Iarann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) aighneachtaí faoin ábhar a bheidh i gceistneoir an daonáireamh a rithfear in 2021.Sula reáchtáiltear daonáireamh, bíonn sé de nós ag an CSO dul i gcomhairle leis an bpobal agus le grúpaí sainleasa maidir leis na hábhair a n-áireofar i gceistneoir an daonáirimh. Os rud é gur ritheadh daonáireamh 2016 mar dhaonáireamh ‘gan athrú’, is é seo an chéad comhairliúchán poiblí faoi ábhar cheistneoir an daonáirimh ón mbliain 2008.
Déanfaidh an CSO Grúpa Comhairleach Daonáirimh a thionól, grúpa ina mbeidh ionadaithe ó ranna rialtais, údaráis áitiúla, comhlachtaí poiblí, na comhpháirtithe sóisialta, ollscoileanna agus ó institiúidí taighde, mar aon le baill foirne an CSO. Beidh sé mar chúram ag an nGrúpa na haighneachtaí a mheas agus cinneadh a dhéanamh faoi cheisteanna úra nó faoi athruithe ar cheisteanna reatha. Rithfear suirbhé píolótach i gceantair roghnaithe i mí Mheán Fómhair 2018, trína ndéanfar tástáil ar nósanna imeachta comhairimh chun críocha an daonáirimh agus ar ábhar molta an cheistneora.
Tabhair an méid a leanas faoi ndeara, le do thoil
Má tá ceist úr nó athrú ar cheist reatha mar éileamh i d’aighneacht, le do thoil cuir foclaíocht mholta na ceiste leis ach béim a leagan ar shocracht an cheist a chomhlíonadh agus ar dhébhríocht céille a sheachaint. Ba chóir údar sainithe le gach moladh a bheith san áireamh in aon aighneacht ina ndéantar tagairt don méid a leanas:
Tá liosta iomlán de na ceisteanna a cuireadh i 2016, cur síos ar bhealaí úsáide na sonraí seo agus míniú cé acu ceisteanna atá riachtanach faoi Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 de chuid an AE go léir ar fáil Ceisteanna ar an Daonáireamh 2016 (PDF 34KB) .
Íoslódáil nó breathnaigh ar fhoirm daonáirimh na bliana 2016: Foirm Dhaonáirimh 2016 (PDF 1,993KB) .
Is féidir teacht ar tuilleadh eolais faoi Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 anseo.
Beartaithe le teacht
Idir Samhain 2017 agus Aibreán 2018 déanfar gach aighneacht a achoimriú agus a chur faoi bhráid an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh lena machnamh a dhéanamh orthu. D’fhéadfadh go n-iarrfaí aiseolas ó úsáideoirí éagsúla sonraí daonáirimh agus go mbunófaí foghrúpaí chun topaicí éagsúla a phlé go mion.
Agus cinntí á ndéanamh ag an nGrúpa Comhairleach Daonáirimh maidir le cén ceisteanna a dtástálfar sa suirbhé píolótach, tabharfar an méid a leanas san áireamh:
Torthaí an Chomhairliúcháin
Foilseofar tuarascáil maidir leis an suirbhé píolótach agus cinntí an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh ar shuíomh gréasáin an CSO i dtús na bliana 2019. Beidh ábhar deiridh an cheistneora do Dhaonáireamh 2021 faoi réir caoinchead an Rialtais.
Tabhair aire, le do thoil go mb’fhéidir go bhfoilseofar aighneachtaí ar www.cso.ie agus go bhfuil an cineál ábhair seo faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí ná an 3 Samhain 2017.
Conas aighneacht a dhéanamh
| Comhairliúchán 2021 |
| An Phríomh-Oifig Staidrimh |
| Campas Gnó Shoird |
| Bóthar Bhaile Anraí |
| Sord |
| Co Bhaile Átha Cliath K67 D2X4 |