Skip navigation

Déanfaidh Cartlann Sonraí Eolaíochta Sóisialta na hÉireann (ISSDA) sonraí meaisín-léite a choinneáil, a phróiseáil agus a chomhchuibhniú ó shuirbhéanna, ábhar daonáirimh, bunachar sonraí tíreolaíoch, torthaí toghcháin agus mar sin de, agus cuirfidh sé ar fáil d'úsáideoirí iad sna hearnálacha acadúla, poiblí agus tráchtála.

Tá tacair sonraí na CSO ar fáil anois tríd an gcartlann déanta suas de mhicreashonraí gan ainmneacha ón Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlaigh (agus ón Suirbhé Lucht Saothair a bhí ann roimhe sin), ón Suirbhé Buiséid Teaghlaigh agus ón Daonáireamh. Tá na tacair sonraí seo ar fáil chun críche taighde sóisialta nach taighde tráchtála amháin agus caithfidh úsáideoirí conradh a shíniú roimh ré ag clúdach na dtéarmaí faoinar féidir leo na sonraí a úsáid. Tá a láithreán gréasáin féin ag ISSDA ag http://www.ucd.ie/~issda/