Skip navigation

22 Meán Fómhair 2017

Athruithe i dtaobh Staitisticí ar an Lucht Saothair de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh

 

Tá suirbhé úr dar teideal an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) le teacht i bhfeidhm ó Ráithe 3 2017 ar aghaidh in ionad an Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS) mar a bhaineann sé le staitisticí ar an lucht saothair.

Is mar chuid de mhórthionscal Forbartha ar Suirbhéireacht Líonta Tí le roinnt blianta anuas atáthar ag déanamh an t-athrú seo. Tá sé mar cuspóir leis an tionscal seo leathnú a dhéanamh ar réimse na staitisticí sóisialta a thiomsaítear san Oifig chun freastal ar riachtanais úra i gcomhair eolas ar líonta tí agus ar dhaoine. San áireamh sa suirbhé úr seo, beidh Agallóireacht Ríomhchuidithe Teileafóin (ART), ceistneoir athdheartha agus feabhsúcháin ar mhodheolaíocht an tsuirbhé.

Le hathruithe chomh mór seo a bheith ag teacht i bhfeidhm, tá sé dosheachanta go mbeidh neamhleanúnachas i gceist le roinnt sraitheanna sonraí agus, go deimhin, seod é an taithí go hidirnáisiúnta i gcás athruithe móra dá leithéid. Tá sé mar rún ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, áfach, líon na sraitheanna sonraí nach mbeidh leanúnach a choinnigh chomh beag agus gurb fhéidir trí athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí QNHS i bhfianaise torthaí an suirbhé úr.

Foilseofar na chéadtorthaí ón suirbhé úr, torthaí i dtaobh Ráithe 3 2017, roimh dheireadh Mhí Eanáir 2018. Tabharfar an t-athbhreithniú ar mheastacháin daonra arna eascairt as Daonáireamh 2016 san áireamh don eisiúint sin mar aon le sraith athbhreithnithe de shonraí an lucht saothair ón QNHS.

 

Tá eisiúint dheireanach na sraithe QNHS ar an lucht saothair le fáil anseo: Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh, Ráithe 2 2017 [EN]

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --