Beidh an Bainisteoir Forbartha Bogearraí um Chórais Bailithe Sonraí freagrach as dearadh, forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar réitigh bhailithe sonraí an CSO. Post lárnach sinsearach is ea seo laistigh den rannán Forbartha Feidhmchlár agus beifear ag súil leis an té a cheapfar tabhairt faoi chlár oibre d’fhorbairt leanúnach agus nuálach ar chórais bailithe sonraí agus cur le straitéis foriomlán teicneolaíochta an CSO.
Ról dúshlánach ó thaobh teicneolaíochta de atá anseo a bhfuil réimse leathan scileanna agus saineolais ag teastáil dó. Beidh taithí shuntasach ag an té a cheapfar feidhmchláir chasta fiontraíochta a fhorbairt. Bheadh sé inmhianaithe d’iarrthóirí fianaise cumais a bheith acu tionscail dúshlánacha a thabhairt chun críche mar aon le taithí ar fhoirne forbartha a stiúradh agus a bhainistiú.
I gcomhar tuilleadh eolais, déan teagmháil le Margaret O'Mahony ar (+353) 1 453 5769 nó trí ríomhphost ar Competitions_sdm@cso.ie
DÁTA DEIRIDH LE hIARRATAIS A CHUR FAOI BHRÁID: 5pm, an 20 Deireadh Fómhair 2017