21 Meitheamh 2017
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Bhuiséad an Líon Tí 2015-2016 [EN]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu (21 Meitheamh 2017) torthaí sonracha ón Suirbhé ar Bhuiséad an Líon Tí 2015-2016 a reáchtáladh don tréimhse Feabhra 2015 go Feabhra 2016, an dá mhí sin san áireamh, agus lenar chlúdaíodh 6,839 líon tí.
Ag trácht ar na torthaí, deir Claire Burke, Staitisteoir; “Bhí meánchaiteachas seachtainiúil tí de €845.12 ann in 2015-2016 i measc líonta tí go léir an Stáit. Ardú 4.3% ab ea é seo ar an bhfigiúir €810.61 a taifeadadh cúig bliana roimhe sin.
“Tháinig ísliú ar an sciar de chaiteachas iomlán tí a bhain le Bia ó 16.2% in 2009-2010 go 14.6% in 2015-2016 a fhad is a chuaigh an sciar a chaitheadh ar Thithíocht i méid, ó 18.2% go 19.4% le linn an tréimhse chéanna cúig bliana.
“Feictear méadú beagnach 7% ar chaiteachas a bhain le Iompar, ag dul ó €116.31 in aghaidh na seachtaine in 2009-2010 go €124.39 in 2015-2016. Caiteachas ní b’airde ar cheannach gluaisteán ba chúis leis an méadú sa réimse seo; ag fágáil ceannach gluaisteán ar lár, ísliú 7.1% a tháinig ar chaiteachas eile a bhain le hIompar.
“Ísliú 29.1% a tháinig ar chaiteachas ar Dheochanna meisciúil agus tobac, thíos ó €39.48 in aghaidh na seachtaine go €28.00. Chuaigh an sciar de chaiteachas iomlán ar alcól sa chatagóir Alcól arna chaitheamh sa bhaile i méid, é ardaithe ó bheagán le cois 41% in 2009-2010 go díreach os cionn 51% in 2015-2016.
“Tá moill síoraí seasta tagtha ar an sciar de chaiteachas iomlán teaghlaigh ar Bhia le cúig bliana is tríocha anuas, ag dul ó 27.7% go 14.6% den iomlán. I comparáid leis seo, idir 1999-2000 agus 2015-2016 a tháinig móramh mór an méadú ar chaiteachas Tithíochta; le linn an tréimhse seo feictear ardú ó 9.6% go 19.4% ar an sciar chaiteachas iomlán teaghlaigh a bhain le Tithíocht.
“Chuaigh an sciar airgid a chaitheadh ar Earraí éagsúla, seirbhísí agus caiteachas eile i méid, 20.5% a bhí ann in 1980 agus é ardaithe go 34.2% faoi 2015-2016. I measc na catagóirí caiteachais a áirítear sa réimse seo tá cúram sláinte, cúram leanaí, oideachas, pinsin agus teileafón.
“Sa bhliain 1980, b’ionann caiteachas ar chúrsaí leighis agus 1.8% de chaiteachas iomlán teaghlaigh, i gcomórtas le 5.9% tríocha cúig bliana níos deanaí.
Féach Tábla 1.2 Athruithe i ndáileadh chaiteachas iomlán tí, 1980 go 2015-2016 [EN]
“In 2015-2016 bhí meánioncam comhlán seachtainiúil tí de €1,097.04 ann sa stát, 6.8% ní b’airde ná an figiúr €1,026.77 a taifeadadh cúig bliana roimhe sin.
“Tháinig fás beagán le cois 11% ar iomlán an ioncaim dhírigh sheachtainiúil sa tréimhse chéanna; ó €809.56 go €899.87. Méadú ar ioncam fostaithe agus ar ioncam an duine féinfhostaithe ba chúis leis an bhfás seo. Feictear ardú ar chéatadáin na mball tí a thuairiscigh fúthu féin go raibh siad i mbun oibre; 36.7% a bhí ann in 2009-2010 é ardaithe go 40.7% faoi 2015-2016.
“Méadú de bheagnach 3% a tháinig ar meánioncam seachtainiúil indiúscartha tí (figiúr a thagtar air trí cáin ioncaim agus árachas sóisialta a dhealú ón ioncam comhlán), é imithe ó €885.72 go €909.25 thar tréimhse cúig bliana.
“Sa tréimhse 2015-2016, bhí líne teileafóin seasta ag níos lú ná 66% de líonta tí. Titim de 20 pointe céatadáin ab ea é seo thar tréimhse deich mbliana, óir go raibh líne talún ag díreach faoi bhun 86% i 2005-2006.
“Thug 73% de líonta tí le fios go raibh rochtain idirlín acu in 2015-2016, i gcomórtas le beagnach 66% cúig bliana ní ba luaithe.
“Sa tréimhse 2015-2016, thuairiscigh díreach faoi bhun 81% d'iomlán na líonta tí go raibh ar a laghad Ríomhaire baile amháin acu, i gcomórtas le 77.3% agus 56.2% cúig bliana agus deich mbliana roimhe sin faoi seach. Thug os cionn leath (50.9%) de líonta tí le fios go raibh Dhá riomhaire nó níos mó acu in 2015-2016.”
Claire Burke (+353) 21 453 5046 nó Tricia Brew (+353) 21 453 5148
nó seol ríomhphost chuig hbs@cso.ie
-- CRÍOCH --