Skip navigation

  • Soláthraíonn staitisticí oifigiúla eilimint rí-thábhachtach i gcóras faisnéise sochaí daonlathaigh, ag tabhairt sonraí faoi dhálaí eacnamaíocha, déimeagrafacha, sóisialta agus timpeallachta don rialtas, don gheilleagar agus don phobal. Chun na críche sin, tá staitisticí oifigiúla atá úsáideach go praiticiúil le bailiú agus le bheith curtha ar fáil ar bhonn neamhchlaonta ag gníomhaireachtaí staitistiúla oifigiúla chun cearta na saoránach teacht ar fhaisnéis phoiblí a onórú.
  • Chun muinín a choimeád i staitisticí oifigiúla, caithfidh na gníomhaireachtaí staitisticí cinneadh a dhéanamh de réir fíricí gairmiúla amháin, lena n-áirítear prionsabail eolaíochta agus eiticí gairmiúla, maidir leis na modhanna agus na córais chun sonraí staitistiúla a bhailiú, a phróiseáil, a stóráil agus a chur i láthair.
  • Chun léirmhíniú ceart ar na sonraí a éascú, caithfidh na gníomhaireachtaí staitistiúla faisnéis a chur i láthair de réir caighdeáin eolaíochta maidir le foinsí, modhanna agus córais na staitisticí.
  • Tá cead ag na gníomhaireachtaí staitistiúla tuairim a nochtadh maidir le léirmhíniú earráideach agus mí-úsáid staitisticí.
  • Féadfar sonraí chun críche staidrimh a thógáil ó gach cineál foinse, suirbhéanna staitistiúla nó taifid riaracháin fiú. Caithfidh gníomhaireachtaí staitistiúla an fhoinse a roghnú de réir cáilíochta, tráthúlachta, costas agus de réir an ualaigh ar fhreagróirí.
  • Tá sonraí ar leith bailithe ag gníomhaireachtaí staitistiúla do thiomsú staitistiúil, cibé acu go dtagraíonn siad do dhaoine nádúrtha nó dlíthiúla, le coinneáil faoi rún agus úsáidte chun críche staidrimh amháin.
  • Tá na dlíthe, rialacháin agus modhanna faoina n-oibríonn na córais staitistiúla le cur ar fáil don phobal.
  • Tá comhordú i measc gníomhaireachtaí staitistiúla taobh istigh de thíortha riachtanach chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht a bhaint amach sa chóras staistiúil.
  • Cuireann úsáid coincheap, rangú agus modhanna idirnáisiúnta i measc na ngníomhaireachtaí staitistiúla i ngach tír chun cinn comhsheasmhacht agus éifeachtacht na gcóras staitistiúil ag gach leibhéal oifigiúil.
  • Cuireann comhoibriú déthaobhach agus iltaobhach i staitisticí leis an bhfeabhas ar chórais staitisticí oifigiúla i ngach tír.

Glactha ag Coimisiún Staitistiúil na NA (Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na NA, 1994, Tuarascáil Seisiúin Speisialta an Choimisiúin Staidrimh, Nua Eabhrac, 11-15 Aibreán, 1994, E/1994/29)