Skip navigation

Staidreamh Daonra Um cheantair Bheaga (SAPS)

Séard is Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) ann ná sraith staitisticí ó Dhaonáireamh 2016 a táirgtear de réir raon limistéar tíreolaíocha éagsúla, ó iomlán an Stát anuas go dtí na ceantair bheaga. Tá dhá bhealach ann chun teacht ar fhaisnéise SAPS - tríd a Uirlis Léarscáilithe Idirghníomhach (SAPMAP) nó trí táblaí agus cruthchomhaid a íoslódail:

Uirlis Léarscáilithe Idirghníomhach (SAPMAP)

Is féidir teacht ar chuntais aonair SAPS tríd an uirlis léarscáilithe idirghníomhacha dar teideal SAPMAP [uirlis i mBéarla]. Baineann an t-usáideoir leas as an uirlis chun teacht ar an thuilleadh sonraí faoin áit a bhfuil suim acu inti trí seoladh a chuardach nó trí gliogáil ar láthair ar an léarscáil. Tar éis na céime sin, roghnaíonn sé/sí ceann de na limistéir a ghabhann leis an láthair sin (m.sh. contae, ceantar bardasach, ceantar beag nó eile) chun teacht ar na táblaí staitistice daonáireamh 2016 go léir don limistéar. Tá rogha ann na táblaí seo a íoslódáil i bhformáid PDF nó Excel.  Is feidir teacht ar treoirleabhar SAPMAP anseo.  Treoir úsáideora SAPMAP 2016 [EN] (PDF 4,851KB)

Tá 45 tábla i ngach chuntas (SAPS) leagtha amach de réir na téamacha a leanas;

  • Téama 1: Inscne, aois agus stádas pósta
  • Téama 2: Imirce, eitneachas, creideamh agus teangacha iasachta
  • Téama 3: Labhairt na Gaeilge
  • Téama 4: Aonaid clainne/Teaghlaigh
  • Téama 5: Líonta tí príobháideacha
  • Téama 6: Tithíocht
  • Téama 7: Áitribh chomhchoiteanna
  • Téama 8: Príomhstádas eacnamaíoch
  • Téama 9: Aicme shóisialta agus grúpa socheacnamaíoch
  • Téama 10: Oideachas
  • Téama 11: Comaitéireacht
  • Téama 12: Míchumas, cúramóirí agus sláinte ginearálta
  • Téama 13: Slite beatha
  • Téama 14: Tionsclaíocht
  • Téama 15: Teacht ar ghluaisteán, úinéireacht ríomhaire agus rochtain idirlín

Táblaí agus Cruthchomhaid Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS)

Sa chreat thíos tá fáil ar tháblaí SAPS i bhformáid CSV le haghaidh aon cheann de na leibhéil gheografacha liostáilte. Tá naisc ann chomh maith do chomhaid teorann – idir neamhghinearálaithe agus ginearálaithe – do chaoithiúlacht úsáideoirí sonraí. Tabhair aird gurb í Suirbhéireacht Ordanáis Éireann a riarann teorannacha oifigiúla an Stáit, agus níl ról ag an Oifig seo sa réimse sin.

Tá gluais ar na hathróga táblaí ar fáil anseo Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga 2016 (XLS 38KB)

 

Íoslódáil CSVLimistéir Neamhghinearálaithe (NG)Limistéar Ginearálaithe 20mLimistéar Ginearálaithe 50mLimistéar Ginearálaithe 100m
Dáilcheantair 2013 (40)  Dáilcheantair NG Dáilcheantair 20m Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil
Dáilcheantair 2017 (39) Dáílcheantair NG  Gan a bheith ar fáil  Gan a bheith ar fáil  Gan a bheith ar fáil 
Contaetha (31) Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil
Toghranna (3,409) Toghranna NG Toghranna 20m Toghranna 50m Toghranna 100m
Gaeltachtaí (7) (ZIP 18,368KB) Ceantair Gaeltachta NG Ceantair Gaeltachta 20m Ceantair Gaeltachta 50m Ceantair Gaeltachta 100m
Limistéir Pleanála Teanga (26) Limistéir Pleanála Teanga NG Limistéir Pleanála Teanga 20m Limistéir Pleanála Teanga 50m Limistéir Pleanála Teanga 100m
Toghlimistéir Áitiúla 2014 (137) Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil  Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil
Toghlimistéir Áitiúla 2019 (166) Toghlimistéir áitiúla NG Toghlimistéir áitiúla 20M  Gan a bheith ar fáil  Gan a bheith ar fáil 
Ceantair Bhardasacha (95) Gan a bheith ar fáil Ceantair bhardasacha 20m Ceantair bhardasacha 50m Ceantair bhardasacha 100m
Cúigí (4) Cúigí NG Cúigí 20m Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil
Réigiúin NUTS-3 (8) Réigiúin NUTS-3 Réigiúin NUTS-3 20m Réigiúin NUTS-3 50m Réigiúin NUTS-3 100m
Lonnaíochtaí (846) Lonnaíochtaí NG Lonnaíochtaí 20m Lonnaíochtaí 50m Lonnaíochtaí 100m
Ceantair Bheaga (18,641) - Ceantair Bheaga NG Ceantair Bheaga 20m Ceantair Bheaga 50m Ceantair Bheaga 100m
Iar-Bhailte agus Iar-Chathracha Dlíthiúla (85) Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil Gan a bheith ar fáil
Bailte Fearainn (50,117) Gan a bheith ar fáil Bailte Fearainn 20M Bailte Fearainn 50M Bailte Fearainn 100M

Tá tacar sonraí iomlán de Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga i gcomhar gach ceann de na leibhéil gheografacha luaite thuas ar fáil le híoslódáil anseo:  Tacar sonraí iomlán de Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga, Daonáireamh 2016 [EN] (ZIP 18,368KB)

Bailte Fearainn

Chun teacht ar shonraí faoin daonra i 20,117 baile fearainn de réir Dhaonáireamh 2016, gliogáil anseo Bailte Fearainn [EN] (XLS 5,282KB)

  • I‌s Ionann lion na dtithe buana, príobháideacha sa bhaile fearainn agus 1 nó 2
  • Tá pobal iomlán an bhaile fearainn fireann nó baineann
  • Níl aon teach bhuan phríobháideach agus an pobal níos airde ná 0

Níl a chomhionann ag 101 Baile fearainn i gCathair Luimnigh ná gContae agus i gCathair Phort Láirge i mbailte fearainn 2011.

Paróistí Bhaile Átha Cliath

Maidir le scaipeadh an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga i nDaonáireamh 2016, rinneadh teorainneacha Pharóistí Bhaile Átha Cliath a neasú leis na Ceantair Bheaga Iomláine is cóngaraí.  Tá cruthchomhad theorainneacha Pharóistí Bhaile Átha Cliath ar fáil anseo Paróistí Bhaile Átha Cliath 2016 [EN] (ZIP 1,151KB)

 

Athruithe ar na teorainneaacha le ceantair bheaga le haghaidh Dhaonáireamh 2016

I ndiaidh plé Suirbhéireacht Ordanáis Éireann measadh go mbeadh gá le roinnt athruithe i gceantair bheaga faoi leith le riar ar fhoilsiú shonraí Dhaonáireamh 2016.  Is éard atá i gceist leis na hathruithe ná:

  • Rinneadh 37 gceantar bheaga a bhí ann in 2011 a chónascadh in 2016 mar gheall ar liion íseal de thithe.
  • Cruthaíodh 309 ceantar bheaga in 2016 mar thoradh ar 151 cheantar bheaga ó 2011 a roinnt mar gheall ar lion ard de thithe agus forbairt áiteanna cónaithe.
  • Leasaíodh na teorainneacha le 41 cheantar bheaga sa bhreis agus is é an toradh a bhí air seo ná gur tháinig athrú ceantair le haghaidh roinnt bheaga áiteanna cónaithe.

 

Sonraí folúntas maidir le ceantair bheaga

Áiríodh 183,312 aonad cónaithe mar aonaid fholmha i dtorthaí Dhaonáireamh 2016. Déantar scagadh níos deimhne sa tsraith sonraí seo, ag díriú ar:

  • Cineál aonad cónaithe
  • Stádas na n-aonad cónaithe seo i nDaonáireamh 2011 (ach an t-eolas seo a bheith ar fáil).
  • An fáth a tugadh go raibh na haonaid cónaithe seo folamh i nDaonáireamh 2016 (ach an t-eolas seo a bheith ar fáil).

As an 183,312 aonad cónaithe folmha seo i 2016, bhí 82,437 cinn áitithe le linn Daonáireamh 2011. Déantar scagadh chomh maith sa tsraith sonraí seo ar na haonaid cónaithe seo, ag féachaint ar shonraí eile a taifeadadh i 2011 maidir le:

  • Aois cheannaire tí an líon tí
  • Méid gnáthchónaitheoirí
  • Comhdhéanamh an líon tí
  • Tráth ina tógadh an aonaid
  • Cineál áitíochta (m.sh. cóiríocht ar cíos, úinéireacht le morgáiste,srl.)
  • Méid seomraí
  • Méid daoine in aghaidh an tseomra

Tá na sonraí tiomsaithe de réir leagan amach is déanaí ar na Ceantair Bheaga, leagan 2017 (18,641 ceantar). Tá rialú maidir le nochtadh staidrimh curtha i bhfeidhm i gcás roinnt ceantar. Mar thoradh ar an méid seo, tá iomláin ar fáil do na ceantair seo ach ní sholáthraítear aon eolas sa mbreis fúthu sa mhiondealú.

Íoslódáil Sonraí Folúntas ar Cheantair Bheaga (CSV) [EN]

Tá gluaischomhad ar fáil chomh maith agus tugtar cur síos ann ar bhrí gach teideal athróige sa tsraith sonraí.

Íoslódáil Gluaischomhad maidir le Sonraí Folúntas ar Cheantair Bheaga [EN] (XLS 11KB)

Daonáireamh 2016 - Ceisteanna Coitianta maidir le Staitisticí faoi Thithíocht Fholamh