Skip navigation

An tús áite céanna a thabhairt do chruachóip agus d'fhoilseacháin idirlín é beartas an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) maidir le scaipeadh staitisticí. Mar sin féin, tá roinnt eisceachtaí mar a léirítear thíos:

Eisítear foilseacháin na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar chruachóip agus ar an idirlíon ag an am céanna nuair atá sé réasúnta é sin a dhéanamh.

Tá roinnt cásanna ann ina dtabharfar tús áite don idirlíon mar seo a leanas:

  • Ní gá go mbeadh táblaí fada sonraithe a úsáideann líon beag custaiméirí foilsithe i gcruachóip ach foilseófar ar an idirlíon iad.
  • Má tá moill suntasach chlódóireachta chun a bheith ann nó má tá deifir mhór ann eolas a fhoilsiú ar an bpointe, cuirfear foilseachán ar an idirlíon a luaithe is a bheidh sé ullmhaithe; i ngach cás den sórt sin, eiseófar ráiteas roimh ré ina mbeidh na príomhthorthaí nó beidh ráiteas preasa leis nuair a chuirfear ar an idirlíon é.

Leanfar le foilseacháin sonraithe áirithe, go háirithe Trádáil Eachtrach, a eisiúint i gcruachóip amháin go ndéanfar breis forbairtí teicniúla.

Déanfar amshraith iomchuí sa tSeirbhís Scarbhileoga Eirestat a thabhairt suas chun dáta chomh gar don am eisiúna agus is féidir.