Central Statistics Office

English
Níl feidhm cuardaigh ar fáil faoi láthair

 Skip navigation

Samplaí Stairiúla

Tá daonáirimh á dtogáil leis na mílte bliain ar fud an domhain, beagnach 6000 bliain ó shoin a thóg na Bablónaigh an chéad daonáireamh go bhfios dúinn. Tá taifid ann a thugann le fios dúinn gur tógadh an daonáireamh seo gach 6 nó 7 mbliana agus gur déanadh líon na ndaoine agus na mbeostoc a áireamh, chomh maith le cainníochtaí ime, meala, bainne, olla agus glasraí.

Ó Ríshliocht Han sa tSín a thagann an daonáireamh is sine ar domhan dá bhfuil againn. Tógadh an daonáireamh seo sa bhliain 2 AD agus ceaptar go bhfuil sé réasúnta cruinn. Daonra de 59.6 milliún a cuireadh san áireamh, an daonra ba mhó ar domhan.

Bunchloch den chóras riaracháin a bhí ag na Rómhánaigh a bhí sa dhaonáireamh agus tógadh ceann gach cúig bliana agus cuireadh clár na saoránach agus a gcuid maoine ar fáil astu. Is as an tSean-Róimh ón bhfocal Laidine ‘censere’ a chiallaíonn ‘meastachán’ a thagann an focal Béarla ‘census’.

Tá roinnt scéalta sa Bhíobla freisin a bhaineann le daonáireamh – tagann an t-ainm ‘Leabhar na nUimhreacha’ ón gcomhaireamh a déanadh ar an daonra Iosraeilíteach le linn an Teite ón Éigipt, tá tagairtí don daonáireamh a rinne an Rí Daithí agus Rí Solomon a chomhairigh gach eachtrannach san Iosrael. Is cinnte gurb é an tagairt is mó cáil do dhaonáireamh é an tagairt a dhéantar don daonáireamh Rómhánach nuair a rugadh Íosa i mBeithil agus bhí Muire agus Seosamh ann mar gheall gurb éigean dóibh taisteal ann le bheith curtha san áireamh.

Is é Leabhar an Bhreithiúnais a cuireadh le chéile faoi Liam Concar sa bhliain 1086 an daonáireamh stairiúil is cáiliúla san Eoraip. Sa chúigiú aois déag bhí bealach faoi leith ag Impireacht na nInceach le heolas daonáirimh a thaifead mar gheall nach raibh aon teanga scríofa acu. Rinneadh eolas daonáirimh a thaifead ar quipu gur sreanga é ó ghruaig Láma nó alpaca nó cordaí cadáis le luachanna uimhriúla agus eile ionchódaithe le snaidhmeanna i gcóras suíomhach bun-10.

Stair an Daonáirimh in Éirinn

Tá meastacháin daonra déanta d’Éirinn ó bhí aimsir an Tiarna Liam Petty ann ós cionn 300 bliain ó shoin ó 1672 nuair a dúradh go raibh daonra de 1,100,000 ann agus ón mbliain 1804 nuair a measadh go raibh daonra de 5,395,436 anseo.

1813 – 1831

Rinneadh iarracht nár éirigh leis sa bhliain 1813 daonáireamh a thógáil ach b’é sa bhliain 1821 a tógadh an chéad daonáireamh iomlán in Éirinn. Thóg áiritheoirí a raibh leabhair notaí tugtha dóibh ainm, aois agus gairm bheatha na ndaoine agus ba ina dhiaidh sin a cuireadh an t-eolas ar fhoirmeacha priontáilte. Mórán ar an mbealach céanna a tógadh an chéad daonáireamh eile sa bhliain 1831.

Daonáireamh 1841

B’é an Daonáireamh Mór sa bhliain 1841 an chéad mórdhaonáireamh nua-aimseartha, ag baint úsáide as foirm theaghlaigh, a tógadh don tír seo. Bhí an daonáireamh seo tábhachtach mar tugadh isteach roinnt mórathruithe ar an mbealach a cuireadh daonáireamh i gcrích:

Ceapadh Coimisinéirí Daonáirimh speisialta leis na foirmeacha mionsonraithe agus treoracha a ullmhú.

Bhí na fórsaí póilíneachta Ceannchathair Bhaile Átha Cliath agus An Fórsa Constáblachta nuabhunaithe agus déanadh iad seo a fhostú chun an obair sna ceantair a dhéanamh don Daonáireamh

Baineadh úsáid, arís don chéad uair, as mapaí mionsonraithe ón tSuirbhéireacht Ordanáis leis na dúichí a bhí ag gach duine de na hÁiritheoirí a leagan amach roimh ré.

Don chéad uair baineadh úsáid as foirm an ‘teaghlaigh’ ‘Foirm A’. B’é seo an chéad uair a raibh foirm faoi leith daonáirimh in úsáid do gach teaghlach agus gur dháil an t-áiritheoir í ar an áitreabh cónaithe roimh Lá an Daonáirimh (Dé Domhnaigh 6 Meitheamh 1841) agus gur bhailigh sé/sí arís í

Bhí an daonáireamh bunaithe ar an daonra de facto nó clúdach d’am na huaire – i.e. bhí gach duine i láthair sa teaghlach oíche an daonáirimh curtha san áireamh ar an bhfoirm san áit inár chaitheadar an oíche. Ach, rinneadh sonraí na ndaoine a raibh gnáthchónaí orthu sa teaghlach ach a bhí as láthair oíche an daonáirimh a thaifead freisin.

Cuireadh ceisteanna a bhain le hainm agus sloinne, aois, gnéas, gaol le ceann an teaghlaigh, stádas pósta agus fad an phósta, gairm bheatha, oideachas, áit bhreithe, daoine ag obair le talmhaíocht, laethanta saothair agus luach saothair, baill an teaghlaigh a bhí beo ach as láthair ón mbaile agus cur síos ar an teach, san áireamh an t-ábhar as a tógadh é, cineál an áitribh, líon na seomraí agus líon na gclann a bhí ina gcónaí ann.

Tá daonáireamh 1841 éagsúil freisin mar gheall ar an dul chun cinn mór a rinneadh i réimse, cur i láthair agus teicnic na dtuairiscí foilsithe a bhain leis, ina measc don chéad uair ariamh in aon áit cuireadh le chéile ‘Táblaí saoil do na dúichí sibhialta agus tuaithe sa tír’. Tá sé spéisiúil a thabhairt faoi deara go raibh cuid den tuairisc, ‘An Tuairisc maidir leis na Táblaí Báis’ ina raibh 205 táblaí agus rangú galair a mhínigh gnáthéarmaíocht leighis sa Bhéarla le téarmaí sa ghnáthchaint agus le hainmneacha Gaeilge, curtha le chéile ag William Wilde, an máinlia oirirc agus athair Oscar Wilde.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi stair thaifid daonáirimh na hÉireann agus faoi bhloghanna daonáirimh roimh an mbliain 1901 a fháil ag:

http://www.census.nationalarchives.ie/help/history.html 

http://www.census.nationalarchives.ie/help/pre1901.html

1851-1911

Tógadh daonáirimh ina dhiaidh sin gach 10 mbliana suas go dtí an bhliain 1911.  Go spéisiúil, chomh maith lena chleachtas leighis, choinnigh an Tiarna William Wilde air ag obair mar Choimisinéir Daonáirimh do na daonáirimh sna blianta 1851, 1861 agus 1871 agus bhí sé freagrach as roinnt de na himleabhair dhaonáirimh a foilsíodh sna blianta sin, ina measc tuairiscí 1851 maidir le ‘Stádas an Ghalair’ agus ‘Táblaí an Bháis’.

Níor tógadh aon daonáireamh sa bhliain 1921, mar gheall ar Chogadh na Saoirse agus mar gheall ar an gCogadh Cathartha. Is faoi chóras riaracháin na Breataine Móire a tógadh gach ceann de Dhaonáirimh na hÉireann suas go dtí 1911 agus daonáireamh na bliana  sin freisin san áireamh. Bhí reachtaíocht faoi leith i gceist le haghaidh gach daonáireamh ann féin le hAcht Parlaiminte faoi leith a thug údarás do dhaonáireamh in Éirinn curtha tríd sa bhliain roimh an daonáireamh.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi dhaonáireamh 1901 agus faoi dhaonáireamh 1911, tabhair cuairt ar http://www.census.nationalarchives.ie/help/about19011911census.html

1951 - 2016

Cuireadh tús sa bhliain 1951, go ginearálta, le daonáireamh a thógáil gach cúig bliana.
Ach, go deireanach san ullmhúchán chuir an Rialtas an daonáireamh sa bhliain 1976 ar ceal mar gheall ar chúrsaí eacnamaíocha. Ach, bréagbharainneacht a bhí ann áfach mar theastaigh figiúirí daonra suas chun dáta agus b’éigean daonáireamh a chur i gcrích go speisialta sa bhliain 1979 le líon teoranta ceisteanna ann. Tógadh daonáireamh iomlán ansin sa bhliain 1981. Leis seo bhí daonáireamh ar ais gach cúig bliana agus ní raibh aon athrú ar sin go dtí an bhliain 2001, nuair a cuireadh an daonáireamh a bhí le bheith ann i mí an Aibreáin ar athló go dtí 2002 mar gheall ar an ngalar crúib agus béil a bhí ag bagairt ag an am.

Tógadh an daonáireamh deireanach ar an Domhnach 24 Aibreán 2016.

Reachtálfar an chéad daonáireamh eile i 2021.

Má tá suim agat tuilleadh a léamh maidir le stair an daonáirimh in Éirinn b’fhéidir gur mhaith leat breathnú ar alt a scríobh Thomas P. Linehan, iar ArdStiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le   Stair agus Forbairt na nDaonáireamh in Éirinn  (as Béarla), a théann siar ar stair an daonáirimh in Éirinn.

Céard a tharla do thuairisceáin daonáirimh na hÉirinn?

Faraor ghéar, is fíorbheagán de na tuairisceáin daonáirimh ón naoú haois déag i gcomhar Éireann atá ann go fóill. Scriosadh nach mór iomlán na tuairisceán ó 1821, 1831, 1841 agus 1851, seachas cor iarsma na blianta sin, i 1922 nuair a chuaigh an Oifig Taifead Poiblí trí thine ag tús an Chogaidh Chathartha. Rinneadh na tuairisceáin tí ó 1861 agus 1871 a scriosadh de réir orduithe lucht rialtais na linne chun a chinntiú “nach n-úsáidfí tuairisceáin mar shásamh ar fhiosracht”. Bhí dearbhaithe roimh ré ag an rialtas gur scriosadh na tuairisceáin tí ó Dhaonáireamh na Breataine Móire. I Sasana agus sa Bhreatain Bheag, áfach, rinneadh na sonraí a thras-scríobh ar dtús go leabhair na n-áiritheoirí daonáirimh chun iad a chaomhnú, sula scriosadh bunleaganacha tuairisceáin tí na dtíortha sin. Ar an drochuair, níor leanadh a leithéid de pholasaí in Éirinn. Rinne baill foirne na hOifige Taifead Poiblí stocaireacht chun go gcoimeádfaí na tuairisceáin dhaonáirimh ó 1881 agus 1891, ach rinneadh laíon de na cáipéisí seo i 1918. Tá seans ann gur de bharr ganntanas páipéir le linn an Chéad Chogadh Domhanda a glacadh an cinneadh sin.

Tá na tuairisceáin ó 1901 agus 1911 coinnithe sa Chartlann Náisiúnta agus is féidir breathnú orthu ar líne ag Suíomh Idirlín na Cartlainne Náisiúnta (as Béarla)

Tá na tuairisceáin do 1926 - 1946 agus cuid díobh don bhliain 1951 coinnithe freisin sa Chartlann Náisiúnta, ach is faoi smacht na Príomh-Oifige Staidrimh atá siad fós. Beidh Tuairisceáin Daonáirimh 1926 curtha ar fáil don phobal, faoin riail 100 bliain, i mí Eanáir 2027.

Tá na tuairisceáin do dhaonáirimh níos déanaí coinnithe fós ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Cén uair a tógadh an Daonáireamh?

Ó bunaíodh an Stát tógadh Daonáireamh na hÉireann go traidisiúnta ar Dhomhnach san Aibreán de bhliain a chríochnaigh leis an uimhir 6 agus, ón mbliain 1951, i mblianta a chríochnaigh leis na huimhreacha 1 agus 6. Tá roinnt eisceachtaí leis seo, tógadh daonáireamh i mí Bhealtaine sa bhliain 1946, cuireadh daonáireamh 1976 ar ceal agus daonáireamh 2001 ar athló. Is iad seo a leanas na fíor dhátaí do na daonáirimh:

Bliain Lá an Daonáirimh
1926 Dé Domhnaigh, 18 Aibreán 1926
1936 Dé Domhnaigh, 26 Aibreán 1936
1946 Dé Domhnaigh, 12 Bealtaine 1946
1951 Dé Domhnaigh, 8 Aibreán 1951
1956 Dé Domhnaigh, 8 Aibreán 1956
1961 Dé Domhnaigh, 9 Aibreán 1961
1966 Dé Domhnaigh,17 Aibreán 1966
1971 Dé Domhnaigh, 18 Aibreán 1971
1979 Dé Domhnaigh, 1 Aibreán 1979
1981 Dé Domhnaigh, 5 Aibreán 1981
1986 Dé Domhnaigh, 13 Aibreán 1986
1991 Dé Domhnaigh, 21 Aibreán 1991
1996 Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 1996
2002 Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 2002
2006 Dé Domhnaigh, 23 Aibreán 2006
2011 Dé Domhnaigh, 10 Aibreán 2011
2016 Dé Domhnaigh, 24 Aibreán 2016

Cén daonra a bhí ann i ngach daonáireamh?

Bliain Daonra Iomlán Fireannaigh Baineannaigh Líon na mBaineannach de réir 100 Fireannach
1841 6,528,799 3,222,485 3,306,314 103
1851 5,111,557 2,494,478 2,617,079 105
1861 4,402,111 2,169,042 2,233,069 103
1871 4,053,187 1,992,468 2,060,719 103
1881 3,870,020 1,912,438 1,957,582 102
1891 3,468,694 1,728,601 1,740,093 101
1901 3,221,823 1,610,085 1,611,738 100
1911 3,139,688 1,589,509 1,550,179 98
1926 2,971,992 1,506,889 1,465,103 97
1936 2,968,420 1,520,454 1,447,966 95
1946 2,955,107 1,494,877 1,460,230 98
1951 2,960,593 1,506,597 1,453,996 97
1956 2,898,264 1,462,928 1,435,336 98
1961 2,818,341 1,416,549 1,401,792 99
1966 2,884,002 1,449,032 1,434,970 99
1971 2,978,248 1,495,760 1,482,488 99
1979 3,368,217 1,693,272 1,674,945 99
1981 3,443,405 1,729,354 1,714,051 99
1986 3,540,643 1,769,690 1,770,953 100
1991 3,525,719 1,753,418 1,772,301 101
1996 3,626,087 1,800,232 1,825,855 101
2002 3,917,203 1,946,164 1,971,039 101
2006 4,239,848 2,121,171 2,118,677 100
2011 4,588,252 2,272,699 2,315,553 102

Daonra de réir Cúige (Mílte)

Bliain Daonra Iomlán Cúige
Laighean
Cúige Mumhan Cúige Chonnacht Cúige Uladh (Cuid de)
1841 6,528.8  1,973.7  2,396.2  1,418.9  740.0
1851 5,111.6  1,672.7  1,857.7  1,010.0  571.1
1861 4,402.1  1,457.6  1,513.6  913.1  517.8
1871 4,053.2  1,339.5  1,393.5  846.2  474.0
1881 3,870.0  1,279.0  1,331.1  821.7  438.3
1891 3,468.7  1,187.8  1,172.4  724.8  383.8
1901 3,221.8  1,152.8  1,076.2  646.9  345.9
1911 3,139.7  1,162.0  1,035.5  611.0  331.2
1926 2,972.0  1,149.1  969.9  552.9  300.1
1936 2,968.4  1,220.4  942.3  525.5  280.3
1946 2,955.1  1,281.1  917.3  492.8  263.9
1951 2,960.6  1,336.6  898.9  471.9  253.3
1956 2,893.3  1,338.9  877.2  446.2  235.9
1961 2,818.3  1,332.1  849.2  419.5  217.5
1966 2,884.0  1,414.4  859.3  402.2  208.3
1971 2,978.2  1,498.1  882.0  390.9  207.2
1979 3,368.2  1,743.9  979.8  418.5  226.0
1981  3,443.3  1,790.5  998.3  424.4  230.2
1986  3,540.6  1,852.6  1,020.6  431.4  236.0
1991  3,525.7  1,860.9  1,009.5  423.0  232.2
1996  3,626.1  1,924.7  1,033.9  433.2  234.3
2002  3,917.2  2,105.6  1,100.6  464.3  246.7
2006  4,239.8  2,295.1  1,173.3  504.1  267.3
2011 4,588.2 2,504.8 1,246.1 542.5 294.8