéanna Struchtúrtha Gnó is déanaí.

Tugtar freagraí ar go leor eochair-cheisteanna beartais, mar shampla:

  • tionchar Fiontar Beaga agus Meánmhéide (FBM) ar gheilleagar gnó na hÉireann – is FBManna iad os cionn 99% d’fhiontair ach ní ghineann siad ach 40% den oll-bheisluach (OBL)
  • tionchar fiontar faoi úinéireacht coigríche – ionann le 63% den OBL i ngeilleagar gnó neamhairgeadais na hÉireann
  • leibhéal chomhchruinnithe ghiniúint breisluacha i ngeilleagar gnó na hÉireann – an 50 fiontar ba mhó de réir luacha a ghin 55% den bhreisluach sa bhliain 2015
  • gnáthráta marthanais i measc fiontar nuachruthaithe – éiríonn le sciar 87% d’fhiontair bliain i mbun gnó a bhaint amach agus éiríonn le sciar 67% díobh 5 bliana a shroichint"

Buíochas

Is mian leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil leis an iliomad fiontar a chomhlíon ceistneoirí suirbhéireachta le linn tréimhse an fhoilseacháin. Gan a gcomhoibriú ní bheadh muid in ann an foilseachán seo agus réimse leathan d’ábhair staidrimh tábhachtacha a chur ar fáil. Ina theannta sin, ba mhaith leis an Oifig aitheantas a thabhairt do chuidiú na gCoimisinéirí Ioncaim, óir gur lárnach i dtiomsú na táirgí staitistiúla riachtanacha seo é an t-eolas a soláthraíonn siad don Oifig. Is chun críocha staitistiúla amháin a soláthraítear na sonraí riaracháin seo agus tá súil againn go bhfeictear buntáistí na comhroinnte sonraí seo san fhoilseachán faisnéiseach arna eisiúint inniu.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Barry Kelleher (+353) 21 453 5208 nó Keith McSweeney (+353) 21 453 5423

nó seol ríomhphost chuig sbs_rap@cso.ie

-- CRÍOCH --