Skip navigation

31 Bealtaine 2017

Ainmneacha Linbh Éireannacha 2016 agus 1966

Ainmneacha Linbh Éireannacha 2016 agus 1966
  • James agus Emily mar na hainmneacha ba mhó éilimh a cláraíodh in 2016
  • Jack, an t-ainm buachalla ba mhó a raibh tóir air in Éirinn ó bhí 2007 ann, tite go dtí an dara háit in 2016
  • Emily ar bharr an liosta i gcónaí mar ainm chailín, áit ina bhfuil sí ó 2011, agus Grace sa dara háit
  • 50 bliain níos luaithe, sa bhliain 1966, bhí John agus Mary ar bharr an tábla

Breathnaigh ar an eisiúint: Ainmneacha Linbh Éireannacha 2016 [EN]

Tá staitisticí eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (31 Bealtaine 2017) ar Ainmneacha Linbh Éireannacha 2016. Ag tagairt don tuarascáil seo, deir Carol Anne Hennessy, Staitisteoir; “Is é 2016 an chéad bhliain ó 2007 nach raibh Jack ar bharr liosta na n-ainmneacha is mó éilimh do bhuachaillí.  Is é James an t-ainm is mó éilimh faoi láthair agus tá Jack, Daniel, Conor agus Seán díreach taobh thiar de.

“Siar in 1966 ba iad John, Michael, Patrick, James agus Paul na hainmneacha ab fhearr le tuismitheoirí buachaillí nuabheirthe.  Baisteadh John ar 3,152 bhuachaill bheaga 50 bliain ó shin. Ar an taobh eile de, in 2016 níor baisteadh na cúig ainm is mó éilimh i dteannta a chéile ach ar 2,989 buachaillí beaga. 

“Tháinig Emily, Grace, Ava, Lucy agus, ar chomhchéim lena chéile, Amelia agus Sophie, sa chéad cúig áit i rangú na n-ainmneacha ab fhearr le tuismitheoirí dá gcailíní nua-thagtha.  Tá sé spéisiúil nach raibh ceann ar bith díobh seo i measc na 100 ainm ba mhó a bhí éileamh orthu do chailíní leathchéad bliain roimhe seo. Bhí Mary, Catherine, Margaret, Ann agus Anne ar na hainmneacha ba mhó éilimh d’iníonacha beaga sa bhliain 1966. In 2016 baisteadh Emily ar 490 cailín óg. I gcomórtas leis sin, baisteadh Mary ar 2,857 cailíní sa bhliain 1966. 

“Mar is léir ó tháblaí na tuarascála, úsáidtear réimse níos leithne ainmneacha éagsúla do chailíní ná mar a úsáidtear do bhuachaillí. Cláraíodh 4,526 ainm ar leith do chailíní in 2016, i gcomórtas le 3,456 ainm do bhuachaillí.

“Maidir le buachaillí, tháinig an méadú ba mhó ar éileamh ar na hainmneacha Muhammad, Louis, Lucas Josh, Jason agus Ollie.  Léim Muhammad 36 áit chun tosaigh sna ranguithe ó bhliain go bliain,  ón 119ú háit in 2015 go dtí an 83ú háit in 2016. Is é an t-aon ainm a tháinig isteach san 100 ainm is mó éilimh do bhuachaillí den chéad uair. Rangaíodh Louis ar áit 106 in 2015 agus bhí sé sa 78ú háit in 2016. Feabhsú 28 n-áit sna ranguithe é seo.

“Maidir le hainmneacha cailíní, is ar Willow, Matilda, Harper, Heidi agus Zoey a bhí an fás ba mhó idir 2015 agus 2016. Ba iad seo, mar aon le hAria, na haon ainmneacha a tháinig isteach i ngrúpa na 100 ainm ba mhó éilimh do chailíní den chéad uair in 2016.  Bhí Willow sa 72ú háit in 2016. Ardú 49 áit é seo ón 121ú háit in 2015.  Tháinig feabhas ar ionad Matilda leis - suas ón 146ú háit in 2015 go dtí an 97ú háit in 2016. Sin feabhsú 49 n-áit sna ranguithe leis. 

“Sa bhliain 2016 ba é James an t-ainm ba mhó a bhí éileamh air do bhuachaillí i gCathair Bhaile Átha Cliath agus ba é Charlie an chéad rogha i gCathair Chorcaí. Daniel a thug an chraobh leis i gCathair Phort Láirge.  Michael a bhí in uachtar do bhuachaillí nuabheirthe i gCathair na Gaillimhe agus b’fhearr le tuismitheoirí i gCathair Luimnigh Conor.

“I gCathair Bhaile Átha Cliath agus i gCathair Chorcaí ba é Amelia an t-ainm ba mhó a bhí éileamh air do chailíní beaga.  I gCathair Phort Láirge ba é Mia an rogha ab fhearr agus ba é Fiadh an t-ainm ba mhó éilimh i gCathair na Gaillimhe.

“Ba é Jack an t-ainm ba mhó a bhí éileamh air do bhuachaillí agus ba é Grace an t-ainm ba mhó a bhí éileamh air do chailíní i gcásanna ar náisiúnaigh Éireannacha an bheirt tuismitheoirí ach bhí Finn agus Isaac sa chéad áit i gcásanna ar náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe an bheirt tuismitheoirí.  Roinn Aria agus Emily an áit ar bharr an liosta do chailíní a rugadh do náisiúnaigh na R.A. in 2016.

“Ar na hainmneacha buachaillí ní ba annaimhe áiríodh Anton, Brodie, Cruz, Harris agus Feilim.  Ar ainmneacha cailíní ní ba annaimhe áiríodh Blake, Indigo, Lucia, Reidin, Romy agus Peyton.

“Ba iad Murphy, Kelly, O’Brien, Ryan agus Walsh na cúig sloinne is coitianta ar leanaí nuabheirthe a cláraíodh in 2016”.

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó Marie Crowley (+353) 21 453 5016

nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --