’Séard is Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) ann ná sraith staitisticí ó Dhaonáireamh 2016 a táirgtear de réir raon limistéar tíreolaíocha éagsúla, ó iomlán an Stát anuas go dtí na ceantair bheaga. Tá trí bhealach ann chun faisnéise SAPS a fheiceáil/a íoslódáil:
Uirlis Léarscáilithe Idirghníomhach (SAPMAP)
Is féidir teacht ar chuntais aonair SAPS tríd an uirlis léarscáilithe idirghníomhacha dar teideal SAPMAP [uirlis i mBéarla]. Baineann an úsáideoir leas as an uirlis chun teacht ar tuilleadh sonraí faoin áit a bhfuil suim acu ann trí seoladh a chuardach nó trí gliogáil ar láthair ar an léarscáil. Tar éis na céime sin, roghnaíonn sé/sí ceann de na limistéir a ghabhann leis an láthair sin (m.sh. contae, ceantar bardasach, ceantar beag nó eile) chun teacht ar na táblaí staitistice go léir don limistéar, bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh 2016. Tá féidearthacht ann na táblaí seo a íoslódáil i bhformáid PDF nó Excel.
Tá 45 tábla i ngach chuntas Staidreamh Daonra um Cheantar Bheaga (SAPS) leagtha amach de réir na téamacha a leanas;
Treoir úsáideora SAPMAP 2016 [EN] (PDF 4,807KB)
Tá teacht ar tháblaí SAPS bunaithe ar aon cheann de na leibhéil thíreolacha a leanas i bhformáid CSV [i mBéarla]. Ina theannta sin, tá ceangal i ngach leibhéal thíreolaíoch ar chomhaid limistéar, cinn neamhghinearálta agus cinn ginearálta (ar achar 20 méadar, 50 méadar agus 100 méadar).
Gluais SAPS 2016 [EN] (XLS 38KB)
Tacar sonraí iomlán de Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga, Daonáireamh 2016 [EN] (ZIP 18,242KB)
Cur síos ar chomhaid Limistéir SAPS 2016 [EN]
Áiríodh 183,312 aonad cónaithe mar aonaid fholmha i dtorthaí Dhaonáireamh 2016. Déantar scagadh níos deimhne sa tsraith sonraí seo, ag díriú ar:
As an 183,312 aonad cónaithe folmha seo i 2016, bhí 82,437 cinn áitithe le linn Daonáireamh 2011. Déantar scagadh chomh maith sa tsraith sonraí seo ar na haonaid cónaithe seo, ag féachaint ar shonraí eile a taifeadadh i 2011 maidir le:
Tá na sonraí tiomsaithe de réir leagan amach is déanaí ar na Ceantair Bheaga, leagan 2017 (18,641 ceantar). Tá rialú maidir le nochtadh staidrimh curtha i bhfeidhm i gcás roinnt ceantar. Mar thoradh ar an méid seo, tá iomláin ar fáil do na ceantair seo ach ní sholáthraítear aon eolas sa mbreis fúthu sa mhiondealú.
Íoslódáil Sonraí Folúntas ar Cheantair Bheaga (CSV) [EN]
Tá gluaischomhad ar fáil chomh maith agus tugtar cur síos ann ar bhrí gach teideal athróige sa tsraith sonraí.
Íoslódáil Gluaischomhad maidir le Sonraí Folúntas ar Cheantair Bheaga [EN] (XLS 11KB)
Preasráiteas Daonáireamh 2016 - Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS)