Skip navigation

31 Lúnasa 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Comaitéireacht in Éirinn

Bíonn beagnach 3 milliún duine ag comaitéireacht gach lá

  

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil ar thorthaí Dhaonáireamh 2016 Próifíl 6 - Comaitéireacht in Éirinn inniú (31 Lúnasa 2017). Sa tuarascáil taispeántar gurbh é 2,962,550 an líon daoine a thaistil chun na hoibre, na scoile nó an choláiste i mí Aibreáin 2016. Méadú 9.3% é seo ar fhigiúr na bliana 2011.

Bhí 1,875,773 duine ag taistil chun na hoibre i mí Aibreáin 2016. Méadú 10.7% é seo ar fhigiúr na bliana 2011. Tháinig méaduithe móra ar úsáid bus (+22%) agus iarnróid (+19.7%) agus tháinig méadú 43% ar an líon daoine a chuaigh ar rothar chun na hoibre, i gcomparáid le 2011.

Dúirt Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach: “Sa tuairisc seo cuirtear i láthair staitisticí mionsonraithe ar phátrúin chomaitéireachta oibrithe agus macléinn i mí Aibreáin 2016 agus déantar anailís orthu. Caitear súil ghéar ar an tslí ina dtaistealaímid chuig an obair, an scoil nó an gcoláiste; ar na hamantaí a bhfágaimid chun dul ann; agus an méid ama a chaithimid i mbun taistil. Tá sé an-tráthúil, go háirithe mar tá an fómhar chugainn. Tá scoláirí agus micléinn ag filleadh ar na scoileanna agus ar na coláistí ar fud na tíre.”

Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo: Daonáireamh 2016: Próifíl 6 – Comaitéireacht in Éirinn

 

Buaicphointí as Próifíl 6 Comaitéireacht in Éirinn

 
An gluaisteán an modh iompair is coitianta i measc oibrithe go fóill
I mí Aibreáin 2016 chuaigh 65.6% (1,229,966) díobh siúd a oibríonn chun na hoibre i ngluaisteán, tiománaithe agus paisinéirí san áireamh. Rinne díreach faoi bhun leath de chomaitéirí oibre a raibh cónaí orthu i mBaile Átha Cliath (cathair & bruachbhailte) a dturas chun na hoibre i ngluaisteán ach thaistil os cionn 6 as 10 gcomaitéir i ngluaisteán i gCorcaigh agus i Luimneach (cathair & bruachbhailte sa dá áit). I gceantair tuaithe bhain 7 as 10 duine úsáid as gluaisteán chun taisteal chun na hoibre.

 
Méadú ar an líon comaitéirí a úsáideann busanna agus iarnród
Chuaigh 111,436 chomaitéir ar an mbus chun na hoibre agus thaistil 63,133 duine ar thraein. Bhain beagán le cois 9% (174,569) de chomaitéirí oibre úsáid as iompar poiblí in 2016, i gcomparáid le 8.5% in 2011. I gCathair Bhaile Átha Cliath agus sna bruachbhailte bhain 22% de chomaitéirí oibre úsáid as iompar poiblí (bus, traein, tram) i gcomparáid le 8% i gCorcaigh (cathair & bruachbhailte).

 
Méadú suntasach ar rothaíocht
In Aibreáin 2016 chuaigh 56,837 duine chun na hoibre ar rothar, méadú 43% ón mbliain 2011. Fir ab iad trí cheathrú díobh seo. Bhí dhá thrian de na rothaithe seo go léir i mBaile Átha Cliath (cathair & bruachbhailte), áit a raibh 38,870 duine ag rothaíocht chun na hoibre. I gcomórtas leis seo, níor bhain ach 2,330 duine úsáid as rothar i gCorcaigh, 1,874 duine i nGaillimh, 968 duine i Luimneach, agus 395 duine i bPort Láirge (cathair & bruachbhailte sa cheithre áit).

 
Beagnach 10% de chomaitéirí oibre ag siúl
Tháinig méadú 4,570 ar an líon daoine a shiúl chun na hoibre go 175,080. B’ionann sin agus 9.3% de phobal na gcomaitéirí. Cé gurbh ionann an líon daoine a shiúil nó a chuaigh ar rothar chun na hoibre agus 22% de chomaitéirí sa bhliain 1986 (196,750), bhí laghdú mór tagtha ar an sciar seo faoi Aibreán 2016, gan ach  12% de chomaitéirí (231,917) áirithe sa dá mhodh taistil seo.

 
Páistí Bunscoile
Maidir le páistí bunscoile, thaistil 59.8% chun na scoile i ngluaisteán, i gcomparáid le 59.2% in 2011. Tháinig laghdú 7% ar chomaitéireacht i mbus in 2011. Ar an iomlán, b’ionann iad siúd a bhí ag siúl agus ag rothaíocht agus 25% de chomaitéirí bunscoile in 2016, i gcomórtas le beagnach 50% in 1986.

 
Páistí Meánscoile
Maidir le páistí meánscoile, thaistil 43.3% chun na scoile i ngluaisteán, agus thaistil 28.4% ar an mbus. Bhí breis is 42% de scoláirí meánscoile faoin tuath ag brath ar an mbus chun taisteal chun na scoile. I gcomparáid leis sin níor bhain ach 1 as 5 scoláire i gceantair uirbeacha úsáid as.

 
Tríú Leibhéal
In 2011, ba é tiomáint an modh taistil ba choitianta ag mic léinn tríú leibhéil ach faoi 2016 bhí laghdú tagtha ar an líon comaitéirí go 44,771. B'ionann sin agus 23.5% de chomaitéirí coláiste anuraidh. B’ionann an 45,943 comaitéir bus tríú leibhéil agus 24% d’iomlán na gcomaitéirí coláiste. Is méadú 5,473 (+13.5%) é seo i gcomparáid le 2011. De chois ab ea an tslí ba choitianta chun gabháil chuig an gcoláiste, arbh ionann é agus 26% de scoláirí (48,812).

 
Tréimhsí taistil ag dul i méid
Tháinig méadú ar thréimhsí comaitéireachta i ngach contae agus ba é 28.2 nóiméad an mheántréimhse taistil i mí Aibreáin 2016, méadú ó 26.6 nóiméad in 2011. Bhí an meántréimhse taistil ab fhaide ag comaitéirí sna contaetha atá ar theorainn Bhaile Átha Cliath. Chaith comaitéirí oibre a tháinig ón Mhí agus ó Chill Mhantáin beagnach 35 nóiméad ar an meán i mbun taistil.

Chaith beagnach 200,000 chomaitéir (1 as 10) uair an chloig nó níos mó ag taisteal chun na hoibre. Ba mhéadú beagnach 50,000 (31%) é seo, nach mór. Ba in An Inse-Baile an Bhiataigh-Baile Uí Mhornáin a bhí an chéatadán ab airde d’oibrithe ag taisteal ar feadh uaire nó níos mó (28% de 4,565 oibrí). Sna sála air seo bhí oibrithe as Na Sceithrí (1,092) agus as Na Clocha Liatha-Deilgne (1,855).

Sa bhliain 2016 chaith 81,897 dtuismitheoir ag a raibh páistí faoi bhun 15 bliana uair an chloig nó níos mó i mbun taistil chun na hoibre. Díobh siúd ba thuismitheoirí páistí réamhscoile 43,372 tuismitheoir, méadú 8,000 (23%) é seo i gcomparáid le 2011. Bhí ar 1 as 5 tuismitheoir as Cill Mhantáin, an Mhí, an Laois, Cill Dara agus an Iarmhí ag a raibh páistí idir 0-4 bliana d’aois taisteal ar feadh breis is uair an chloig. 

Tháinig méadú ar líon na n-oibrithe a d’fhág an baile go luath (roimh 7.00rn) go 365,000 (+34%) i gcomparáid le 2011. D’fhág 25% d’fhir agus 13% de mhná a rinne comaitéireacht roimh 7.00rn.

 
Méadú ar oibrithe soghluaiste agus orthu siúd a oibríonn sa bhaile

Bhí 94,955 duine ag obair ‘ag baile nó ó bhaile go príomha’ i mí Aibreáin 2016, méadú 14% ó Aibreán 2011. Dúirt breis is 174,000 oibrí nach raibh áit oibre seasta acu. Méadú 26,000 (18%) é seo i gcomparáid le 2011.

 
Méadú ar phobal oibre am lae
Bhí os cionn leath-mhilliún duine ag obair i mBaile Átha Cliath agus sna bruachbhailte in 2016, le 512,449 duine sa phobal oibre am lae. Is ionann sin agus méadú 9% i gcomparáid le 2011. Gan oibrithe soghluaiste a chur san áireamh, b’ionann an líon oibrithe i mBaile Átha Cliath (cathair agus bruachbhailte) anuraidh agus 29% de lucht saothair an Stáit.

Tháinig méadú 10.8% go 102,139 duine ar an lucht saothair i gCorcaigh (cathair & bruachbhailte) agus méadú 7.8% go 44,624 oibrí a bhí ann i Luimneach (cathair & bruachbhailte). Bhí borradh 9.7% go 44,376 oibrí tagtha ar an lucht saothair i nGaillimh (cathair & bruachbhailte) agus méadú 4.5% go 24,375 oibrí a bhí ann i bPort Láirge (cathair & bruachbhailte). B’ionann an cúig cheantar uirbeacha seo agus ceann scríbe i gcás 58% de lucht saothair an Stáit (gan oibrithe soghluaiste a chur san áireamh), laghdú ón bhfigiúr de 72% sa bhliain 2011.

 
Comaitéirí trasteorann
I nDaonáireamh 2016 taifeadadh daoine a chuaigh trasna na teorann chun dul ag obair agus ar scoil. Thrasnaigh 7,037 oibrí an teorainn chun dul ag obair ó Thuaidh anuraidh, méadú ar an líon 6,419 oibrí in 2011 (+9.6%). Bhí 2,299 scoláire ag dul thar teorann in Aibreán 2016, laghdú 26.2% ón líon 3,117 scoláire sa bhliain 2011.

 
Ag obair thar sáile
Dúirt 3,531 duine i nDaonáireamh 2016 go raibh a n-áit oibre lasmuigh d’oileán na hÉireann. Ba í an Bhreatain an ceann scríbe is mó a raibh éileamh air mar áit oibre. Bhí 2,144 ag comaitéireacht go Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag agus 1,387 eile chuig ceann scríbe níos faide i gcéin. 

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Is féidir teacht ar an tuarascáil iomlán ar shuíomh gréasáin na hOifige ar www.cso.ie/en/baile/daonaireamh mar aon leis na sraitheanna sonraí ábhartha. Tá fáil ar na sonraí seo i raon táblaí idirghníomhacha gréasáin; formáid trína bhféidir leis an úsáideoir na sonraí a bhfuil spéis aige/aici iontu a roghnú, saintáblaí a dhéanamh díobh seo agus na táblaí a íoslódáil chun a (h)anailís féin a dhéanamh orthu.
  • I gcomhar leis an an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, cuirtear sonraí achoimre daonáirimh i léarscáileanna téamacha ag leibhéal na Toghroinne (ED) agus leibhéal an Cheantair Bhig (SA). Tá teacht orthu seo tríd an nasc arshuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an daonra de facto, .i. is ionann an daonra a cláraíodh do cheantar agus gach duine a bhí i láthair sa limistéar sin ar oíche an Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 chomh maith le gach duine a bhain an áit amach ar mhaidin an Luain, an 25 Aibreán 2016 nár áiríodh iad i gceantar eile. Cuirtear daoine ar bord longa san áireamh i ndaonra an cheantair is cóngaraí dóibh. San áireamh sna figiúirí seo, mar sin, tá cuairteoirí a bhí i láthair ar oíche an Daonáirimh i dteannta daoine le cónaí orthu sa cheantar. Fágtar gnáthchónaitheoirí an cheantair ar lár sa chás go raibh siad as láthair go sealadach ar an oíche.
  • Ba é comhaireamh de facto an daonra in Aibreán 2016 ná 4,761,865 duine a fhad is a bhí figiúir iomlán de 4,689,921 duine le gnáthchónaí orthu sa tír – difríocht de 71,944 duine (1.5%). Baintear úsáid as figiúir na ngnáthchónaitheoirí chun anailís a dhéanamh ar thopaicí ar nós náisiúntacht, líonta tí agus teaghlaigh.1
  • Is í seo an séú thuarascáil i sraith de aon phróifíl dhéag théamacha ar thorthaí Dhaonáireamh 2016. Ina dteannta sin, tá dhá Thuarascáil Achoimre foilsithe faoin ama seo ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ina léirítear chéadtorthaí gach réimse a clúdaíodh sa daonáireamh. Foilseofar an chéad phróifíl théamach eile, Próifíl 7 – Imirce agus Éagsúlacht, ar an 21 Meán Fómhair. Sna tuarascáil eile atá le teacht díreofar ar Lucht Siúil na hÉireann, eitneachas agus creideamh; fostaíocht, slite beatha agus tionsclaíocht. Is féidir teacht ar an sceideal foilsithe iomlán agus na tuarascálacha a foilsíodh go dtí seo ar http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh.

1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Eileen Murphy (+353) 1 895 1443 nó Fiosruithe Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --