Skip navigation

Stiúrann Ard-Stiúrthóirí na nInstitiúidí Náisiúnta Staitistiúla (DGINS) agus EUROSTAT (seirbhís staitistiúil an AE lonnaithe sa Lucsamburg) beartas staitistiúil ag leibhéal an AE. Buaileann an DGINS le chéile ceithre uaire sa bhliain mar Choiste Beartais Staitistiúil bunaithe faoi Chinneadh 89/387 ó Chomhairle an AE.

Comhaontaíonn Comhairle na hEorpa Clár Staitistiúil an AE ilbhliantúil gach cúig bliana. Cuirtear é seo i bhfeidhm i bhfoirm clár bliantúil comhaontaithe ag DGINS. Tá formhór ceanglais staitistiúla an AE éigeantach do bhallstáit faoi Rialacháin agus Treoracha ón gComhairle. Tá na príomhfhorálacha liostáilte in Aguisín 6.

Freastalaíonn ionadaithe an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar réimse leathan cruinnithe de Ghrúpaí Oibre, Tascfhórsaí agus Coiste a bhaineann le modheolaíocht staitistiúil chomhchuibhithe a fhorbairt, reachtaíocht staitistiúil a dhréachtú, torthaí a mheas, &rl. Tá clár oiliúna ann chomh maith do Staitisteoirí Eorpacha (TES) eagraithe ag Eurostat.