Skip navigation

21 Meán Fómhair 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Imirce agus Éagsúlacht

 

 

535,475 náisiúnach coigríche de bhunadh 200 náisiún éagsúla ina gcónaí in Éirinn in Aibreán 2016

 

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil Próifíl 7 – Imirce agus Éagsúlacht ar thorthaí Dhaonáireamh 2016 inniu (21 Meán Fómhair 2017). Sa tuarascáil taispeántar go raibh 535,475 náisiúnach coigríche ag cur fúthu sa tír tráth an daonáirimh in Aibreán 2016. Is ionann seo agus laghdú 1.6% ar fhigiúr na bliana 2011 (544,357 duine). Tháinig méadú 87.4% thar tréimhse cúig bliana ar líon na ndaoine a raibh náisiúntacht roinnte acu (náisiúntacht Éireannach agus do thír eile) go 104,784 duine in 2016.

 

Dúirt Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach: “Tugtar léargas sonrach dúinn sa tuarascáil seo maidir leis an raon leathan náisiúnach éagsúla atá ag maireachtáil in Éirinn, ar nós a bpróifíl aoise, a stádas pósta, na teangacha a labhraíonn siad mar aon lena stádas oideachasúil agus fostaíochta. Tá náisiúnaigh choigríche agus daoine le náisiúntacht roinnte páirteach i sochaí agus i bpobail na tíre le tréimhse fada anois agus tugtar an iliomad eolais sa tuarascáil seo maidir lena gcúinsí sóisialta agus eacnamaíocha mar a bhí in Aibreán 2016.

 

Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo: Daonáireamh 2016: Próifil 7 - Imirce agus Éagsúlacht

 

Buaicphointí as Próifíl 7, Imirce agus Éagsúlacht

Tír dúchais
Ba de bhunadh 200 náisiún éagsúla iad an 535,475 náisiúnach coigcríche a bhí ag cur fúthu in Éirinn in Aibreán 2016. Bhí náisiúnaigh Pholannacha mar an grúpa ba mhó le 122,515 duine áirithe, náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe mar an dara ghrúpa ba mhó le 103,113 duine agus 36,552 náisiúnach Liotuánach. B’ionann daoine de bhunadh díreach dhá náisiún déag a raibh os cionn 10,000 díobh ina gcónaí sa Stát – Brasaíl, an Fhrainc, an Ghearmáin, an India, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Ríocht Aontaithe, an Rómáin, an Spáinn agus na Stát Aontaithe – agus 73.6% d’iomlán an daonra coigríche in 2016.

 

Náisiúntacht roinnte Éireannach-eile
Tháinig borradh suntasach 87.4% ar an líon daoine le náisiúntacht roinnte Éireannach agus thír eile ina seilbh go 104,784 duine san iomlán. Astu seo, bhí 17,552 Éireannach-Mheiriceánach ann (an ghúpa ba mhó), le daoine le náisiúntacht Éireannach-Ríocht Aontaithe (15,428) agus Éireannach-Polannach (9,273) mar an dara agus tríú dream ba mhó. Is thar lear a rugadh 66,440 duine a dhearbhaigh go raibh náisiúntacht roinnte Éireannach acu, ionann le 63.4% den iomlán.

 

Cá chónaíonn náisiúnaigh choigríche?
Bhí an líon ba mhó de chónaitheoirí neamh-Éireannacha ag cur fúthu i gCathair Bhaile Átha Cliath (91,876), i bhFine Gall, (46,909) agus i gContae Chorcaí (42,002). Ba i Liatroim (3,526) agus Sligeach (5,892) a raibh an líon ba lú díobh.  I measc na gcathracha, bhí Gaillimh mar an lonnaíocht ba ilchultúrtha agus sciar 18.6% taifeadta mar náisiúnaigh choigríche. Bhí beagán le cois 17% de chónaitheoirí Chathair Bhaile Átha Cliath ina náisiúnaigh choigríche agus b’amhlaidh an scéal le duine as gach seisear i bhFine Gall.

Ní bhfacthas méadú ar dhaonra neamh-Éireannach ach in ocht údarás áitiúil ó Dhaonáireamh 2011 i leith. Tháinig an méadú ba mhó i gCathair Chorcaí (17.2% nó 2,505 duine) agus an dara ceann ba mhó i gContae Longfoirt (9.1% nó 502 duine).

Ó thaobh na bailte de, bhí an sciar ba mhó de náisiúnaigh choigríche i mBéal Átha hAmhnais, Contae Mhaigh Eo le 941 duine ionann agus 39.5% dá dhaonra iomlán. I Meathas Troim, Contae Longfoirt a bhí an dara sciar ba mhó de 32.3% (667 duine) agus sa tríú háit bhí Baile Uí Mhatháin, Contae Longfoirt le sciar 32.1% (599 duine).

 

Náisiúnaigh choigríche ní b’óige ar an meán ná náisiúnaigh Éireannacha
Áiríodh 267,088 fireannach agus 268,387 baineannach sa Stát arbh náisiúnaigh choigríche iad. A fhad is a tháinig ardú 1 bhliain go 37.7 mbliana ar mheánaois i measc náisiúnach Éireannach idir 2011 agus 2016, chonacthas ardú os cionn dhá oiread an méid sin (2.2 bhliain) ar mheánaois náisiúnaigh choigríche ó 32.6 go 34.8 bliana sa tréimhse céanna. Bhí beagnach leath de náisiúnaigh choigríche sa Stát idir 25 agus 42 bliain d’aois, agus faoi bhun duine as ceathrar náisiúnach Éireannach san achar aoise céanna. B’ionann daoine 65 bliana d’aois nó os a cionn sin agus ní ba lú ná 5% den daonra neamh-Éireannach, thar a bheith difriúil on sciar 15% den aois seo i measc náisiúnach Éireannach. I gcás an aosa óig, níorbh ach 12.3% de náisiúnaigh choigríche idir 0 agus 14 bliana d’aois, i gcomparáid le 22.5% den daonra Éireannach.

 

Stádas pósta
I measc náisiúnaigh choigríche 15 bliana d’aois agus os a cionn, bhí 47.9% pósta. Bhí ráta scartha/colscartha ní b’airde i measc an dream seo (8.1%) ná i measc náisiúnaigh Éireannacha (5.6%). Ó thaobh náisiúntacht de, ba dhaoine singile iad os cionn leath d’Fhrancaigh, Iodálaigh, Spáinnigh agus Brasaíligh.  Bhí an chéatadán ba mhó daoine pósta i measc náisiúnaigh na hIndia (69.3%), an ráta ba mhó scartha/colscartha i measc Laitviaigh (15%), agus sciar 5.1% náisiúnach na Ríochta Aontaithe  ina mbaintreach nó ina mbaintreach fir.

 

Socruithe maireachtála
In Aibreán 2016, bhí 203,838 líon tí (12% den iomlán) faoi cheannas náisiúnach choigríche. An cineál líon tí ba choitianta a bhí ann ná lánúin le clann (34.9%), figiúr an-ghar don chás sa daonra Éireannach (35.3%).  Líonta tí de dhaoine singile ab iad 17.3% i measc náisiúnaigh choigríche, é sin i gcomparáid le díreach faoi bhun duine as ceathrar i líonta tí Éireannacha. I measc líonta tí Polannacha, tháinig laghdú ar an sciar teaghlaigh gan clann ó 10,751 sa bhliain 2011 go 7,630 anuraidh. Sa tréimhse céanna, chonacthas méadú ar theaghlaigh Polannacha le clann ó 20,830 go 27,425 líon tí. I gcás líonta tí faoi cheannas náisiúnach Iodálach, Francach nó Spáinneach tháinig laghdú ar an sciar de líonta tí singile agus méadú comhfhreagrach ar líonta tí teaghlaigh agus líonta tí roinnte le céilí tí faoi seach.

 

Teangacha labhartha 
Léirítear i nDaonáireamh 2016 go raibh teanga éagsúil ón nGaeilge agus ón mBéarla á labhairt ag 612,018 gcónaitheoir sa mbaile, méadú 19.1% ó 2011 ar aghaidh. Astu seo, ba náisiúnaigh choigríche iad 363,715 duine. B’iad na teangacha ba mhó labhairt ná Polainnis (113,225), Liotuáinis (30,502) Rómáinis (26,645) agus Portaingéilis (16,737).

 

Áit bhreithe
Bhí 39,590 duine a rugadh in Éirinn a d’aithin iad féin le náisiúntacht nárbh náisiúntacht Éireannach í. Náisiúnaigh na Polainne ab iad an dream ba mhó díobh seo le 11,393 duine, le náisiúnaigh na Liotuáine (3,479), na Ríochta Aontaithe (3,104) agus na Rómáine (2,886) ina ndiaidh siúd. Páistí óga ab iad an bhformhór díobh, agus sciar 53.6% faoi naoi mbliana d’aois. Bhí sciar 14.2% eile díobh idir 25 agus 34 bliana d’aois.

 

Scoláirí
Bhí 96,497 scoláirí coigríche cúig bliana d’aois nó os a cionn sa tír in Aibreán 2016, ionann agus 18% de náisiúnaigh choigríche. Ina measc siúd, bhí náisiúnaigh na Polainne (22,450), na Ríochta Aontaithe (11,704) agus na Liotuáine (7,133) mar an trí dream ba mhó.

 

Stádas eacnamaíoch

In Aibreán 2016, bhí 293,830 náisiúnach choigríche i mbun oibre, ionann agus 14.9% den fhórsa saothair. Tógtha le chéile, b’ionann náisiúnaigh na Polainne agus na Ríochta Aontaithe agus 42.1% den daonra neamh-Éireannach oibre.

I gceithre príomhearnáil eacnamaíochta a bhí beagnach leath d’oibrithe neamh-Éireannacha, sin iad; Trádáil Mórdhíola agus Miodíola (45,812), Seirbhísí Lóistín agus Bia (40,859), Tionscail Déantúsaíochta (36,387), agus Sláinte Daonna agus Obair Shóisialta (21,779). Ó thaobh grúpaí socheacnamaíocha, bhí sciar 46.9% d’oibrithe neamh-Éireannacha rangaithe mar oibrithe neamhláimhe, oibrithe láimhe oilte, oibrithe láimhe leathoilte nó oibrithe neamhoilte. Mar comhthéacs, bhí sciar comhionann de 39.2% i measc náisiúnach Éireannach.

Bhí ráta dífhostaíochta de 15.4% ann i measc náisiúnaigh choigríche, i gcomparáid le ráta 12.6% i measc an daonra Éireannach.

 

Inimircigh nuatagtha
I rith na bliana go dtí Aibreán 2016, tháinig 82,346 duine chun cónaí in Éirinn agus 53,708 díobh seo ina náisiúnaigh choigríche. Ba náisiúnaigh Eorpacha a bhformhór díobh seo, le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe (5,840) agus na Polainne (4,029) mar an dá fhoghrúpa ba mhó.  Bhí beagnach dhá thrian de náisiúnaigh choigríche nuatagtha idir 20 agus 34 bliana d’aois. Ó thaobh cairdrimh de, bhí 67.7% de inimircigh nuatagtha in 2016 singil agus bhí 27.9% díobh pósta.

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Is í seo an seachtú tuarascáil i sraith de aon phróifíl dhéag théamacha ar thorthaí Dhaonáireamh 2016. Ina dteannta sin, tá dhá Thuarascáil Achoimre foilsithe faoin ama seo ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Is féidir teacht ar an sceideal foilsithe iomlán agus na tuarascálacha a foilsíodh go dtí seo ar http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh. Tá fáil ar shonraí na tuarascálacha seo i raon táblaí idirghníomhacha gréasáin; formáid trína bhféidir leis an úsáideoir na sonraí a bhfuil spéis aige/aici iontu a roghnú, saintáblaí a dhéanamh díobh seo agus na táblaí a íoslódáil chun a (h)anailís féin a dhéanamh orthu.
  • I gcomhar leis an an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, cuirtear sonraí achoimre daonáirimh i léarscáileanna téamacha ag leibhéal na Toghroinne (ED) agus leibhéal an Cheantair Bhig (SA). Tá teacht orthu seo tríd an nasc arshuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an daonra de facto, .i. is ionann an daonra a cláraíodh do cheantar agus gach duine a bhí i láthair sa limistéar sin ar oíche an Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 chomh maith le gach duine a bhain an áit amach ar mhaidin an Luain, an 25 Aibreán 2016 nár áiríodh iad i gceantar eile. Cuirtear daoine ar bord longa san áireamh i ndaonra an cheantair is cóngaraí dóibh. San áireamh sna figiúirí seo, mar sin, tá cuairteoirí a bhí i láthair ar oíche an Daonáirimh i dteannta daoine le cónaí orthu sa cheantar. Fágtar gnáthchónaitheoirí an cheantair ar lár sa chás go raibh siad as láthair go sealadach ar an oíche.
  • Ba é comhaireamh de facto an daonra in Aibreán 2016 ná 4,761,865 duine a fhad is a bhí figiúir iomlán de 4,689,921 duine le gnáthchónaí orthu sa tír – difríocht de 71,944 duine (1.5%). Baintear úsáid as figiúir na ngnáthchónaitheoirí chun anailís a dhéanamh ar thopaicí ar nós náisiúntacht, líonta tí agus teaghlaigh.1
  • Is ionann líon tí príobháideach agus (i) duine amháin ag maireachtáil ina aonar nó (ii) grúpa daoine (nach gá a bheith gaolta) ag cur fúthu ag an seoladh céanna le socruithe tís i gcoitinne, sin é béile amháin ar a laghad a roinnt gach lá nó seomra suite a roinnt. Chun a bheith áirithe i líon tí, níorbh mór gnáthchónaí a bheith ag duine san áit aimsir an daonáirimh. Mar sin de, fágtar cuairteoirí an líon tí ar oíche an daonáirimh ar lár agus cuirtear gnáthchónaitheoirí a bhí as láthair ar bhonn sealadach (faoi bhun 12 mí) san áireamh ann.

1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Brendan Murphy (+353) 1 895 1305 nó Fiosruithe Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --