Skip navigation

15 Meitheamh 2017

Daonáireamh 2016: Torthaí Achoimhre Cuid 2

 

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Cuid 2 de Thorthaí Achoimre Dhaonáireamh 2016 inniu. Léirítear sna torthaí ceannlíne go raibh 2,304,037 duine sa lucht saothair in Aibreán 2016, méadú 3.2% ar fhigiúr na bliana 2011 as ar féidir meánráta méadaithe bliantúil de 0.6% a áireamh. Bhí ráta comhionann de 1.1% ann idir 2006 agus 2011.

Thug Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach, an tuairim seo a leanas: “Le foilseachán na dTorthaí Achoimre Cuid 2 inniu tá chéadtorthaí i dtaobh ábhar uile an daonáirimh eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Tá an tuairisc seo dírithe ar ghnéithe socheacnamaíocha an daonáirimh, gnéithe ar nós fostaíochta, gairme agus oideachais, chomh maith leis an tsláinte, míchumas agus cúram a thabhairt. Idir seo agus deireadh na bliana déanfar plé níos mionsonraithe ar na hábhair seo agus ar ábhair eile inár gcuid tuairiscí téamacha atá le teacht. Beidh na tuairiscí seo ar fad ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tá foilseachán an lae inniu ar fáil ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo.

 

Buaicphointí de Dhaonáireamh 2016, Torthaí Achoimre Cuid 2

Ag obair / ar scor / dífhostaithe
Tháinig méadú 199,281 ar an líon daoine ag obair go 2,006,641 duine san iomlán i mí Aibreáin 2016. Fás 9.0% a tháinig ar an líon baineannach i mbun oibre go dtí iomlán de 929,967, a fhad is a bhí 1,076,674 fhireannach i mbun oibre, méadú 12.8% ar chúrsaí in 2011. Chonacthas méadú 19.2% ar an líon daoine ar scor go 545,407 san iomlán.

Mionísliú a tháinig ar an ráta rannpháirtíochta sa lucht saothair (-0.5%) go dtí 61.4% anuraidh. Chonacthas meath ar rannpháirtíocht i measc fireannach go dtí 67.8%, faoi bhun ráta na liana 2002 den chéad uair ó shin i leith. Ardú leanúnach a tháinig ar rannpháirtíocht i measc baineannach go dtí 55.2% in Aibreán 2016. Má fhéachtar air de réir náisiúntachta is léir ó na torthaí gurbh é an ráta rannpháirtíochta i measc náisiúnaigh na hÉireann 59.5%, agus 73.9% i measc daoine nár náisiúnaigh na hÉireann iad.

Bhí 293,830 daoine nár náisiúnaigh na hÉireann iad i mbun oibre, méadú 9.6% ar an bhfigiúr in Aibreán 2011.

Leanadh den laghdú ar líon na mban i mbun cúram tí nó i bhfeighil ar an gclann, titim 11.5% idir 2011 agus 2016. Ar an taobh eile, chuaigh líon na bhfear a rangaíodh sa chatagóir seo in airde - fás 15.0% thar tréimhse cúig bliana go 20,747 san iomlán. Is ionann an líon fear seo agus 6.8% de chúramaithe baile go léir.

De réir thomhas an daonáirimh, bhí ráta dífhostaíochta de 12.9% ann i mí Aibreáin 2016. I measc na gcathracha, is ag Port Láirge a bhí an ráta dífhostaíochta ab airde (18.8%). Ag breathnú ar na bailte móra, is sa Longfort a bhí an sciar ba mhó daoine as oibre, le ráta 30.6%. Áiríodh 79 gceantar ard-dífhostaíochta trasna na tíre. (Sainítear ceantair ard-dhífhostaíochta mar Toghranna ina raibh 200 duine ar a laghad sa lucht saothair agus ina raibh ráta dífhostaíochta de 27% nó ní b’airde.) I Luimneach a bhí ocht gcinn den 10 ceantar b’airde dífhostaíochta.

 

Fostaíocht de réir earnála / Grúpa sóch-eacnamaíoch agus aicme sóisialta
I mí Aibreáin 2016 bhí beagnach ceathrar as gach cúigear de dhaoine i mbun oibre (78.6%) fostaithe san earnáil seirbhísí. I measc ban, bhí 90.7% díobh siúd i mbun fostaíochta ag obair san earnáil amháin seo.

Tháinig an méadú ba mhó ar Shláinte agus Obair Sóisialta ó thaobh líon na ndaoine fostaithe de sa mhéid go raibh 25,647 nduine sa mbreis ag obair sa réimse seo. Ar na hearnálacha eile a dtáinig méadú suntasach orthu áirítear Ríomhaireacht agus Gníomhaíochtaí Gaolmhara (méadú 21,877 nduine, .i. os cionn 50%) agus Foirgníocht (méadú 15,092 duine). Tháinig laghdú 5,991 ar an líon daoine a bhí ag obair i Riarachán Poiblí agus Cosaint, agus tháinig laghdú 5,361 ar an líon daoine ag obair in Idirghabháil Airgeadais (baincéireacht).

Maidir le grúpáil shocheacnamaíoch ba é an chatagóir ba mhó ná Oibrithe Neamhláimhe, le 996,696 duine ann. Tháinig an méadú ba mhó (+67,169) ar an ngrúpa Gairmithe Ísle. Chonacthas laghdú i measc Oibrithe Féinchuntais (-17,493) agus Feirmeoirí (-12,209) araon.

Lena chois sin tá rangú déanta ar an daonra de réir seacht ngrúpa aicme sóisialta arna rangú de réir gairme. I ndaonáireamh na bliana 2016 bhí 28.1% den daonra (1,336,896 duine) in aicme shóisialta grúpa 2, Oibrithe Bainistíochta agus Teicniúla. Ba é Oibrithe Láimhe Oilte an t-aon aicme ar tháinig laghdú ar a líon, is é sin 5.0%.

 

Oideachas
Bhí 427,128 scoláire in aois 15 bliana agus os a cionn ann i mí Aibreáin 2016. Méadú 4.5% ab ea é seo ar fhigiúr na bliana 2011. Fir ab ea 49.4% den phobal scoláire seo anuraidh, ardú ón sciar 49.2% cúig bliana roimhe. I measc daoine den aoisghrúpa 19-22, tá rannpháirtíocht níos mó i gcónaí ag mná san oideachas (59.5%) ná mar atá ag na bhfir (52.8%).

Pátrúin taistil agus úinéireacht gluaisteáin
I mí Aibreáin 2016 bhí 1.88 milliún duine ag taisteal chuig an obair, méadú 10.7% ar an líon daoine in 2011. Bhí 73.3% d’oibrithe go léir ag taisteal chuig an obair i bhfeithicil phríobháideach, laghdú ó sciar 75.5% in 2011. Bhain 9.3% de chomaitéirí – 174,569 nduine – úsáid as iompar poiblí, méadú 30,144 duine Chonacthas an t-athrú céatadáin ba mhó ar an rothaíocht mar mhodh taistil chuig an obair i gcomparáid le haon modh eile. Líon 39,803 duine a chuaigh ar rothar siar in 2011, ach faoin mbliain 2016, is 56,837 duine a bhí ag taisteal ar an gcaoi seo, méadú 43% thar tréimhse cúig bliana.

Maidir le daltaí bunscoile, tugadh 60% (327,039) chuig an scoil sa ghluaisteán, agus bhain 10.4% (56,846) úsáid as iompar poiblí, laghdú ón líon 60,954 dalta in 2011.



Sláinte, Míchumas agus Cúram a thabhairt
Chuir beagnach seisear as gach deichniúr (59.4%) in iúl i mí Aibreáin 2016 go raibh an tsláinte go han-mhaith acu. Tháinig méadú orthu siúd a thuairiscigh fúthu féin go raibh drochshláinte orthu ó 57,243 go 62,697 nduine agus tháinig méadú leis orthu siúd a raibh fíor-dhrochshláinte orthu ó 12,418 go 13,738 nduine.
Orthu siúd dar aois idir 60 agus 79 bliain bhí méadú beag ar chéatadán na ndaoine a raibh an tsláinte go maith nó go han-mhaith acu (méadú ó 72.5% to 73.8%).

Tháinig méadú 47,796 ar an líon daoine faoi mhíchumas éigean go 643,131 duine faoi mhí Aibreáin 2016 – ionann le 13.5% de dhaonra na tíre.

Bhí 195,263 duine (4.1% den daonra) ag tabhairt cúram gan phá in 2016, méadú 8,151 duine ar an bhfigiúr sa bhliain 2011. I dteannta an fháis seo ar líon na gcúramóirí, léirítear i dtorthaí Dhaonáireamh 2016 go ndeachaigh an t-am a chaitear i mbun cúraim a thabhairt i méid - 83,754 duine a thug cúram suas le 2 uair a chloig in aghaidh an lae (méadaithe ó 80,891 duine sa bhliain 2011), agus bhí 41,185 duine ag tabhairt cúram ar feadh os cionn 6 uair in aghaidh an lae (méadaithe ó 39,982 duine).


Chun Torthaí Achoimre Dhaonáireamh 2016 – Cuid 2 a léamh, lean an nasc seo chuig leathanach baile an Daonáirimh ar ár suíomh: http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh/

Nótaí d'Eagarthóirí:
  •  Baineann na figiúirí daonáirimh leis an daonra de facto, .i. is ionann an daonra a cláraíodh do cheantar agus gach duine a bhí i láthair sa limistéar sin ar oíche an Domhnaigh, an 24 Aibreán 2016 chomh maith le gach duine a bhain an áit amach ar mhaidin an Luain, an 25 Aibreán 2016 nár áiríodh iad i gceantar eile. Cuirtear daoine ar bord longa san áireamh i ndaonra an cheantair is cóngaraí dóibh. San áireamh sna figiúirí seo, mar sin, tá cuairteoirí a bhí i láthair ar oíche an Daonáirimh i dteannta daoine le cónaí orthu sa cheantar. Fágtar gnáthchónaitheoirí an cheantair ar lár sa chás go raibh siad as láthair go sealadach ar an oíche.
  • Ba é comhaireamh de facto an daonra in Aibreán 2016 ná 4,761,865 duine a fhad is a bhí figiúir iomlán de 4,689,921 duine le gnáthchónaí orthu sa tír – difríocht de 71,944 duine (1.5%). Baintear úsáid as figiúir na ngnáthchónaitheoirí chun anailís a dhéanamh ar thopaicí ar nós náisiúntacht, líonta tí agus teaghlaigh.1
  • Tugann torthaí an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh bunús do shraith oifigiúil meastachán ráithiúil ar an lucht saothair. Tá an lucht saothair agus na figiúirí a ghabhann leis agus a thaispeántar sna Torthaí Achoimre Cuid 2 bunaithe go díreach ar an daonáireamh. Ar an lucht saothair áirítear daoine dar aois 15 bliana agus os a cionn i mbun fostaíochta, ag cuardach an chéad phoist nó dífhostaithe. Glaoitear an ráta rannpháirtíochta sa lucht saothair ar an gcéatadán de dhaoine dar aois 15 bliana agus os a cionn atá rannpháirteach sa lucht saothair seachas stádas eile a bheith acu, cosúil le scoláire, duine ar scor nó cúramaí baile. Déantar é a thomhas mar an líon daoine sa lucht saothair (ag obair nó dífhostaithe) a luaitear mar chéatadán d’iomlán an daonra dar aois 15 bliana nó os a cionn. Ba chóir d’úsáideoirí a bheith ar an eolas go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith idir faisnéis a díorthaíodh ó na ceisteanna sa daonáireamh ar an taobh amháin agus sa Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh sa bhliain céanna ar an taobh eile. Is iad na catagóirí is mó ina dtarlaíonn a leithéid ná comhábhair na ceiste ar phríomhstádas eacnamaíoch agus meastacháin fhostaíochta atá rangaithe de réir tionscail agus gairme. Tá tuilleadh eolais ar fáil in Aguisín 3 de na Torthaí Achoimre.
  • I nDaonáireamh 2016, déantar na hearnálacha a chódú de réir rangúchán NACE – Rangúchán Ginearálta Tionsclaíoch um Ghníomhaireachtaí Eacnamaíocha laistigh de na Comhphobail Eorpacha, mar a léirítear in Aguisín 5. Socraítear cé acu earnáil ina bhfuil duine ag obair, beag beann ar a g(h)airm, de réir na gníomhaíochta príomha eacnamaíche a bhfuiltear gafa léi san aonad áitiúil lena bhfuil sé nó sí ag obair. Sa chás, áfach, go soláthraíonn an aonad áitiúil seirbhís cúnta d’aonad eile sa chuideachta (m.sh. riarachán, stóráil, srl.), rangaítear na daoine san aonad cúnta a bheith páirteach san earnáil céanna leis an aonad a thugann siad cúnamh dó. Dá bharr sin, a fhad is atá an rangú gairme dírithe ar obair áirithe an duine aonair beag beann ar ghníomhaíochtaí an aonaid áitiúil, tá an rangú earnála dírithe ar chúram foriomlán an aonaid nó ar a chríochtháirge beag beann ar chineál áirithe na hoibre a chuireann daoine aonair isteach. Úsáidtear an téarma ‘earnáil’ i gcomhthéacs an Daonáirimh mar cur síos ar “earnáil gníomhaíochta eacnamaíche”. Is é bunús an rangaithe earnála i gcás fostaithe ná gnó nó raon gairme a bhfostóir agus i gcás daoine féin-fhostaithe cineál a ngnó nó a raon gairme féin.
  • Tá na ranguithe Gairme a úsáidtear san daonáireamh bunaithe ar Rangú Gairme Caighdeánach na Ríochta Aontaithe (SOC), ach tá mionathruithe déanta air chun coinníollacha margadh saothair na hÉireann a léiriú. Tá an leagan is déanaí, is é sin SOC2010, a úsáideadh den chéad uair i nDaonáireamh 2011, ar fáil in Aguisín 6. Socraítear an cód a ndéantar gairm duine a rangú leis de réir an cineál oibre a dhéanann sé/sí chun slí bheatha a thuilleamh, gan aird ar an áit ina ndéantar é agus gan aird ar an gcuspóir a ndéantar chuige é. Ní imríonn nádúr an tionscail, an ghnó ná na seirbhíse ina bhfuil duine ag obair aon tionchar ar rangú na gairme. Mar shampla, seasann an ghairm “cléireach” do chléirigh atá fostaithe i dtionscal déantúsíochta, i dtráchtáil, baincéireacht, árachas, riarachán poiblí, gairmeacha agus seirbhísí eile, srl.
  • Rangaíodh an pobal ar fad le ceann de dheich sainghrúpa socheacnamaíoch (arna thabhairt isteach in 1996). De bhreis air seo úsáideadh grúpa iarmharach dar teideal. “Gach duine eile a bhfuil luach saothair aige/aici as a c(h)uid oibre agus nach bhfuil eolas air/uirthi” i gcásanna nár cuireadh dóthain sonraí ar fáil. Is é is cuspóir don rangú ná daoine a thabhairt le chéile ag a bhfuil stádais shóisialta agus eacnamaíoch chosúla ar bhonn an leibhéal scile nó an leibhéal gnóthachtáil oideachais atá riachtanach. Agus grúpa sóch-eacnamaíoch á shainmhíniú ní dhéantar aon iarracht chun grúpaí a chur in ord tábhachta sóch-eacnamaíoch. Tugtar an rangú mionsonraithe a úsáidtear chun grúpa sóch-eacnamaíoch gach duine atá ag obair, dífhostaithe nó ar scor a shocrú in Aguisín 7.
  • Lena chois sin tá rangú déanta ar an daonra ar fad i gceann de sheacht ngrúpa aicme sóisialta (a tugadh isteach in 1996) atá sainmhínithe ar bhonn gairme. Roghnaíodh na gairmeacha atá i ngach grúpa ar shlí chun daoine a thabhairt le chéile, an oiread agus is féidir, ag a bhfuil an leibhéal scil ghairme céanna. Agus aicme shóisialta á socrú ní ghlactar difríochtaí idir daoine aonair san áireamh ar bhonn tréithe eile, mar shampla oideachas. Dá réir sin rangaíonn aicme shóisialta gairmeacha de réir an leibhéal scile atá riachtanach ar scála aicme sóisialta idir 1 (an leibhéal is airde) go 7 (an leibhéal is ísle). Leis an scála seo nasctar gairmeacha ina sé ghrúpa de réir gairme agus stádas fostaíochta de réir nósanna imeachta atá cosúil leo siúd a mínítear thuas chun grúpa sóch-eacnamaíoch a shannadh. Úsáidtear catagóir iarmharach dar teideal “Gach duine eile a fhaigheann luach saothair as a c(h)uid oibre nach bhfuil eolas orthu” mura féidir sannachán beacht a dhéanamh. Tugtar an rangú mionsonraithe a úsáidtear chun an grúpa aicme sóisialta gach duine atá ag obair, dífhostaithe nó ar scor a shocrú in Aguisín 8.
  • Díorthaíodh sonraí ar mhíchumas ó fhreagraí ar Cheisteanna 16 agus 17 de cheistneoir an daonáirimh. Ceist ina raibh seacht gcuid ab ea Ceist 16. Cuireadh ceist faoi roinnt reachtaí fadtéarmacha. Má thug duine FREAGRA DEARFACH ar chuid ar bith de Cheist 16 iarradh air/ uirthi Ceist 17 a fhreagairt. Ceist ceithre choda is ea an cheist seo inar fiafraíodh de dhuine an raibh deacrachtaí aige/aici le gníomhaíochtaí cosúil le gléasadh, folcadh nó bogadh timpeall sa teach; an teach a fhágáil ina (h)aonar; obair i bpost nó i ngnóthas nó freastal ar scoil/coláiste; páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eile ar nós fóillíochta nó iompar a úsáid. Rangaíodh daoine aonair mar dhaoine faoi mhíchumas má thug siad FREAGRA DEARFACH ar chuid ar bith den dá cheist, go háirithe má chuir siad tic le cuid ar bith de C17, fiú amháin mura raibh tic curtha acu ar chuid ar bith de C16.
  • Tá an tuarascáil seo mar an dara fhoilseachán de Thorthaí Achoimre, agus an ceann deiridh. Foilseoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh naoi tuarascálacha théamacha eile sa tréimhse sé mhí amach romhainn, ag tabhairt faisnéis agus léargas níos chuimsithí ar na réimsí eolais a chlúdaítear i gCuid 1 agus i gCuid 2 de na Torthaí Achoimre. Is í an chéad tuarascáil eile ná Próifíl 3 – Próifíl Aoise na hÉireann a eiseofar an 6 Iúil. Díreofar sna tuarascálacha eile ar théamaí éagsúla, ina measc siúd daoine gan dídean; an Lucht Siúil, eitneachas & creideamh; sláinte, míchumas & cúramóirí agus ar an nGaeilge. Is féidir teacht ar an sceideal foilsithe iomlán anseo.

1Chun críocha an daonáirimh sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Brendan Murphy (+353) 1 895 1329 nó Saincheisteanna Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --