Skip navigation

19 Deireadh Fómhair 2017

Buaiteoirí Comórtais John Hooper, Apps4Gaps agus Gradaim um Úsáid is fearr Sonraí Oscailte fógartha ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO)

 

Bhronn Ard-Stiúrthóir Cúnta na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO), Maria Hurley, duaiseanna inniu (Déardaoin 19 Deireadh Fómhair 2017) ar bhuaiteoirí na comórtais Bhonn John Hooper, Apps4Gaps agus an Gradaim um Úsáid is fearr Sonraí Oscailte ag Comórtas an Eolaí Óg sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath.

Is í príomhchuspóir an chomórtais John Hooper ná scileanna daltaí chun cur síos ar, chun fios a chur ar, agus chun iniúchadh a dhéanamh ar a dtimpeallacht trí leas a bhaint as staitisticí. Tá an comórtas náisiúnta seo ar oscailt d’fhoirne de bheirt nó de thriúr dalta atá 18 mbliana d’aois nó níos óige agus tá sé ainmnithe in ómós do John Hooper BA* (1878 - 1930). Cuireadh an comórtas ar bun den chéad uair seacht mbliana ó shin chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad Lá Domhanda Staitistice sa bhliain 2010, agus déantar Lá Eorpach Staitistice a cheiliúradh gach bliain anois ar an dáta céanna, an 20 Deireadh Fómhair.  Lean buaiteoirí foriomlána an Bhonn John Hooper i mbliana ar aghaidh chun an tríú háit a bhaint amach ag an gcomórtas comhionann domhanda, an Tionscadal Idirnáisiúnta um Inniúlacht Staitistiúil (ISLP). Thug siad leo an tríú háit chomh maith ag Comórtas Staitistice Idirnáisiúnta de chuid Comhlachas Idirnáisiúnta um Oideachas Idirnáisiúnta (IASE).  Bhí tionscail isteach don chomórtas mór le rá seo as 23 tír éagsúil, lena n-áirítear an tSeapáin, an Rúis, Meicsiceo, an Astráil, an Fhionlainn, an Ungáir agus an tSaimbia. Bronnadh an duais idirnáisiúnta seo ar na buaiteoirí náisiúnta as a dtionscal “Don’t ditch your dairy”.

Is í seo an cheathrú bhliain den chomórtas náisiúnta Apps4Gaps.  Is í cuspóir an chomórtais seo ná foirne a spreagadh chun aipeanna (feidhmchláir) nuálaíocha a fhorbairt, ag baint leas as sonraí oscailte atá ar fáil ar data.gov.ie, ar bhealach a thugann léargas níos leithne nó níos deimhne dúinn ar ábhar.

Ina theannta sin, is í seo an tríú bhliain den Ghradam um Úsáid is fearr Sonraí Oscailte ag Comórtas an Eolaí Óig. Is í aidhm an ghradaim seo ná daoine óga a spreagadh le húsáid a bhaint as sonraí oscailte. Bronntar an gradam seo as ucht an úsáid nó an deis úsáide is nuálaí a bhaint as sonraí an CSO – bíodh sin in aon cheann de na formáidí a leanas: anailísí staitistiúla, próisis staitistiúla nó aschur staitistiúil; píosa taighde; uirlis léirmhínithe nó léarscáil sonraí léirmhínithe; forbairt gléis; feidhmchlár bogearra nó úsáid sonraí an CSO ar aon bhealach nuálaíoch eile.

 

Ag labhairt di ag an searmanas bronnta, dúirt Ms. Hurley:

“Tá caighdeán rí-ard tar éis a bheith ann ó thaobh iontralacha ar an dá chomórtas, John Hooper agus Apps4Gaps, agus tá lúchair orm leis an méid dúthracht a taispeánadh agus leis na hiontrálacha iad féin araon.

Léirigh daltaí an méid sin clisteacht agus smaointeoireacht as an nua, iad ag déanamh iniúchadh ar réimse leathan topaicí, ó chapaill rása go tionchar an chodlata. Tá siad tar éis cruthaíocht a thaispeáint chomh maith trí aipeanna nualaíocha a fhorbairt, ag tabhairt léargas dúinn ar leithéidí cóiriúlacht, bulaíocht agus oideachas. Ar an gcaoi seo, tá siad tar éis ábharthacht staitisticí, os rud é gurb fhéidir iad a úsáid chun críocha oiliúna agus chun léargas agus tuiscint níos fearr a thabhairt dúinn go léir maidir le réimse ábhar éagsúil.

Is iad oiliúint daoine óga agus cur chun cinn bealaí úsáide staitisticí chun leas an phobail croílár chlár For-rochtana Oideachais an CSO, clár a chuimsíonn Bonn Staidrimh John Hooper, an comórtas Apps4Gaps, 'Gradam um Úsáid is fearr Sonraí Oscailte' an CSO ag Taispeántas an Eolaí Óig agus an togra 'Daonáireamh ar Scoil'.”

 

Cuir fiosruithe ar:

Elaine O’Mahoney - 087 1308799

 

Buaiteoirí Bhonn Staidrimh John Hooper 2017:

Chéad áit: Ella Brennan, Jessie Oyenuga

Múinteoir: Claire Treanor

Loreto Secondary School Co. Chill Chainnigh

Póstaer: Don't Ditch your Dairy (PDF 812KB)

 

Dara háit: Bronagh Cassidy, Aoife Lowth, Rachel Campbell

Múinteoir: John White

St. Vincent’s Secondary School

Dún Dealgan, Co. Lú

Póstaer: ARIA or Manual? - A statistical analysis into which method of grading retinal images for diabetic retinopathy is the most effective (PDF 889KB)

 

Tríú háit: Lynn Sweetnam, Eva Murphy

Múinteoir: Stephen McLaughlin

Droichead Bandan, Co Chorcaí

 Póstaer:The Statistical Analysis of the Birthdates of Thoroughbred Racehorses and the Subsequent Impact on their Racing Career (PDF 2,040KB)

 

 

Torthaí Chomórtas Apps4Gaps 2016

Cheád áit agus buaiteoirí foriomlána Bhonn Alice Perry

“Luas Real Time Information”
Cruthaitheoirí: Eoghan Craven-Grace, Liam Finnegan agus Ethan Hammond, Baile Átha Cliath

 

Dara hÁit (Aip Infheidhme):

“Population Projections”
Cruthaitheoirí: Cian Dunne agus Mohammed Eraghubi

 

Buaiteoirí ‘Comórtas an Eolaí Óig – Úsáid Is Fearr Sonraí Oscailte’

“LifeStats”

Cruthaitheoirí: Akhil Voorakkara, Steven Harris agus Jack Lane, Baile Átha Cliath

Nótaí d'Eagarthóirí:

John Hooper BA* (1878 - 1930).   Bhain sé céim le Céadonóracha sa Mhatamaitic amach in 1898. Sa bhliain 1923, tráth bunaithe an stáit, ceapadh é ina chéad Stiúrthóir Staidrimh ar Saorstát Éireann.  Mar an chéad duine sa phost lárnach seo, chuaigh John Hooper i bhfeidhm go mór ar fhorbairt ábhar staidrimh oifigiúil de chuid an Stát go dtí uair a bháis mí na Nollag 1930. Is le linn a shaol oibre a forbraíodh ábhair úra staidrimh (m.sh. an chéad Daonáireamh agus an chéad Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail sa bhliain 1926) agus ar achtaíodh an tAcht Staidrimh, 1926.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Ken Kennedy (+353) 21 453 5036 nó Olivia Lucey (+353) 21 453 5021

nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

-- CRÍOCH --