Skip navigation

Státseirbhísigh iad an fhoireann bhuan sa Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) earcaithe trí chomórtais phoiblí oscailte a thionólann Coimisiún na Státseirbhíse (CSC). Fógraítear na comórtais seo. Déantar ceapacháin chuig an phríomh-Oifig staidrimh (CSO) ó chomórtais do ghráid seirbhísí ghinearálta (e.g. Oifigeach Cléireachais, Oifigeach Feidhmiúcháin) de réir mar a tharlaíonn folúntais, ó phainéil d’iarratasóirí ráthúla a chothaíonn an CSC thar thréimhse ama. Tionóltar comórtais speisialta oscailte chun grád Staitisteora a cheapadh sa Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá sonraí comórtais ar fáil ón CSC.

Tá coinníollacha seirbhísí fhoireann bhuan an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) leagtha amach i gCód Pearsanra na Státseirbhísí arna fhoilsiú ag an Roinn Airgeadais. Tá an Státseirbhís, mar fhostóir, tiomanta do bheartas comhionannais deiseanna.

Oibríonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Scéim Uaireanta Solúbtha Oibre comhaontaithe ag an mbainistíocht agus ag an bhfoireann.