Skip navigation

Foireann Allamuigh Sealadach a fhostú

Fostaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) foireann lánaimseartha agus pháirtaimseartha d'obair allamuigh ar fud na tíre a bhaineann le roinnt dá bhfiosrúcháin staitistiúla. I roinnt cásanna caithfear staitisticí a bhailiú go díreach (e.g. Daonáireamh, Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlaigh, Suirbhé Buiséid Teaghlaigh).

Earcaítear an foireann ag an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi ceadúnas eisithe ag an CPSA. Bíonn tuarastal agus coinníoll seirbhíse na gcatagóirí éagsúla de na poist allamuigh comhaontaithe ag an Roinn Caiteachas, Phoiblí agus Athchóirithe. Tá cóipeanna ar fáil ó Rannóg Phearsanra an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Bíonn foirmeacha iarratais go hiondúil ar fáil go díreach ón Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Roghnaítear iarrathóirí a n-éiríonn leo, i ndiaidh gearrliostúcháin agus agallaimh iomaíoch, de réir dualgas an phoist arna leagadh amach sa cháipéisíocht earcaíochta ar fáil do gach iarratasóir. Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) sárchleachtais phearsanra i bhfeidhm agus maoirsíonn sí dlí fostaíochta agus rialacháin chuí na Státseirbhíse i bhfoireann allamuigh a bhainistiú.

Oibríochtaí Leanúnacha na Foirne Allamuigh

Foireann Allamuigh don Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlaigh

 

Fostaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Comhordaitheoirí Allamuigh lánaimseartha agus Agallóirí páirtaimseartha don Suirbhé Náisiúnta Teaghlaigh Ráithiúil. Cuimsithe sna suirbhéanna seo tá an Suirbhé Náisiúnta Teaghlaigh Raithiúil, Suirbhé ar Ioncam agus Maireachtála(EU-SILC) agus suirbhéanna tréimhsiúil cosúil leis an Suirbhé um Bhuiséid Teaghlaigh.

Áiritheoirí Turasóireachta

Fostaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Áiritheoirí sealadach páirtaimseartha gach samhradh ag aerfoirt agus ag calafoirt. Baintear úsáid as na torthaí chun meastacháin ar thurasóireacht agus ar thaisteal thar lear a sholáthar. Earcaítear na hÁiritheoirí páirtaimseartha seo de réir mar is gá, ó ghearrliostaí iarrthóirí oiriúnacha ag an Phríomh-Oifig Staidrimh.

Bailitheoirí Praghsanna

 

Bailíonn foireann náisiúnta de Bailitheoirí Praghsanna praghsanna ó shiopaí earraí agus seirbhísí i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre. Baintear úsáid as na sonraí a bhailítear chun an Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí a chur le chéile. Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Praghsálaithe ionadaíocha a earcú go díreach ón an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag www.cso.ie

Oibríochtaí Ócáideach don Fhoireann Allamuigh

An Daonáireamh Náisiúnta

Earcaíonn an Phriomh-Oifig Staidrimh an meid is mó dá fhoireann Sealadach Allamuigh don Daonáireamh Naisiunta gach cúig bliana. Cuimsithe sa structúr seo tá Oifigí Idirchaidrimh don Daonáirimh, Maorseoirí Réigiúnacha, Maoirseoirí Allamuigh agus Áiritheoirí. Tá orthu foirmeacha Daonairimh a bhailiú ó gach teaghlach sa stáit lastigh de deich seachtain.

Earcaítear an Foireann Allamuigh trí comórtais oscailte eagraithe ag an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Fógraítear na postanna go naisiúnta agus ar suíomh idirlín an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). www.cso.ie