Skip navigation

Clár na Socrúchán Céimithe 2022/2023

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) institiúid náisiúnta staidrimh na hÉireann. Tá sé mar phríomhchúram ag an Oifig staitisticí a bhailiú, a thiomsú agus a scaipeadh maidir le dálaí geilleagracha, sóisialta agus dálaí ginearálta eile an stáit.

Táimid ag cuardach daoine fuinniúla éirimiúla chun a bheith páirteach inár gClár Céimithe 2022/2023 agus deiseanna againn sna catagóirí a leanas:

  1. Staidreamh/Eacnamaíocht/Anailísiú Sonraí
  2. Teicneolaíocht Faisnéise
  3. Acmhainní Daonna/Foghlaim agus Forbairt
  4. Rialachas Sonraí/Cosaint Sonraí

Tá ceanncheathrú na hOifige lonnaithe i gCorcaigh agus dhá láthair eile aici i mBaile Átha Cliath (Ráth Maoinis agus Sord).

D’fhéadfaí céimithe a cheapadh ón gcomórtas seo ar feadh tréimhse shainithe (6 mhí) chun tabhairt faoi thionscadal leis an Oifig seo nó le roinn rialtais/comhlacht eile stáit faoi scáth Chóras Staidrimh na hÉireann.

Chun teacht ar thuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh féach:

https://csocareers.thehirelab.com/LiveJobs/JobApply/2746?source=1&externalAgency=-1 (leathanach i mBéarla)

IS É AN DÁTA DEIRIDH CHUN IARRATAIS A BHEITH FAIGHTE NÁ Dé hAoine an 15 Aibreán 2022.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirtear fáilte roimh iarratais ar na naoi mbonn uile atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.