Skip navigation

20 Deireadh Fómhair 2017

Bliainiris Staidrimh na hÉireann 2017

  • Cá mhéad breith agus pósadh a bhí ann sa bhliain 2016?
  • Cad é an lá breithe is coitianta?
  • Cá mhéad duine nach bhfuil úsáid bainte acu as an Idirlíon riamh?
  • Cén dóigh a bhfuil ag éirí leis an lucht gnó agus leis an ngeilleagar?
  • Cé na mótair is mó tóir?
  •  

    Is féidir na freagraí ar na ceisteanna sin agus ar chuid mhór ceann eile a fháil i mBliainiris Staidrimh na hÉireann 2017, arna fhoilsiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu chun Lá Eorpach na Staitistice a chomóradh. Tugtar léargas staidrimh ar Éirinn sa Bhliainiris. Tá sí bunaithe go príomha ar na sonraí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh don bhliain iomlán is déanaí (2016). Is i bhformáid leictreonach amháin a chuirtear an iris ar fáil. Fágann sé sin go bhfuil sí níos idirghníomhaí agus go soláthraítear léi rochtain níos éasca ar shonraí níos miondealaithe nuair is gá. Tá faisnéis faoi Dhaonáireamh 2016 ar áireamh san eagrán i mbliana. Tá aguisín ar Thuaisceart Éireann ar áireamh ann den chéad uair le ceithre bliana anuas freisin. Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil le gach duine a chuir leis an bhfoilseachán, go háirithe ár soláthraithe sonraí, a bhfuil a gcomhar ríthábhachtach dár gcuid oibre.

     

    Príomhphointí d’Eagarthóirí

     

    Daoine

    Cláraíodh 63,897 mbreith sa bhliain 2016, rud ar laghdú 2,012 bhreith é ar an bhfigiúr don bhliain 2015.  Cláraíodh 23,348 gcinn díobh sin mar bhreitheanna lasmuigh den phósadh, agus iad freagrach as 36.5% de na breitheanna uile.

    Ba iad mná idir 30 bliain d’aois agus 39 mbliana d’aois a rug breis agus 65% de na 63,897 mbreith a cláraíodh sa bhliain 2016.

    Rug máithreacha a bhí 45 bliana d’aois nó níos sine 295 leanbh san iomlán sa bhliain 2016.

    Bhí 22,626 phósadh ann sa bhliain 2016, rud ar mhéadú 510 bpósadh é ar an bhfigiúr don bhliain 2015. Áirítear 1,056 phósadh comhghnéis san fhigiúr sin.

    Léirítear i sonraí don tréimhse 2008-2014 go bhfuil an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair ar an lá breithe is coitianta. Rugadh 191 leanbh ar an dáta sin ar an meán. Seachas an 29 Feabhra, is iad seo a leanas na laethanta breithe is annaimhe: an 29, an 28 agus an 27 Nollaig; an 17 Márta; an 1 Eanáir; agus an 23 Nollaig.

     

    Caith súil ar do lá breithe ar ár n-uirlis léirshamhlaithe creasa idirghníomhaigh: Cé chomh coitianta agus atá do lá breithe? [en]

     

    Bhí 1,218,370 teaghlach ann sa Stát ar oíche an daonáirimh, rud ar mhéadú 51 faoin gcéad é ón mbliain 1996.

    Ar an meán, bhí 1.38 leanbh ann in aghaidh an teaghlaigh sa bhliain 2016. Bhí 1.82 leanbh ann in aghaidh an teaghlaigh sa bhliain 1996.

    Mhéadaigh an líon daoine atá san fhostaíocht go 2,014,900 duine sa bhliain 2016.

    Laghdaigh an ráta foriomlán dífhostaíochta ó 13.9% sa bhliain 2010 go 8.6% sa bhliain 2016. Bhí 187,800 duine san iomlán dífhostaithe sa bhliain 2016, i gcomparáid le 305,100 duine sa bhliain 2010.

    Laghdaigh an líon daoine dífhostaithe faoi 11.1% idir na blianta 2015 agus 2016.

     

    An tSochaí

    Bhí rochtain Idirlín ag 94% de theaghlaigh i réigiún Bhaile Átha Cliath sa chéad ráithe den bhliain 2017; i gcodarsnacht leis an bhfigiúr sin, thug 83% de theaghlaigh i réigiún na Teorann le fios go raibh rochtain Idirlín acu.

    Sa bhliain 2017, ní raibh úsáid bainte ag 16% de dhaoine as an Idirlíon riamh. Fir a bhí i 17% díobh sin agus mná a bhí i 14% díobh. Níl úsáid bainte ag 46% de dhaoine aonair idir 60-74 bliain d’aois as an Idirlíon riamh. Is é 4% an figiúr comhfhreagrach do dhaoine aonair idir 16-29 bliain d’aois.

    Bhí cáilíocht tríú leibhéal ag 36.4% de dhaoine idir 15 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois in 2016. Bhí ardoideachas dara leibhéal ar a laghad ag 72.9% de na daoine uile idir 15 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois.  Bhí oideachas bunleibhéil amháin ag 8.7% de dhaoine idir 15 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois.

    Bhí 557,107 ndalta san iomlán ann san oideachas chéad leibhéil sa bhliain 2015/16, rud ar mhéadú 8,565 dhalta é ar an bhfigiúr don bhliain 2014/2015.

    Bhí 188,178 mac léinn lánaimseartha tríú leibhéal ann sa bhliain 2015/16. Bhí sé sin cothrom le méadú 910% ón mbliain 1965/66.

    Bhí an ráta daoine atá i mbaol na bochtaineachta cothrom le 16.9% sa bhliain 2015, rud ar laghdú beag é ar an 17.2% a taifeadadh sa bhliain 2014.

    Bhí an ráta díothachta do dhaoine atá i mbaol na bochtaineachta cothrom le 51.5% sa bhliain 2015. Bhí sé cothrom le 51.2% sa bhliain 2014 agus le 29.1%, an figiúr ab ísle riamh, sa bhliain 2008.

     

    Gnó

    Bhí Éire rangaithe sa dara háit in Aontas an 28 maidir le sciar na bhfiontar a bhaineann úsáid as na meáin shóisialta, agus iad in úsáid ag 64% díobh. Bhí Málta rangaithe sa chéad áit, agus na meáin shóisialta in úsáid ag 71% dá fhiontair. Ba é 45% meánfhigiúr an Aontais Eorpaigh.

    Mhéadaigh méid an mhiondíolacháin sna gnólachtaí uile faoi 6.7% i gcomparáid leis an bhfigiúr don bhliain 2015. Mhéadaigh méid an mhiondíolacháin san earnáil Gluaisteán faoi 10.3% sa tréimhse chéanna.

    Sa bhliain 2016, bhí méadú bliantúil 21.8% ann ar an líon tithe nua a tógadh. Bhí méadú 39.4% ann ar an líon árasán ar deonaíodh cead pleanála dóibh freisin.

    Mhéadaigh an t-aschur ón earnáil iomlán tógála agus foirgníochta faoi 18.3% sa bhliain 2016 i gcomparáid leis an bhfigiúr don bhliain 2015. Bhí laghdú 66.1% ann ar an aschur ón earnáil idir na blianta 2006 agus 2016, áfach. 

    Sa bhliain 2014, bhí luach €516 billiún ar an ngeilleagar gnó in Éirinn agus gineadh pá agus tuarastail dar luach €45 billiún ann. Bhí 1,396,096 dhuine fostaithe ann in 238,249 bhfiontar.

    Fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhí i 99.8% de na fiontair uile, agus iad freagrach as 69% de na daoine a bhí san fhostaíocht.

     

    An Geilleagar

    Mhéadaigh Olltáirgeacht Intíre (OTI) faoi 5.1% i bpraghsanna seasta idir na blianta 2015 agus 2016. Mhéadaigh Olltáirgeacht Náisiúnta (OTN) faoi 9.6% thar an tréimhse chéanna. 

    Mhéadaigh ioncam an Rialtais ó €57.7 billiún sa bhliain 2011 go €72.6 billiún sa bhliain 2016. Laghdaigh caiteachas ó €79.6 billiún go €74.6 billiún sa tréimhse chéanna.

    B’ionann ollfhiachas an Rialtais Ghinearálta agus €200,592 mhilliún ag deireadh na bliana 2016. Bhí sé sin cothrom le 72.8% d’OTI. Chuir idir an méadú OTI in 2016 agus an laghdú i bhfiachas an Rialtais Ghinearálta leis an laghdú a chonacthas sa chóimheas idir easnamh agus OTI.

    B’fhiú €335 billiún é iomlán na n-onnmhairí marsantachta agus na n-onnmhairí seirbhísí sa bhliain 2016. Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí sa chomhpháirtí trádála ba mhó le haghaidh onnmhairí (€63.7 billiún). Ba iad seo a leanas na príomh-chomhpháirtithe trádála eile: an Ríocht Aontaithe (€42.9 billiún); an Ghearmáin (€23.9 billiún); an tSín (€22.1 billiún); agus an Bheilg (€19.6 billiún).

    B’fhiú €274.4 billiún é iomlán na marsantachta agus na seirbhísí a allmhairíodh sa bhliain 2016. Bhí na 5 phríomhthír ina leith sin freagrach as 52.8% de na hallmhairí uile. Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí sa chomhpháirtí trádála ba mhó le haghaidh allmhairí (€47.1 billiún); bhí luach €33.3 billiún agus €22 billiún ar allmhairí ón Ríocht Aontaithe agus ón Ísiltír faoi seach.

    Lean an méid a bhí ag dul do bhainc na hÉireann ó theaghlaigh de bheith ag titim sa bhliain 2016, agus é cothrom le €88.2 billiún ag deireadh na bliana. Bhí sé cothrom le €92 billiún sa bhliain 2015 agus le €110.3 billiún sa bhliain 2011.

    Ba sa bhliain 2016 a taifeadadh an leibhéal ab airde riamh d’onnmhairí agus d’allmhairí araon. Mhéadaigh luach na n-onnmhairí ó €1.8 billiún sa bhliain 1975 go €117.6 billiún sa bhliain 2016. Mhéadaigh luach na n-allmhairí ó €2.2 billiún go €72.1 billiún sa tréimhse chéanna.

    D’athraigh comhardú na Trádála Earraí (an comhardú a dtagtar air tar éis allmhairí a bhaint d’onnmhairí) ó easnamh €326 mhilliún sa bhliain 1975 go barrachas €45,521 mhilliún sa bhliain 2016.

    Bhí an tAontas Eorpach freagrach as €60,083 mhilliún, nó 51%, d’iomlán na n-earraí a onnmhairíodh sa bhliain 2016. Bhí an Bhreatain Mhór agus an Bheilg ar na príomh-mhargaí san Aontas Eorpach ina leith sin, agus iad freagrach as 11% agus 12% faoi seach de na honnmhairí uile. Bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an bpríomhcheann scríbe nach bhfuil san Aontas Eorpach, agus é freagrach as 26% d’iomlán na n-onnmhairí.

    Mhéadaigh an Praghasinnéacs Tomhaltóirí do Gach Mír faoi 3.1% idir na blianta 2007 agus 2016.   

    Idir na blianta 2007 agus 2012, thit praghsanna réadmhaoine cónaithe i mBaile Átha Cliath níos gasta ná praghsanna réadmhaoine lasmuigh den phríomhchathair, agus iad ag laghdú faoi 57.7%. Mhéadaigh siad níos gasta freisin, áfach, agus iad ag méadú faoi 57.5% idir na blianta 2012 agus 2016.  I gcodarsnacht leis sin, laghdaigh praghsanna réadmhaoine cónaithe lasmuigh den phríomhchathair faoi 48.2% idir na blianta 2007 agus 2012. Cé gur thit siad faoi 6.9% eile sa bhliain 2013, d’éirigh leo 34.1% dá luach a aisghabháil idir an t-ísealphointe sa bhliain 2013 agus an bhliain 2016.

    Bhí 40,150 idirbheart réadmhaoine cónaithe san iomlán ann sa bhliain 2016, agus luach comhcheangailte €9,933.7 milliún orthu. Ba é €196,000 luach airmheánach na n-áras cónaithe a díoladh sa tír sa bhliain 2016.

    Féach na praghsanna airmheánacha tí de réir éirchóid ar ár léarscáil idirghníomhach [en].

    Ba é €45,611 an meántuilleamh bliantúil d’fhostaithe lánaimseartha sa bhliain 2016. Thuill fostaithe páirtaimseartha €16,597 ar an meán.

     

    Turasóireacht agus Iompar

    Sa bhliain 2016, thóg neamhchónaitheoirí 9.6 milliún turas thar lear ar Éirinn. B’ionann é sin agus méadú 10.9% ar an bhfigiúr don bhliain roimhe.  Thóg cónaitheoirí na Breataine Móire breis agus 3.9 milliún turas ar Éirinn sa bhliain 2016. B’ionann é sin agus 377,000 turas (méadú 10.6%) níos mó ná an líon a tógadh sa bhliain 2015.

    Tháinig méadú 9.7% ar an líon turas thar lear ar Éirinn a tógadh le haghaidh saoire/fóillíochta/áineasa idir na blianta 2015 agus 2016. Gan táillí taistil a áireamh, tháinig méadú 8.8% ar an méid airgid a caitheadh ar thurais thar lear ar Éirinn sa tréimhse sin. B’ionann an méid a caitheadh agus €4,577 milliún.

    Thóg cónaitheoirí Éireannacha breis agus 7.6 milliún turas amach ón Stát sa bhliain 2016 agus chaith siad €6.5 billiún lena linn. Ba san Aontas Eorpach a caitheadh 67.9% den fhigiúr sin.

    Thóg cónaitheoirí Éireannacha geall le 9.3 milliún turas intíre sa bhliain 2016. B’ionann agus €1.8 billiún an méid iomlán a chaith cónaitheoirí Éireannacha ar thurais intíre sa bhliain 2016. Mhéadaigh caiteachas ar shaoirí go €1.1 billiún sa bhliain 2016, rud arb ionann é agus méadú 5%.

    Ceadúnaíodh 141,931 cheann de ghluaisteáin phríobháideacha nua sa bhliain 2016. Ba mhéadú 17.2% é sin ar an bhfigiúr don bhliain roimhe. Ba é Volkswagen an déanamh ba mhó tóir. Ba é sin an líon ab airde gluaisteán nua a ceadúnaíodh in aon bhliain ar leith ó bhí an bhliain 2008 ann. Is féidir leat úsáid a bhaint as Mótair is mó tóir in Éirinn [en], uirlis idirghníomhach nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh, chun a fháil amach cé na feithiclí a bhfuil an rath is mó orthu sa tír.

    Sa bhliain 2016, bhain 12,880 soitheach calafoirt na hÉireann amach. B’ionann é sin agus méadú 5.2% ar an bhfigiúr don bhliain roimhe. Láimhsigh siad 50.7 milliún tonna d’earraí sa bhliain.

    Sa bhliain 2016, chuaigh 32.7 milliún paisinéir trí na cúig aerfort is mó in Éirinn, rud arb ionann é agus méadú 10.4% ar an bhfigiúr don bhliain roimhe. Bhí breis agus 247,000 eitilt ann sa bhliain.

    Bhí Aerfort Bhaile Átha Cliath freagrach as 82.7% de na heitiltí sin (204,600 eitilt) agus bhí Aerfort Chorcaí freagrach as 8.0% díobh (19,900 eitilt).

     

    An Talmhaíocht

    B’ionann an limistéar faoi phrátaí sa bhliain 2016 agus 9,000 heicteár. B’ionann limistéar an barra céanna agus 345,000 heicteár sa bhliain 1856.

    I mí an Mheithimh 2016, b’ann do 7.22 milliún bó, 5.18 milliún caora agus 1.59 milliún muc. Maraíodh 1.5 milliún bó, 3.3 milliún muc agus 2.9 milliún caora sa bhliain 2016.

    Bhí méadú 3.6% ón mbliain roimhe ann sa bharrachas oibriúcháin in earnáil na talmhaíochta sa bhliain 2016, go €2,588 milliún san iomlán.

     

    Aguisín 1 – Tuaisceart Éireann

    Den chéad uair le ceithre bliana anuas, tá faisnéis ó NISRA (Gníomhaireacht Staidrimh agus Taighde Thuaisceart Éireann) curtha ar áireamh againn. Cuireadh na táblaí ábhartha sna catagóirí céanna le táblaí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh. Dá bhrí sin, is féidir leat faisnéis a fháil ar bhonn inchomparáide faoi na hainmneacha linbh is coitianta, na cinn is neamhchoitianta mar aon le faisnéis faoin daonra, faoin imirce, faoin turasóireacht, faoin ngnó, faoin ngeilleagar agus faoin talmhaíocht.

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Preasoifig (+353) 21 453 5036

    nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

    -- CRÍOCH --